Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
eiginnteacht-i-sam-i-ndiaidh-do-biden-eiri-as-an-ras-mor

Éiginnteacht i SAM i ndiaidh do Biden éirí as an rás mór

| Dáithí Anraí |

Michelle Nic Páidín

Tráth ba chóir do na Daonlathaithe a bheith ag géarú na maidí i rás an Tí Bháin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an páirtí á ligean chun siobarnaí de dheasca cheist na ceannaireachta.  

Dé Domhnaigh d’fhógair Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden nach mbeidh sé san iomaíocht a thuilleadh do thoghchán Uachtaránachta mhí na Samhna.

Dúirt Biden go ndearna sé an cinneadh ar mhaithe le leas a pháirtí agus ar mhaithe le muintir na tíre, agus cé go gcaithfear sin a mholadh, is cinnte gur tharraing sé na cosa maidir leis an chinneadh sin a ghlacadh.

Níl aon amhras ann ach go mbainfidh an páirtí Poblachtach leas as an éiginnteacht seo mar atá déanta go dtí seo acu le ceisteanna faoi aois agus sláinte Biden. Ba cheisteanna iad sin a ghríosaigh Biden chun an díospóireacht le ceannaire na bPoblachtach, Donald Trump, a thabhairt chun tosaigh sa chéad dul síos. Chuaigh an cinneadh sin chun a aibhleasa féin agus ba ghníomh é a thug, a mhór nó a bheag, a chinniúint féin mar cheannaire chun críche.

Tá go leor ceisteanna os comhair na nDaonlathaithe anois.

Tá síorghá le cinntí ciallmhara cliste a shasóidh formhór a lucht leanúna agus tabhairt faoi fheachtas éifeachtach go cinnte gásta.

Ar a imeacht ón rás, thug Biden a thacaíocht do Kamala Harris, an Leas-Uachtarán. Sin ráite, tá cuid den pháirtí Daonlathach ag iarraidh go mbeadh comórtas ann, rud a chuirfeadh siar go mór sa rás iad, ó thaobh ullmhúcháin agus ama de cá bith.

Is cinnte go bhfuil Trump, iarrthóir na bPoblachtach arís eile, lúcháireach faoin mhéid atá ag titim amach. Beidh sé den bharúil go bhfuil an rás rite agus nach bhfuil i bhfad ann go mbeidh sé ar ais arís ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Ach is é an bhuncheist ná an bhfuil an cumas in Kamala Harris an bua a fháil ar an Trumpach?

Dá n-éireodh léi, bheadh sí ar an chéad bhean ariamh le bheith ina hUachtarán ar SAM. Go dtí seo, tá ag éirí go maith léi i saol na polaitíochta, tá go leor bainte amach aici agus an-mheas léirithe ag Biden uirthi.

Tugadh le fios ar na mallaibh i suirbhé a rinne AP-NORC for Public Affairs Research go bhfuil 60% de na Daonlathaithe den bharúil go mbeadh sé ar a cumas aici jab maith a dhéanamh den Uachtaránacht. Bhí 20% den bharúil nach mbeadh sí ábalta an jab a dhéanamh agus bhí 20% den pháirtí idir dhá chomhairle fúithi, ag rá nach raibh a fhios acu go leor fúithi.

Tá próifíl ard ag an bhean chéanna, bhí sí glórach ar cheist an ghinmhillte, bhí sí i lár an aonaigh sa chonspóid a bhaineann le daoine a bheith ag teacht isteach sa tír go mídhleathach agus labhair sí amach ar son na mionlach agus na n-óg.

Tá cúlra thar a bheith suimúil aici, rud a rachaidh i bhfeidhm ar sciar mór den phobal. Bhí a tuismitheoirí gníomhach i bhfeachtas na gceart sibhialta agus sheasaigh siad an fód ar son cúiseanna go leor. Is cinnte go bhfuil macalla de chuid Martin Luther King le cluinstin sa tógail a fuair sí.

Eacnamaí as Iamáice a bhí ina hathair, Donald Harris, agus ba as an Ind Shayamala Gopolan, a máthair. B’eolaí í a bhí ag iarraidh leigheas a aimsiú ar an ailse brollaigh.

Is tachrán a bhí in Harris nuair a tugadh í ar a céad léirsiú. Bean óg chliste éirimúil a bhí inti de bharr a tógála agus a hintleacta agus rinne sí staidéar le bheith ina dlíodóir. D’fheidhmigh sí mar ionchúistheoir agus í den bharúil go raibh sé chomh tábhachtach céanna le bheith taobh istigh sa chóras lena athrú agus a bhí sé le bheith taobh amuigh den chóras i mbun feachtasaíochta.

Nuair a rinneadh Leas-Uachtarán dithe, thuig sí go raibh seans ann go dtiocfadh an lá a bheadh uirthi seasamh chun tosaigh.

Tá go leor ainmneacha eile á lua sna meáin a d’fhéadfadh dul sa rás, Gobharnóir California, Gavin Newsom, Gobharnóir Pennsylvania Josh Shapiro, Gobharnóir Michigan Gretchen Whitmer, i measc daoine eile.

Bíodh sin mar atá, a fhad agus an páirtí Daonlathach ag cíoradh cheist na n-iarrthóirí, tá Trump agus a pháirtí ag cur faobhar ar a bhfeachtas.

Níos mó