Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
na-spainnigh-lan-fuinnimh-ach-an-taithi-ag-an-bhfrainc

Na Spáinnigh lán fuinnimh ach an taithí ag an bhFrainc

Imreofar an chéad chluiche leathcheannais ag EURO 2024 anocht nuair a thabharfaidh an Fhrainc agus an Spáinn aghaidh ar a chéile

Na Spáinnigh lán fuinnimh ach an taithí ag an bhFrainc

Casfaidh an fhoireann is fearr sa chomórtas go dtí seo ar an gceann a bhfuil daoine bréan de bheith ag breathnú orthu i München anocht agus an Spáinn agus an Fhrainc ag imirt i gcoinne a chéile sa chéad chluiche leathcheannais ag EURO 2024.

Tháinig na Spáinnigh slán ó chluiche taitneamhach i gcoinne na Gearmáine sna babhtaí ceathrú ceannais nuair a thug cúl Mikel Moreno sa nóiméad deireanach d’am breise an bua dóibh, 2-1.

Bhí Niko Williams agus Yamine Lamal ar fheabhas arís don Spáinn agus is beag nár íoc an bainisteoir Luis de la Fuente go daor as an gcinneadh an bheirt a bhaint den pháirc sa dara leath den chluiche.

Níl ach ceithre chúl san iomlán scóráilte sna cúig chluiche a d’imir an Fhrainc go dtí seo sa Ghearmáin. Ciceanna éirice a bhí i bpéire acu siúd, ceann a scóráil an Fhrainc agus ceann eile a ghéill siad, agus cúil tuathail a bhí sa phéire eile.

Nuair a chuirtear san áireamh caighdeán na n-imreoirí a bhí ar an bpáirc, bhí an cluiche idir an Fhrainc agus an Phortaingéil sna babhtaí ceathrú ceannais ar cheann de na cluichí ba mheasa a bhí againn go dtí seo sa chomórtas.

Is ar éigean a chruthaigh na foirne deis mhaith ar bith sa chluiche agus an Fhrainc ag brath go mór ar an ngearradh a thug Ousmane Dembélé dóibh nuair a tugadh isteach mar ionadaí é sa dara leath.

Ní dheachaigh Kylian Mbappé i bhfeidhm ar an gcluiche ar chor ar bith agus ba léir go raibh a shrón, a briseadh sa chéad chluiche ag an bhFrainc, fós ag cur as go mór dó agus é bainte den pháirc san am breise.

Beidh na Francaigh ag súil nach mbeidh an phian ag cur isteach chomh mór céanna air anocht, go háirithe nuair atá fadhbanna dá gcuid féin ag an Spáinn,

Beidh ar Luis de la Fuente taobh na láimhe deise den chosaint a athrú go hiomlán agus an cosantóir láir Robin Le Normand agus an lánchúlaí Dani Carvajal ar fionraí.

Tiocfaidh Nacho Fernandez isteach sa lár agus d’fhéadfaí Jesus Navas a fheiceáil ar thaobh na láimhe deise. Tá Navas 38 bliain d’aois, áfach, agus nuair nach bhfaighidh sé an oiread sin cúnaimh ó Yamine Lamal ar an gcliathán céanna, d’fhéadfadh Navas a bheith fágtha gan chosaint i gcoinne Mbappé. Rogha eile atá ag an Spáinn ná Marc Cucurella a bhogadh trasna ón gcliathán clé.

Beidh athrú eile de dhíth i lár na páirce agus Pedri gortaithe ach bhí Dani Olmo ar fheabhas nuair a tháinig sé isteach i gcoinne na Gearmáine agus níor chóir go gcuirfeadh an t-athrú sin isteach rómhór ar na Spáinnigh.

Beidh Adrien Rabiot ar fáil anocht don Fhrainc tar éis dó an cluiche i gcoinne na Portaingéile a chailliúint agus d’fhéadfadh Deschamps é a chaitheamh isteach arís chun an imirt idir an chosaint agus na tosaithe a nascadh le chéile.

Shamhlófá nach gcuirfidh sé isteach beag ná mór ar Deschamps má bhíonn cluiche na hoíche anocht chomh dona céanna is a bhí cinn eile na Fraince go dtí seo sa chomórtas chomh fada is go n-éiríonn leo teacht slán.

Is ag na Spáinnigh atá an fuinneamh, an chruthaitheacht agus an gearradh ach is ag an bhFrainc atá an taithí agus go minic ag na mórchomórtais, is í sin is tábhachtaí.

Níos mó