Tá sé fógartha ag Joe Biden, Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, nach mbeidh sé ag seasamh don dara téarma.
Dúirt Biden i litir chuig muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá, gur chinn sé éirí as an rás agus díriú ar an tréimhse atá fágtha mar uachtarán aige mar gurb é sin an rud is mó a dhéanfadh leas a pháirtí agus a thíre.
Thug Biden a thacaíocht do Kamala Harris, a leasuachtarán, lena áit a thógáil mar iarrthóir na nDaonlathach.
Tréimhse an-chinniúnach agus an-éiginnte a bheidh ann ó thaobh na polaitíochta i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus cinneadh le déanamh cé a thabharfaidh aghaidh ar Donald Trump.
Agus beannacht Biden aici, d’fhéadfadh na Daonlathaigh aontú anois gurb í Kamala Harris an duine is fearr a thabharfadh dúshlán Trump agus tacú léi, nó d’fhéadfadh comórtas a bheith ann, rud atá a mholadh ag daoine áirithe sa pháirtí.
Agus gan ach ceithre mhí fágtha go dtí lá na vótála, bhí Biden faoi bhrú mór éirí as an rás le tamall. Bhí daoine sinsearacha ina pháirtí buartha nach raibh sé ábalta don chúram agus go raibh sé róshean agus rólag an ceann is fearr a fháil ar Trump.
Mhéadaigh go mór ar an mbrú sin i ndiaidh na díospóireachta teilifíse idir Biden agus Donald Trump an mhí seo caite. Tubaiste amach is amach a bhí sa díospóireacht uachtaránachta sin agus tosaíodh an chaint láithreach faoi iarrthóir nua a fháil don Pháirtí Daonlathach.
Dúirt Biden gur “pribhléid mhór a shaoil” é a bheith ina uachtarán.
Dúirt go mbeadh a thuilleadh le rá aige faoina chinneadh éirí as an toghchán an tseachtain seo chugainn.
Tá Joe Biden i gceartlár shaol na polaitíochta i Meiriceá le leathchéad bliain. Bhí ina sheanadóir agus ina leasuachtarán bhain sé buaic an Tí Bháin amach ar a thríú hiarracht in 2020.
77 bliain d’aois a bhí sé an uair sin agus é ar an Uachtarán is sine riamh a toghadh i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Thug Biden iarracht ar ainmniúchán a pháirtí roimhe sin i 1988 agus in 2008.
Roghnaíodh ina dhiaidh sin é mar chomhiarrthóir leis an Uachtarán Barack Obama.
De bhunadh na hÉireann é Biden ó thaobh a athar is a mháthar.