Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
eacht-i-ndiaidh-eachta-ag-luimneach,-ach-is-iontach-dha-chontae-‘nua’-a-bheith-sa-chluiche-ceannais

Éacht i ndiaidh éachta ag Luimneach, ach is iontach dhá chontae ‘nua’ a bheith sa chluiche ceannais

| John Allen | ,

Is iontach go deo an choicís í seo don dá phainéal imreoirí agus a meitheal bainistíochta

Éacht i ndiaidh éachta ag Luimneach, ach is iontach dhá chontae ‘nua’ a bheith sa chluiche ceannais

Bhuel tá a fhios againn anois cé a bheidh sa gceanncheathrú an Domhnach seo chugainn agus cad é mar shlua a bheidh ag taisteal.

Comhghairdeas leis an dá fhoireann. Sna cluichí leathcheannais bhuaigh an Clár cluiche dhá leath ina rabhadar i bhfad níos fearr sa dara leath agus bhuaigh Corcaigh eipic cheart in aghaidh Luimnigh.

Is iontach go deo an choicís í seo don dá phainéal imreoirí agus a meitheal bainistíochta. Agus is iontach go bhfuil dhá chontae ‘nua’ san iomaíocht sa chluiche ceannais. Athimirt ar chraobh 2013 a bheidh againn agus ag a dheireadh beidh seaimpíní difriúla againn le haghaidh 2024.

Beidh mórán á scríobh an tseachtain seo chugainn faoin Chlár agus Corcaigh agus gach a mbaineann leis an gcluiche ceannais

Ach ná déanaimis dearmad ar na seaimpíní a bhí againn le ceithre bliana, Luimneach, agus an t-éacht i ndiaidh éachta atá déanta acu ó 2018 nuair a dhiúgadar an Soitheach Naofa den chéad uair ó 1973. Cad é mar churiarracht atá bainte amach ag na himreoirí sin mar fhoireann agus na gradaim phearsanta atá buaite acu. Iománaí na bliana Cian Lynch, fá dhó, an gradam céanna bronnta ar Dhiarmaid Byrnes agus Aaron Gillane ón gclub cáiliúil céanna, Tobar Phádraig, agus ar Gearóid Hegarty. Daichead a trí gradam All Star. Sé bhonn na Mumhan ag cuid maith de na himreoirí agus seacht gcinn ag Nicky Quaid, Declan Hannon, David Reidy agus Graeme Mulcahy a bhí ag imirt in 2013. Agus cúig bhonn chraobh na hÉireann ag formhór na n-imreoirí a d’imir sa chluiche iontach sin an Domhnach seo caite.

D’ardaíodar an iománaíocht chuig leibhéal nua in 2018. Is cuid lárnach den imirt ó 2018  a bheith fíochmhar i mbun teaicleála. Bhí eitic oibre nach raibh feicthe riamh san iománaíocht go dtí seo mar chuid lárnach den tslí inar imríodar. Bhíodar cróga, fearúil, sciliúil agus tomhaiste i ngach a ndearnadar. Ní raibh siad cloíte riamh.

Ach mar a scríobh mé an Satharn seo caite ní bhíonn in aon rud ach seal. Tá deireadh tagtha leis an ráig faoin gcúig nó ‘drive for five’ ach ní dóigh liom go bhfuil deireadh déanta ag an ngrúpa speisialta imreoirí seo fós.

Agus céard faoin gcontae eile, Cill Chainnigh, a d’fhág an stáitse náisiúnta an Satharn seo caite? Ag leath ama i gcoinne an Chláir bheifeá ag ceapadh go rabhadar ar a slí chuig an gcluiche ceannais don tríú bliain i ndiaidh a chéile. Ach nach minic an frása cloiste againn ‘bíonn an dá leath sa chluiche’. Bhuel seo an sampla is déanaí d’fhírinne an ráitis chéanna. Bhí a gcuid fuinnimh agus an struchtúr ídithe ag an am céanna, bhí i bhfad níos mó dúil sa bhua ag an gClár ná mar a bhí acusan sa chéad leath. Is deacair a rá cad tá i ndán don fhoireann agus don bhainistíocht. Níl Derek Lyng chun dhá dhosaen bliain (mar a rinne Brian Cody) a chaitheamh i ngeansaí an bhainisteora. Ní bheidh lucht leanúna na hiomána sa chontae sásta le mórán blianta eile gan Corn Mhic Cárthaigh. Sin í an tslat tomhas sa chontae sin. Beimid ag coimeád súil ar na meáin don chéad chor eile.

Mar a luaigh mé ag tosach an ailt, is am speisialta i saol aon imreoirí iománaíochta an choicís roimh an gcluiche ceannais.

Bíonn rudaí breise san aer an choicís seo — ticéid don chluiche… ticéid don dinnéar mór i ndiaidh an chluiche … culaith éadaigh oifigiúil don deireadh seachtaine speisialta seo .Is mór an bród  a bhaineann le bheith mar bhall den fhoireann is den ghrúpa oifigiúil.

Anseo i gCorcaigh is speisialta an rud é freisin an turas ar ais ar an Luan agus an fhoireann buacach, tá súil againn.

Ócáid speisialta freisin an turas ón stáisiún traenach ar an mbus leis an mbarr oscailte suas go dtí an Mall Theas agus Corn Mhic Cárthaigh mar aoi speisialta ag lonradh sa chlapsholas . Ach tá traidisiún eile a bhíodh mar chuid den deireadh seachtaine sin críochnaithe anois agus b’in é an turas ar an Máirt go grúdlann Beamish ar an Phríomhshráid Theas. Is iomaí scéal a insíodh ansin agus is mó amhrán a dúradh ann.

Dar ndóigh tá pleananna á ndéanamh sa Chlár freisin!

Ar ndóigh ní bheidh ann ach buaiteoir amháin. Tuilleadh faoi sin an Satharn seo chugainn.

Níos mó