Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘fiorchara’-ag-an-ngaeltacht-agus-an-ghaeilge-e-eamon-o-cuiv 

‘Fíorchara’ ag an nGaeltacht agus an Ghaeilge é Éamon Ó Cuív 

Is “cailliúint mhór” é nach mbeidh “fíorchara” ag an Ghaeltacht agus an Ghaeilge, Éamon Ó Cuív, sa chéad Dáil eile.

Ó d’fhógair Ó Cuív inné go bhfuil sé ag éirí as an pholaitíocht, tá ardmholadh faighte aige as an obair atá déanta aige ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Mar Aire na Gaeltachta bhí sé freagrach as forbairt na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus as Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt isteach agus Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú.

Dúirt Dinny McGinley, iar-aire stáit Gaeltachta de chuid Fhine Gael, gur thug Ó Cuív “seirbhís an-fhada agus seirbhís an-mhaith” dá dháilcheantar féin agus ina chuid oibre mar Aire na Gaeltachta.

“Bhí muid sa Dáil le chéile ar feadh blianta fada agus bhí sé i gcónaí lándáiríre maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus am ar bith a raibh mise ag caint leis ariamh sa Dáil nó taobh amuigh den Dáil ní smaoineoimis riamh labhairt i dteanga ar bith ach an Ghaeilge.

 

“Bhí sé ina fhíor-aire agus ina fhíorchara ag an Ghaeilge. Tá oidhreacht fágtha ina dhiaidh aige de thairbhe gur thug sé Acht na Gaeilge isteach agus bhí sé ina cheannródaí ar aitheantas a fháil don Ghaeilge ag leibhéal na hEorpa. Sin oidhreacht mhór fhada a bhaineann leis an teanga.”

Fear é Ó Cuív a d’oibrigh “go díograiseach agus go dícheallach do phobal Chonamara” a dúirt McGinley.

“Comhghleacaí polaitíochta agus cara é agus ba mhaith liom gach ádh a ghuí ar Éamon agus a bhean chéile Áine agus ar a chlann agus go mbaine sé sult agus sochar as na blianta fada amach roimhe,” a dúirt McGinley.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur cailliúint mhór é “nach mbeidh Éamon Ó Cuív istigh sa Dáil mar ghníomhaire Gaeltachta sa chéad Dáil eile.

“Tá a lán lán eolais aige, a lán cur amach aige faoi na ceisteanna móra Gaeltachta agus bheadh sé deacair ar éinne an spás sin a líonadh ach tá súil againn go mbeidh Gaeilgeoirí eile ón nGaeltacht in ann dul i gcomharbacht air agus teacht ina dhiaidh agus an obair sin a dhéanamh chomh maith.

“Is féidir i gcónaí brath air ó thaobh an choiste de [Coiste Oireachtais na Gaeilge] agus ó thaobh na reachtaíochta Gaeilge de, bíonn sé in ann tacú le hábhair dhifriúla agus a thuairimí maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn agus aontaíonn muid go minic ar na ceisteanna seo. Ar shlí amháin is cara sa chúirt é in ainneoin go bhfuil sé i bpáirtí difriúil, tá an tuiscint sin aige,” a dúirt Ó Snodaigh.

Mhol an t-iarChoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin cur chuige Uí Cuív agus an saineolas a bhí aige i dtaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

“Bhí ocht mbliana caite i dTithe an Oireachtais aige faoin am gur ceapadh in Aire Stáit Gaeltachta é i 1997 agus chuala mé ráite faoi go raibh níos mó mioneolais aige faoin am sin ar na scéimeanna éagsúla a bhí faoi scáth na roinne sin ná mar a bhí ag státseirbhísigh na roinne féin.

“Is cosúil gur dhúirt Taoiseach na linne sin, Bertie Ahern, leis na hairí sinsearacha a cheap sé i Rialtas na bliana 2002, Éamon Ó Cuív san áireamh, gur mhian leis go nglacfadh siad ar fad ceannas ceart ar na ranna a bheadh faoina gcúram seachas géilleadh do chomhairle agus do threoir na státseirbhíse.

“Sílim go ndearna Ó Cuív é sin ina bhealach féin ach nach gá go ndearna mórán a tháinig ina dhiaidh an méid sin,” a dúirt Ó Cuirreáin.

Dúirt sé nach bhfuil a leithéid de pholaiteoir eile ann a bhfuil “an leibhéal céanna saineolais acu ar chúrsaí Gaeltachta agus teanga” is atá ag Éamon Ó Cuív.

“Is cailliúint mhór é dá bharr sin do Thithe an Oireachtais agus don dioscúrsa faoi chás na teanga ag am go bhfuil an cineál sin tuisceana ag teastáil níos mó ná riamh,” a dúirt Ó Cuirreáin.

Dúirt eagarthóir Tuairisc, Seán Tadhg Ó Gairbhí, go mbeadh bearna mhór le líonadh ag na meáin Ghaeilge chomh maith nuair a chríochnóidh seal fada Uí Chuív i nDáil Éireann.

“Níl aon dabht ach gurb é an polaiteoir is mó a d’fhág a lorg ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta lena linn. Fágfaidh a imeacht bearna mhór le líonadh ag na meáin Ghaeilge chomh maith mar is beag polaiteoir, má bhí éinne, a raibh an tuiscint chéanna acu ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Ní gá go n-aontófá leis i gcónaí ach bhí a mhachnamh déanta i gcónaí aige ar gach gné de cheist na teanga.

“Bhíodh na cáipéisí agus na polasaithe féin léite aige seachas a bheith ag brath ar an nóta beag eolais a d’ullmhódh státseirbhíseach dó. Go deimhin, an-seans gurb é a scríobh na cáipéisí agus na polasaithe.

“Maidir lena oidhreacht ag leibhéal polasaí, ba é a chuir cearta teanga I ndlí na hÉireann leis an Acht Teanga agus le bunú oifig an Choimisinéara Teanga agus ba é is mó b’údar leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Níor éirigh le gach gné den reachtaíocht teanga agus níl aon amhras ach nár éirigh le go leor den Straitéis ach d’fhéadfá cás a dhéanamh gur bhain cuid mhór de sin leis an teip iad a chur i bhfeidhm mar ba chóir.”

Níos mó