Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘nil-aon-dualgas-ann-go-mbeadh-gaeilge-ag-stiurthoiri-na-scoileanna-ar-bhoird-oideachais’-–-an-taire-oideachais

‘Níl aon dualgas ann go mbeadh Gaeilge ag stiúrthóirí na scoileanna ar bhoird oideachais’ – An tAire Oideachais

| Tuairisc.ie | ,

Ní raibh aon riachtanas teanga luaite le folúntas do Stiúrthóir nua na Scoileanna ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin in ainneoin go mbeadh an té a cheapfaí ag plé le scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

‘Níl aon dualgas ann go mbeadh Gaeilge ag stiúrthóirí na scoileanna ar bhoird oideachais’ – An tAire Oideachais

Tá ráite go neamhbhalbh ag an Aire Oideachais nach bhfuil aon riachtanas reachtúil nó eile ann go mbeadh Gaeilge ag Stiúrthóir na Scoileanna ag bord oideachais agus oiliúna.

Beidh Boird Oideachais éagsúla os comhair coiste Oireachtais inniu le plé a dhéanamh ar an “bunriachtanas” atá ann go mbeadh Gaeilge líofa ag stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna a dtagann scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge faoina gcúram.

Ach chomh fada is a bhaineann sé leis an Aire Oideachais Norma Foley, ní ann d’aon riachtanas dá leithéid.

I bhfreagra gonta a thug sí ar cheist Dála ó Mhairéad Farrell, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, dúirt an tAire Foley nach gá do Stiúrthóir na Scoileanna líofacht sa Ghaeilge a bheith acu.

“Níl aon riachtanas ann faoi shonraíochtaí an phoist, agus níl aon riachtanas reachtúil ann, go mbeadh Gaeilge líofa ag Stiúrthóir na Scoileanna ag Bord Oideachais agus Oiliúna [ETB],” a dúirt an tAire i mBéarla.

Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin,  cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, nach ndéanfadh sé ciall duine gan Gaeilge a cheapadh mar stiúrthóir i gceantar ina bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ag feidhmiú.

“In ainneoin go n-aithníonn an Comhchoiste nach bhfuil ceanglas dlíthiúil ar na Boird Oideachais agus Oiliúna Stiúrthóirí a cheapadh a bhfuil Gaeilge agus Béarla líofa acu, aithníonn an Comhchoiste gur bunriachtanas é go mbeadh Gaeilge agus Béarla líofa acu, agus nach bhfuil ciall ag baint le haon cheapachán a d’fhágfadh go mbeadh Stiúrthóirí gan Gaeilge agus Béarla líofa acu ag feidhmiú i gceantar ina bhfuil an t-oideachas trí Ghaeilge ar fáil ann,” a dúirt Ó Snodaigh.

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly cheana gur ábhar imní agus buartha é go bhfuil daoine nach bhfuil Gaeilge acu á gceapadh i bpostanna sinsearacha a bhfuil cúraimí maidir le cúrsaí teanga agus Gaeltachta ag dul leo.

Dúirt Connolly gur baineadh stangadh aisti nuair a chuala sí tuairisc go ndúradh le príomhoidí in iarbhunscoileanna Gaeltachta i nGaillimh go bhféadfadh siad a gcuid plé le Stiúrthóir nua na Scoileanna ar Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin a dhéanamh i mBéarla toisc go raibh Béarla acu ar fad agus nach raibh Gaeilge ag an stiúrthóir nua.

Dúirt príomhoide Ghairmscoil Éinne in Inis Mór, Micheál Ó Cúláin, le RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh súil aige nach gcuirfí dualgas air féin ná ar aon scoil Ghaeltachta eile aon chuid dá gcuid oibre a dhéanamh trí Bhéarla.

Beidh ionadaithe ó SEALBHÚ, ionad taighde teangeolaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i láthair ag seisiún eile de chuid an choiste oireachtais tráthnóna chun tuairimí a roinnt faoin éileamh atá ar an ngaeloideachas agus teip an stáit an t-éileamh sin a shásamh.

Níos mó