Tá ollbhua faighte ag Páirtí an Lucht Oibre in olltoghchán na Breataine agus scrios déanta ar na Tóraithe.
De réir na pobalbhreithe díreach i ndiaidh na vótála, 410 suíochán a bheidh ag Páirtí an Lucht Oibre, an dara móramh is mó riamh acu. Más cruinn an phobalbhreith móramh 170 a bheidh ag Keir Starmer agus é i 10 Sráid Downing, beagáinín taobh thiar den mhóramh 179 suíochán a ghnóthaigh Tony Blair in 1997.
De réir na pobalbhreithe, 131 suíochán a bheidh ag Tóraithe Rishi Sunak, 241 suíochán níos lú ná mar a bhí ag an bpáirtí in 2019 agus an toradh is measa a bhí acu ó na 1830idí nuair a bhí Robert Peel i gceannas orthu.
Deineadh scrios chomh maith ar an SNP in Albain agus 38 suíochán caillte acu de réir na pobalbhreithe.
61 suíochán atá á thuar do na Daonlathaithe Liobrálacha, agus an chuma ar an scéal go bhféadfadh an toradh is fearr le thart ar chéad bliain a bheith acu.
De réir na pobalbhreithe díreach i ndiaidh na vótála, tá dul chun cinn déanta ag an bpáirtí Reform UK, an Brexit Party tráth, ó chuaigh Nigel Farage i gceannas orthu agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil ag éirí leo teacht i dtír ar mhíshásamh daoine faoi cheist na hinimirce agus ceisteanna eile.
Líon na suíochán
(de réir na pobalbhreithe díreach i ndiaidh na vótála)
Páirtí an Lucht Oibre: 410 (+209)
An Páirtí Caomhach: 131 (-241)
Na Daonlathaithe Liobrálacha: 61 (-53)
SNP: 10 (-38)
Reform UK: 13 (+13)
Plaid Cymru: 4 (+1)
Na Glasaigh: 2 (+1)
Dúirt Keir Starmer inniu gur “ré nua an dóchais agus na ndeiseanna a bhí ann”.
“Is iontach an náisiún é seo, a bhfuil mianach gan teorainn inti. Tá sé ag dul do mhuintir na Breataine rialtas a bheith acu atá inchurtha lena n-uaillmhian. Inniu an deis tosú ag obair ar an mBreatain a atógáil le Páirtí an Lucht Oibre.”
Agus daoine ag dul ag vótáil, dúirt Starmer go mbeadh díocas chun oibre ar an rialtas nua agus gheall sé go gcuirfeadh sé siar an sos parlaiminte chun tús a chur lena chlár reachtaíochta a chur I gcrích.
Dúirt Starmer go raibh sé ráite aige lena fhoireann cheana nach maithfí dóibh é mura mbeadh rath ar a gcuid oibre láithreach.
Tagann an borradh seo faoi vóta an Lucht Oibre tar éis ceithre bliana déag a bheith caite ag na Caomhaigh i mbun rialtais, blianta a raibh céasadh ag baint leo de bharr na déine, cúrsaí eacnamaíochta a bhí támáilte go maith agus scannail éagsúla a chuir cora coise go leor i lucht údaráis.
Blianta an-suaite ab ea an tréimhse sin idir neamhspleáchas na hAlban, reifrinn faoin mBreatimeacht, paindéim Covid-19, an cogadh san Úcráin agus cíor thuathail go leor ó thaobh na polaitíochta de, aighnis a d’fhág gur ceapadh cúigear príomh-airí i Sráid Downing laistigh d’ocht mbliana.