Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
eire-ag-suil-le-baisc-bhonn-as-paras

Éire ag súil le baisc bhonn as Páras

| tuairisc | , ,

Tá an fhoireann is mó riamh á seoladh go dtí na Cluichí Oilimpeacha i bPáras ag an tír seo agus an-dóchas ann go mbeidh an líon is mó riamh bonn leo ag teacht abhaile.

Le breis is 100 bliain 35 bonn atá buaite ag lúthchleasaithe na tíre seo ag na cluichí Oilimpeacha agus ag cluichí Londan in 2012 is fearr a chruthaigh an fhoireann nuair a thugadar sé bhonn abhaile.

Nuair a bheidh searmanas tosaithe na hoíche anocht ar an Seine thart, beidh foireann na tíre seo ag súil go gcuirfidh siad go mór leis an bhfáltas sin sna trí seachtaine comórtas atá amach rompu.

Bhuaigh foireann na hÉireann ceithre bhonn ag Cluichí Oilimpeacha 2020 i dTóiceo (in 2021), péire sa rámhaíocht agus péire sa dornálaíocht agus táthar ag súil go ndéanfaidh ár n-iomaitheoirí go maith arís i bPáras sna comórtais sin. Tá Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy ina rogha na coitiantachta sa scull [bád] éadrom-mheáchain. Tá an-seans ag Daire Lynch agus Phillip Doyle agus ag mná Chonamara, Aifric Keogh agus Fiona Murtagh sna báid bheirte.

Tá muinín go leor as Kellie Harrington, a bhfuil bonn óir aici ó Chluichí Oilimpeacha Thóiceo, sa gcomórtas dornálaíochta éadrom-mheáchain.

Beirt dhornálaithe eile a bhfuil gealladh fúthu iad Daina Moorehouse, a throidfidh sa ronnóg 50 cileagram agus Aoife O’Rourke, a bheidh sa rannóg 75 cileagram.

Meastar gur ag Rhys McClenaghan, a bhfuil dhá chraobh an domhain aige ar an gcapall corr, is fearr atá seans sa ghleacaíocht.

Ag snámh ar son na hÉireann i bPáras, beidh Daniel Wiffen, seaimpín an domhain faoi láthair san 800 méadar agus san 1500 méadar.

Tá a súil ar bhonn freisin ag foireann seóléimní na hÉireann, Shane Sweetnam, Daniel Coyle, Cian O’Connor, agus an marcach ionaid, Bertram Allen.

Táthar ag súil go mbeidh rath freisin ar ghalfairí na tíre seo sa bhFrainc – Rory McIlroy, Shane Lowry, Leona Maguire agus Stephanie Meadow.

Níor éirigh le haon lúthchleasaí as an tír seo bonn a thabhairt abhaile ó na cluichí Oilimpeacha le dhá bhliain déag, nuair a d’éirigh leis an siúlóir Rob Heffernan bonn cré-umha a fháil ag Cluichí Londan, ceithre bliana ina ndiaidh toisc gur baineadh an bonn óir den Rúiseach Sergey Kirdyapkin, de bharr tástáil drugaí.

An reathaí Sonia O’Sullivan a thug an chreach léi roimhe sin nuair a fuair sí bonn airgid sa rás 5000 méadar i Sydney sa mbliain 2000.

Tá plúr na n-iomaitheoirí againn i mbliana, Ciara Mageean agus Rhasidat Adeleke. Thug Ciara Mageean as Contae an Dúin bonn óir léi sa rás 1500 méadar ag Craobhchomórtas na hEorpa sa Róimh i mbliana ach cé go bhfuil traochadh beag uirthi ó shin tá seans éigin fós aici.

Bliain is fiche atá bean Thamhlachta, Rhasidat Adeleke agus tá sí i mbarr a maitheasa le tamall agus súil ag go leor go mbeidh sí ar an ardán nuair a bheidh boinn Oilimpeacha do rás an 400 méadar á roinnt.

Amárach a fheicfear lúthchleasaithe na tíre i mbun comhraic. Beidh Phillip Doyle agus Daire Lynch ag iomramh san babhtaí cáilithe agus Rhys McClenaghan ag iarraidh cáiliú don chapall corr. Beidh a gcéad chluiche ag foireann haca na tíre seo in aghaidh na Beilge agus beidh cluiche ceannais na bhfear sa rugbaí ar siúl sa Stade de France. Sa chomórtas rothaíochta is é Ryan Mullen a thabharfaidh faoin triail ama ar an rothar.

Amárach a bheidh foirne rámhaíochta na hÉireann ag tabhairt faoi na céaslaí, nuair a bheidh na seaimpíní Oilimpeacha Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy ag iomaíocht sna babhtaí bád beirte.

Beidh a gcéad bhabhtaí ag dornálaithe na tíre seo chomh maith. Beidh foireann seachtar an taobh rugair na mban ag imirt na Breataine agus na hAfraice Theas agus beidh mná an bhadmantain ag imirt sna babhtaí singile.

Beidh an snámhaí Mona McSharry ag iomaíocht sna babhtaí cáilithe 100 méadar sa snámh brollaigh.

Ar an Luan, beidh triúr eile ag snámh ar ár son ina mbabhtaí cáilithe, Daniel Wiffen, Ellen Walshe agus Danielle Hill. Na rámhaithe as Éirinn nár éirigh leo sna babhtaí cáilithe, beidh seans eile ar na maidí ag an gcuid is fearr acu sna repêchages d’fhonn áit a fháil sa gcomórtas ceannais.

Ar an Luan beag seo freisin a thabharfaidh foireann haca na hÉireann aghaidh ar an Astráil ina ngrúpa féin agus a bheidh seómharcaigh léimní na bhfear sa diallait. Tabharfaidh seachtar ban an rugair dúshlán na hAstráile agus beidh Liam Jegou san iomaíocht sa slalóm canú.

Níos mó