Tá múnla úr don oideachas lán-Ghaeilge molta i dtaighde nua a rinneadh don Roinn Oideachais, múnla a d’fhágfadh nach dtógfaí aonad Gaeilge feasta i scoileanna lán-Bhéarla.
De réir mholtaí an taighde, sa chás nach mbeadh Gaelcholáiste iomlán neamhspleách as an nua á bhunú, bhunófaí ‘Gaelcholáiste’ a bheadh á ‘óstáil’ ag scoil lán-Ghaeilge atá bunaithe cheana féin.
‘Gaelcholáiste X, scoil de chuid na hóstscoile lán-Ghaeilge’ an múnla nua a mholtar agus mínítear an méid sin leis an mbréagshampla ‘Gaelcholáiste Fhionnbarra, scoil de chuid Choláiste na Laoi’.
Bhunófaí ‘Gaelcholáiste X’ nuair a síltear nach bhfuil dóthain éilimh i gceantar go fóill ar Ghaelcholáiste.
Roinnfeadh an ‘Gaelcholáiste X’ acmhainní agus seirbhísí bainistíochta agus riaracháin áirithe leis an scoil a mbeadh sí faoina coimirce.
Ach dhéanfaí “féiniúlacht” an ‘Gaelcholáiste X’ a chur chun cinn agus bheadh plean cinnte ann ó thús, chomh maith le tacaíocht leanúnach, chun go mbainfeadh sí neamhspleáchas amach tar éis tamaill.
Bheadh a uimhir rolla féin ón Roinn Oideachais ag an ‘Gaelcholáiste X’ ó thús, bheadh ‘príomhoide tánaisteach’ i bhfeighil air agus méid áirithe baill foirne lonnaithe go buan ann.
Bheadh ar an Roinn Oideachais “sainchóiríocht bhuan” a chur ar fáil do ‘Ghaelcholáiste X’ ó uair a bhunaithe.
Deir údair an taighde go bhfuil sé “riachtanach” do “thodhchaí an tumoideachais” go ndéanfaí athshamhlú ar chóras na n-aonad atá i bhfeidhm ó 1986.
Rinneadh an taighde nua mar chuid den obair atá ar siúl ag an Roinn Oideachais ar pholasaí nua a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus d’fhéadfadh impleachtaí móra a bheith ag na moltaí atá ann don pholasaí sin.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, deirtear sa taighde nua go bhfuil ag teip ar mhúnla an aonaid Ghaeilge sa scoil Bhéarla agus nár chóir aon aonad nua dá leithéid a bhunú.
Ach is léir ó ráitis éagsúla atá déanta ag an Roinn Oideachais agus an tAire Oideachais Norma Foley le tamall anuas, go bhfuil an t-aonad Gaeilge sa scoil Bhéarla fós ina chuid lárnach dá bpolasaí.
Tá imní léirithe ag lucht an ghaeloideachais dá bharr go ndéanfaidh an Roinn neamhaird ar an moladh is suntasaí sa taighde – go gcuirfí deireadh le córas na n-aonad.
De réir thorthaí an taighde, a rinne lucht taighde ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan, i gcomhar le COGG, níl lucht na n-aonad Gaeilge féin “muiníneach” as an Roinn Oideachais i leith sholáthar an mhúnla tumoideachais iar-bhunscoile.
Maidir leis an múnla nua ‘Gaelcholáiste X’ d’fhéadfadh go mbeadh sé cosúil le múnla Ghaelcholáiste Dhún Dealgan a bunaíodh ina ‘scoil satailíte’ de chuid Choláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín anuraidh.
De réir mholtaí an taighde, chun an tumoideachas a neartú bheadh idir 11-22 uair an chloig teagaisc breise ag ‘Gaelcholáiste X’ ag brath ar líon na ndaltaí ann.
Chuirfí gach ábhar ar fáil trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na sraithe sóisearaí agus ag leibhéal na sraithe sinsearaí agus bheadh forbairt ghairmiúil leanúnach dírithe ar an tumoideachas ar fáil do na múinteoirí.
Dhéanfaí soláthar ar leith don ‘Ghaelcholáiste X’ i réimsí éagsúla amhail cúrsaí earcaíochta, leithdháileadh acmhainní, measúnú scoile, margaíocht, rannpháirtíocht an phobail, maoiniú caipitiúil agus cóiríocht.
Chaithfeadh an Roinn Oideachais a bheith an-soiléir faoin líon scoláirí ba ghá do bhunú ‘Ghaelcholáiste X’.
Deir údair an taighde gur den riachtanas é go mbeadh meastóireacht sheachtrach leanúnach ar siúl ar ‘Gaelcholáiste X’.
Deir na húdair, T.J. Ó Ceallaigh, Muiris Ó Laoire agus Máire Uí Chonghaile, go bhfuil sé den riachtanas “infheistíocht phráinneach” a dhéanamh san oideachas tosaigh múinteoirí agus ar fhorbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí chun cur lena n-inniúlacht i múineadh ábhar éagsúil trí Ghaeilge.
Bheadh tacaíocht ar fáil don ‘Ghaelcholáiste X’ chomh maith chun imeachtaí breise éagsúla a chur ar bun, ina measc campaí tumoideachais teanga nó campaí deireadh seachtaine sa Ghaeltacht.