Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
diultaithe-aris-ag-comhairle-cinneadh-a-dheanamh-faoi-chomhartha-datheangach-in-ainneoin-mhianta-an-phobail

Diúltaithe arís ag Comhairle cinneadh a dhéanamh faoi chomhartha dátheangach in ainneoin mhianta an phobail

| tuairisc | ,

Tá diúltaithe ag Comhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna, agus Craigavon cinneadh a dhéanamh maidir le hiarratas ar chomharthaíocht dhátheangach i nGairdíní Chois Coille i bPort an Dúnáin.

Bhíothas ag súil le cinneadh faoin iarratas an tseachtain seo agus ceist na comharthaíochta idir chamáin ag na comhairleoirí ag cruinniú comhairle. Ach, ní den chéad uair, diúltaíodh cinneadh a dhéanamh.

Ina áit sin aontaíodh ag an gcruinniú an cinneadh a chur siar go dtí an 11 Meán Fómhair le go bhféadfaí “breis eolais” a bhailiú maidir leis an iarratas agus le go dtabharfaí cuairt ar an láthair.

Thug an Chomhairle droim láimhe le hiarratas ar chomhartha sráide dátheangach san áit chéanna anuraidh, in ainneoin gur chomhlíon an t-iarratas na critéir go léir atá leagtha síos ag an gcomhairle féin.

Faoi pholasaí sráidainmneacha Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna, agus Craigavon, is gá go mbeadh achainí ar chomhartha dátheangach sínithe ag 33% de chónaitheoirí, mar a bhí i gcás iarratas na bliana seo caite agus iarratas na bliana seo.

Ina dhiaidh sin is gá go mbeadh tacaíocht ag an iarratas ó 66% de dhaoine ar chlár toghthóirí na sráide agus glactar leis mura dtugann cónaitheoir freagra ar shuirbhé poist go bhfuil an duine sin in éadan an iarratais.

Cuireadh an chéad achainí faoi bhráid na comhairle i mí Mheán Fómhair 2022 agus rinneadh an suirbhé poist i mí Eanáir 2023. Cuireadh an dara hachainí faoi bhráid na comhairle ar an 30 Deireadh Fómhair 2023 agus rinneadh an suirbhé poist i mí Mhárta na bliana seo.

D’fhreagair naonúr cónaitheoirí, 90% de chónaitheoirí Ghairdíní Chois Coille, an suirbhé poist agus thacaigh an uile dhuine acu leis an rún go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach in airde ar an tsráid. Bhí cinneadh le déanamh ag cruinniú na Comhairle i mí na Bealtaine ach ní dhearnadh a leithéid mar gheall ar “iarratas ó dhuine anaithnid” ar choinne le Ceann na Roinne Rialaithe Tógála le “plé a dhéanamh ar pholasaí sráidainmneacha na Comhairle”.

Chinn na comhairleoirí ag cruinniú mhí an Mheithimh glacadh le haighneachtaí breise scríofa agus aighneachtaí ó bhéal. Fuarthas na haighneachtaí sin ar an 9 Iúil, ag cruinniú ag a raibh ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus cónaitheoirí Ghairdíní Chois Coille i láthair. Vótáil na comhairleoirí in aghaidh an rúin go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach in airde ar an tsráid ag an gcruinniú céanna.

Tuairiscíodh ag an am go raibh na daoine a chuir aighneachtaí in aghaidh na comharthaíochta faoi bhráid na Comhairle ina gcónaí “idir míle agus naoi míle (1.6km agus 14.5km) ar shiúl ón tsráid féin”.

Ní mó ná sásta atá pobal na Gaeilge i bPort an Dúnáin faoin dóigh a bhfuil an Chomhairle ag déileáil leis na hiarratais. Dúirt Linda O’Neill, ar oibrí óige sa cheantar í, go bhfuil “pobal bríomhar bisiúil Gaeilge” i bPort an Dúnáin agus gur cuid den phobal sin a beirt pháistí.

“Bheadh ceadú an iarratais seo ina chéim shuntasach dhearfach chun cinn do mo pháistí agus neart páistí eile. Déanann sé normalú ar an teanga dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu, agus tugann sé deis do dhaoine nach raibh mórán de theagmháil nó taithí acu leis an Ghaeilge é seo a dhéanamh tríd ár dteanga agus ár gceantair chomhroinnte.

“Tá sé thar am don Chomhairle seo agus d’údaráis phoiblí eile beartais chothroma a thacaíonn le hinfheictheacht na teanga a chur i bhfeidhm,” a dúirt sí.

Mhaígh Comhordaitheoir Cearta Teanga Chonradh na Gaeilge, Cuisle Nic Liam, go bhfuil “ceann de na polasaithe sráidainmneacha is sriantaí ar fad” ag Comhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna, agus Craigavon ach go “gcuirtear ar leataobh” ar fad an polasaí céanna nuair a bhaineann an t-iarratas le cur chun cinn na Gaeilge.

“Níl aon cheist faoi mhianta na gcónaitheoirí sa chás seo. Ba cheart go ndéanfadh an chomhairle gach iarracht a bpolasaí féin a chomhlíonadh de réir na mianta seo atá curtha in iúl ag na cónaitheoirí féin. Bheadh ceadú an iarratais seo stairiúil [don Chomhairle] agus ina chéim ba cheart dúinn a cheiliúradh mar comhartha ar ré úr comhionannais sa cheantar.

“Ina áit sin, tá muid arís ag ceistiú an mbeidh an chomhairle seo in ann feidhmiú de réir a bpolasaí sráidainmneacha choíche agus caitheamh go cothrom le pobal na Gaeilge,” a dúirt sí.

Tá imeachtaí dlí in éadan na Comhairle maidir leis an gcéad diúltú fós os comhair na hArd-Chúirte agus Athbhreithniú Breithiúnach ar siúl.  64 cónaitheoir a chaith vóta ar son an iarratais sin agus triúr a vótáil ina éadan.

Dúirt Gavin Booth, ó Phoenix Law atá ag plé leis an gcás, go raibh cinneadh na Comhairle “ag teacht salach go hiomlán ar bharúlacha thromlach na gcónaitheoirí”.

Dúirt Daniel Holder, stiúrthóir ar an eagraíocht neamhrialtasach an Coiste um Riar agus Ceart (CAJ), atá lonnaithe i mBéal Feirste, gur “sárú ar chearta daonna” a bhí sa chinneadh.

“Ba cheart go mbeadh deireadh curtha ag Comhaontú Aoine an Chéasta le polasaithe aonteangacha ‘Béarla amháin’ a chuireann cosc ar an Ghaeilge i spásanna poiblí agus ba cheart tús a bheith curtha le cur chuige atá bunaithe ar an éagsúlacht theangeolaíoch.

“Tugadh coimitmintí ar leith i gconarthaí éagsúla cearta daonna chun an Ghaeilge a chur chun cinn, coimitmintí maidir le logainmneacha agus comharthaíocht dhátheangach san áireamh, ach arís agus arís eile, cuireadh moill ar an chur i bhfeidhm,” a dúirt sé.

Pléifear ceist na comharthaíochta dátheangaí arís ag cruinniú speisialta de chuid na Comhairle ar an 11 Meán Fómhair.

Níos mó