Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
“muna-rabhamar-ann-bhiomar-ag-smaoineamh-ar-an-encampment…”:-43-oiche-ag-campail-ar-son-na-palaistine

“Muna rabhamar ann bhíomar ag smaoineamh ar an encampment…”: 43 oíche ag campáil ar son na Palaistíne

Cuid lárnach de UCC is ea an Quad, plásóg dea-bhearrtha féir i lár an champais. Láthair stairiúil agus suntasach is ea é, go háirithe d’éinne a d’fhreastail ar an gcoláiste nó a mhair riamh sa chóngar. Ar an 14 Bealtaine 2024 ghlac grúpa mac léinn le tinteanna seilbh ar an Quad chun léirsiú a dhéanamh ar son na Palaistíne. 

Ba iad seo an grúpa UCC BDS (University College Cork Boycott Divestment and Sanctions). Is grúpa iad a tháinig le chéile ar mhaithe leis an léirsiú seo a chur ar bun i bhfoirm gabhála is seilbhe go príomha. An aidhm a bhí acu ná go ndéanfadh UCC gníomhaíochtaí éifeachtacha a chur i gcrích chun deireadh a chur le haon infheistíocht nó nascanna le páirtnéirí taighde atá ag tacú leis an gcinedhíothú sa Phalaistín.

Bhí ar na campálaithe fanacht ar an láthair go ceann 44 lá chun an sprioc sin a bhaint amach. Mac léinn dochtúireachta atá ag dul don bhitheolaíocht, Ciara Gavin, a labhair liom faoin ngluaiseacht agus táim faoi chomaoin aici as formhór an ábhair san alt seo.

Ag teacht le chéile

Dar le Ciara, bhí faoiseamh intinne ann do na mic léinn a tháinig le chéile sa léirsiú. Mhothaigh cuid acu go raibh siad ag dul as a meabhair mar bhí an cinedhíothú ag goilleadh orthusan níos mó ná ar na daoine ina dtimpeall. Nuair a tháinig na mic léinn éagsúla seo le chéile, dearbhaíodh an réalachas uafásach dóibh go bhfuil an sléacht sa Phalaistín díreach chomh dian agus mídhaonna is a cheapadar. 

I rith na sé seachtaine a chaith na mic léinn seo ag léirsiú, bhíodar in ann éisteacht agus tacú lena chéile, agus a ndlúthpháirtíocht dá chéile agus don Phalaistín a chur in iúl go raidiceach. Mhúscail sé seo dóchas iontu. É sin ráite, bhí a n-aistear dian go mothúchánach agus go fisiciúil chomh maith.

“Chuir an encampment stop le mo shaol pearsanta… táim i mo mhac léinn PhD mar is eol duit agus bhíos fós ag obair sa lab ach ní raibh mé ag déanamh mo chuid oibre ar an gcaighdeán is fearr… muna rabhamar ann bhíomar ag smaoineamh ar an encampment.”

Grianghraf: An Quad i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Na Léirsithe

An gníomh ba mhó a dhein UCC BDS ná seilbh a ghlacadh ar an Quad, agus dheineadar léirsithe eile le cur le cumhacht na teachtaireachta. Dhoirteadar péint ar dhealbh de George Boole, líonadar an campas le comharthaí agus manaí le linn chéimniú lucht leighis, chuireadar brat na Palaistíne in airde in ionad an bhrait ghlais. 

Le linn na heachtra ba chorraithí a thit amach, ghaibh na Gardaí beirt ghníomhaithe lasmuigh de Dhánlann Glucksman nuair a thug Mícheál Martin, an tAire Gnóthaí Eachtracha, cuairt ar chomhdháil ann ar an 17 Meitheamh 2024. Léirsiú suaimhneach le manaí agus comharthaí aríst a bhí ar bun. 

Tabharfar duine den bheirt ghníomhaithe sin chun na cúirte an samhradh seo, agus tugadh rabhadh oifigiúil don duine eile. 

Freagra na hOllscoile

Gné eile den scéal ná an tslí gur phléigh an ollscoil, an Garda Síochána agus Aonad an Oird Phoiblí le muintir UCC BDS. Bhí fadhbanna éagsúla ag lucht slándála na hollscoile leo. Fiú próiseas na hidirbheartaíochta féin, ní raibh sé éasca.

“Bhí siad borb san idirbheartaíocht… bhí sé ana-dheacair labhairt leo. Bhí a lán burnout sa champa i ndiaidh na hidirbheartaíochta, bhí siad chomh drochmheastúil sin.”

Mar thoradh ar an idirbheartaíocht seo, ofráladh margadh don UCC BDS ar an 29 Bealtaine 2024. Nuair a dhiúltaigh siad an margadh, chuir riarachán na hollscoile cúig litir déag chucu. Bhí a gcéad ainmneacha in úsáid orthu seo agus ní raibh a fhios acu conas a fuair an ollscoil an t-eolas seo fúthu. D’impigh an ollscoil orthu glacadh leis an margadh sna litreacha seo. 

Ghlac Aontas na Mac Léinn leis cé nár ghlac UCC BDS leis. Bhí an céimniú leighis ag teannadh leo ag an bpointe seo agus theastaigh ó riarachán na hollscoile (agus b’fhéidir ó Aontas na Mac Léinn) go mbeadh UCC BDS imithe ón Quad in am ionas go mbeadh na mic léinn a bhí ag céimniú in ann pictiúir deasa a fháil.

Nuair a dhiúltaigh an grúpa an margadh, chuir riarachán UCC deireadh leis an idirbheartaíocht. Níor tosnaíodh ar an idirbheartaíocht arís go dtí i ndiaidh an 17 Meitheamh 2024 nuair a tharla an léirsiú sin lasmuigh de Dhánlann Glucksman. D’fhan UCC BDS le margadh níos uaillmhianaí a bhí dílis don chur chuige baghcait, dífheistithe agus smachtbhannaí. Ar an 26 Meitheamh 2024 a tháinig an margadh sin, glacadh leis, agus dúnadh an campa an lá ina dhiaidh.

Grianghraf: An dealbh de George Boole a ndoirteadh péint air.

Iarmhairtí na ngeallúintí

An bua ba mhó a bhí sa dara margadh ná go ndéanfaí coiste a bhunú a chruthódh Creatlach Eitice agus Cearta Daonna sealadach do UCC. Go dtí sin bhí idirbheartaitheoirí UCC ag maíomh go raibh an chreatlach sin á forbairt, agus nár ghá a bheith buartha fé pháirtnéirí taighde le hollscoileanna de chuid Iosrael nó le comhlachtaí a thugann tacaíocht d’Iosrael. 

I ndáiríre thógfadh sé bliain nó dhó go mbeadh an chreatlach seo scríofa. Sin í an chúis gur bua chomh mór sin é an coiste seo a chruthóidh creatlach sealadach a chur ar bun, agus páirtnéirí taighde agus infheistíochta faoi bhrú marcála agus ullamh do scrúdú. Beidh mic léinn agus baill foirne ar an gcoiste seo. 

“Bhí an-díomá orm leis an gcoláiste agus na rudaí a bhí an coláiste ag iarraidh a dhéanamh. Don chuid is mó ní raibh orthu ach an méid is lú a dhéanamh. Muna bhfuil an fhoireann agus mic léinn in ann a bheith ag féachaint ar cad atá siad ag déanamh, ní dhéanfaidh siad aon rud.”

Amach anseo tabharfaidh an UCC BDS aghaidh ar bhrú a chur ar UCC an margadh a chur i bhfeidhm, stocaireacht a dhéanamh ar Chumann na nOllscoileanna Éireannacha (Irish Universities Association) faoi thograí cosúil le Horizon Europe, agus nascanna a bhriseadh lena bpáirtnéirí taighde agus infheistíochta a thacaíonn le hIosrael. 

Ní ina n-aonar a sheasann UCC BDS. Tá grúpa BDS i mbeagnach gach ollscoil in Éirinn. Sheas pobal Chorcaí agus an Feachtas Dlúthpháirtíochta idir Corcaigh agus an Phalaistín (Cork Palestine Solidarity Campaign) leo. Ní ligfear leis an bhfís ná leis an dóchas. Is ann don ghealas i lár na léithe, agus tá rian an champa UCC BDS fós le feiscint ar fhéar glas an Quad.


Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar UCC BDS agus eolas faoi nascanna UCC le comhlachtaí faoi amhras anseo.

Is ag Feargal Downey agus Conor McGreevey atá cóipcheart na n-íomhánna a úsáideadh san alt seo.

The post “Muna rabhamar ann bhíomar ag smaoineamh ar an encampment…”: 43 oíche ag campáil ar son na Palaistíne appeared first on NÓS.

Níos mó