Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
luc-sur-mer,-cath-sword,-agus-comoradh-d-day

Luc-Sur-Mer, Cath Sword, agus Comóradh D-Day

Rinne mé féin a fhothragadh sa Mhuir nIocht le deireanas. Gidh go raibh druga beag san fharraige féin, shílfeá gurbh é parthas nó sciathán de é baile beag Luc-Sur-Mer, atá neadaithe os cionn Caen ag Bá na Séine. 

Bhí lá sceithe an rois ann agus bhí glór na dtonn á mheascadh le binneas na Fraincise, faí na bhfaoileog agus clingeadh na gclog fán bhaile bheag lámh linn. Síothlaíodh gach imní agus gach buairt as m’intinn le slaparnach na sáile agus ar ball beag bhí mé spréite faoi shuan ar bharr na dtonn. 

Monuar, ní buan gach ní a chaitear agus le búir bhladhrach m’atharsa scriosadh an tsíocháin. Smiotadh a ladhar mhór ar chloch faoi cheilt i gcúr na rollóg ba chosúil, an taisme is dual dó agus é i mbun lapadaíola. Uascán ceart! Bhfuil stainnín ar bith de chuid Dinny Keown i gcóngar? (Más eolach sibh ar an ábhar.) 

D’fhág mise mo mháthair ag friotháileamh ar an othar agus thug mé aghaidh ar cheann na trá agus mo dheartháir Oisín sna sála orm, ní nárbh ionadh. Ag tógáil fána na trá dom, thug mé faoi deara cúpla comhartha crochta os a cionn. ‘Sword’ a bhí le léamh ar an chomhartha ba mhó acu. 

Grianghraf: Ceann de na comharthaí ar Thrá Sword. (Criedmheas: Normandy Gite)

Chas mé thart láithreach bonn agus bhain mé lán mo shúl as an réimse trá seo ag síneadh soir os mo chomhair. D’fhabhraigh i mo cheann na céadta fear ag ionsaí na malacha aniar agus gach uaill uafáis astu le pléascadh na ndumhacha thart orthu. Dealraíodh dom gunadóirí de chuid na Gearmáine ar bharr na mbeann ag déanamh criathair de gach mac máthar a raibh sé de dhánacht aige dul i mbéal spairne leo. 

Nochtadh dom íochtar na trá ina cosair chró le dramhaltach na gcorp agus an fharraige ina maistreadh fola le marbháin agus feoil. Shamhlaigh mé an spéir ina gleann toite ag lámhach na n-eitleán, agus iad ag coscairt a chéile le fíochmhaireacht an chomhraic thuas fá ghlinntí na spéire. Ba mhíofar an radharc é, fiú más cumadóireacht cuid de, ach measaim gur ag teacht i ndeas don fhírinne atá mé. 

Bhí ‘Trá Sword’ mar pháirt de thrí achar theacht i dtír de chuid na bhfórsaí Angla-Ceanadach le linn D-Day (Oibríocht Overlord an códainm a tugadh ar an ionsaí) agus bhí sé ar an chliathán ab fhaide soir d’ionsaí na gComhghuaillithe ar an lá iomráiteach seo. Bhí ról lárnach ag muirshaighdiúirí na Fraince san ionradh agus iad faoi cheannasaíocht an Cheannfoirt Philippe Kieffer (creid é nó ná creid, níor ghlac ach thart ar dhá chéad saighdiúir coise de chuid na Fraince páirt in Oibríocht Overlord). 

Grianghraf: Luc-Sur-Mer, an Fhrainc. (Creidmheas: Robin Inizan)

Ba é an Ginearál John Crocker a bhí i gceannas ar na fórsaí uilig ag Sword agus ba mhór an dúshlán a bhí os a chomhair. Bhí seilbh ag rannán de chuid na Gearmáine (a bhí faoi dhualgas an chiumhais trá seo a chosaint ar na Comhghuaillithe) ar 500 meaisínghunna san iomlán, chomh maith le 50 moirtéar agus moll mór gunnaí eile de gach sórt. 

Dhá uair roimh an ionsaí amfaibiach tugadh aer-ruathar ar chosaint na nGearmánach chomh maith le bombardú cabhlaigh. Macasamhail mar a rinneadh ar na tránna Gold agus Juno, rinne innealtóirí an fharraige a ghlanadh de smionagair agus d’éadáil le haghaidh bealaí chun na trá a chruthú chun rith cladaigh a fhágáil ag na hárthaí. Thug 25 thanc aghaidh ar an trá ar dtús báire agus ba mhór an t-ádh a bhí orthu óir dóbair gur cailleadh iad leis an tsruth. Tháinig na coisí ina ndiaidh agus a luaithe agus a leag siad cos ar scaineagán na Fraince bhí rois piléar agus moirtéar á gcreachadh ar gach taobh. 

Gidh go raibh deacrachtaí ag na Comhghuaillithe an trá a ardú ar dtús báire (a bhuí leis an taoille a bhí ag líonadh, gan trácht ar an tslad é féin), ba é an bombardú agus an dochar a rinne na tancanna ar líne chosanta na Gearmáine a chuidigh leofa sa deireadh. Ba ghreannmhar go raibh an píobaire Bill Millin ag seinm ar an trá le linn na spairne faoi ordú an Tiarna Lovat, rud a thug uchtach agus spreagadh dá chomrádaithe calma. Tháinig drandán na bpíob aniar aduaidh go mór sin ar na Gearmánaigh gur chosc siad á lámhach ar feadh cúpla soicind chun súil a chaitheamh ar an phíobaire. 

Sa deireadh thiar thall bhí an lámh in uachtar ag na Comhghuaillithe agus rug siad an báire leofa nuair a dhíbir siad na Gearmánaigh as gach baile agus poll fá chiumhais na mara idir Ouisterham agus Langrune-Sur-Mer. Ar ndóigh bhí na Gearmánaigh go hiomlán trína chéile i ndiadh an ionsaithe agus ba bheag an seasamh a thug siad taobh amuigh de chúpla naoscaire nuair a thosaigh na Comhghuaillithe ag máirseáil i dtreo Caen. Sa deireadh ní bhfuair ach 600 fear de chuid na gComhghuaillithe bás ag Trá Sword (is beag sin i bhfarradh le Omaha ina bhfuair thart ar 2500 bás). Ní fíos cá mhéad a fuair bás ar thaobh na Naitsithe. 

Grianghraf: Seat ón aer de Luc-Sur-Mer, an Fhrainc. (Creidmheas: Robin Inizan)

Ag imeacht liom i mbéal mo chinn fá bhaile beag Luc-Sur-Mur chonaic mé brat Cheanada, brat na Fraince, brat na Breataine, agus brat na Stát Aontaithe crochta i ngach boulangerie, gach tabac, agus as beagnach gach foirgneamh ar an tsráid agus sur la place, agus b’amhlaidh seo fá gach baile ar fud na Normainne (agus cé a bheadh na ndiaidh agus comóradh 80 bliain ann i mbliana). 

Sin ráite is é mo bharúil féin go raibh brat amháin in easbhaidh. Is é sin ar ndóigh brat An Aontais Shóivéadaigh. Ná ligimis i ndearmad gurbh é an tAontas Sóivéadach a chaill 24 milliún san iomlán le linn an chogaidh. Déan comparáid idir sin agus an Fhrainc (567,000), an Bhreatain (450,000), Ceanada (45,000), agus na Stáit Aontaithe (418,000).

Is mór an trua go bhfuil oirthear na hEorpa ina chíor thuathail arís le cogadh agus glacaim leis gurbh é sin an fáth nár tugadh cuireadh don Rúis a bheith i láthair ag an chomóradh 80 bliain i mbliana (cé go mbeinn féin amhrasach fá dhuine nó beirt eile a bhí i láthair agus ardfhimíneacht ar bun). Is é plé agus comhrá a bheireas an cogadh sin chun críche, agus feictear dom agus mé ag camadh liom fríd chúlsráideanna Luc-Sur-Mer gur ligeadh deis iontach le sruth. 

The post Luc-Sur-Mer, Cath Sword, agus Comóradh D-Day appeared first on NÓS.

Níos mó