Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
reiteach-de-dhith-ar-cheist-phrainneach-na-hollturasoireachta

Réiteach de dhíth ar cheist phráinneach na hollturasóireachta

| Dáithí Anraí |

Michelle Nic Pháidín

Léirigh muintir Barcelona nach mó ná sásta atá siad leis an ollturasóireacht sa chathair nuair a d’ionsaigh siad cuairteoirí le gunnaí uisce i gceantar Las Ramblas ar na mallaibh.

D’eagraigh Assemblea de Barris Pel Decreixement Turístic an agóid agus  tuariscíodh go raibh roinnt mílte duine páirteach ann. Dúirt urlabhraí ar son an ghrúpa agóide go bhfuil muintir an cheantair ag fulaingt de bharr líon na dturasóirí atá ag tarraingt ar an áit.

Ó bhí an phaindéim ann, tháinig méadú ollmhór ar líon na ndaoine a théann ar saoire go Barcelona. Léiríonn figiúirí gur fhan 23 mhillúin duine thar oíche sa chathair in 2023 – líon millteanach daoine nuair a chuireann tú san áireamh nach bhfuil de dhaonra ag an chathair ach 1.62 milliún.

Tháinig méadú 68% ar chostas cíosa sa chathair le deich mbliana anuas agus tháinig méadú 38% ar luach na dtithe chomh maith.

Tá sé ráite ag Méara Barcelona, Jaume Collboni, go mbeifear ag cur cosc ar áiteanna ar nós AirBnBs faoi mhí na Samhna 2028.

D’athraigh an phandéim meon na ndaoine ar go leor dóigheanna ach i mBarcelona chonaic daoine an oiread agus atáthar ag brath ar thionscal na turasóireachta le linn an ama sin. Dhruid óstáin, brúnna, tithe tábhairne agus bialanna agus thug daoine fá deara go raibh eacanamaíocht na cathrach leochailleach de bharr gur ar thionscal amháin a bhí siad ag brath.

Is cinnte go mbeifear ag plé dóigheanna le tionscail úra a mhealladh chun na háite agus go mbeidh siad fadradharcach faoin ábhar agus go mbeidh pleanáil chúramach á déanamh acu ionas go ndéanfar an cinneadh ceart a bheas le sásadh mhuintir na háite.  

Dúirt duine acu seo a bhí i mbun agóide le Reuters go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh an chathair ag feidhmiú do na chónaitheoirí agus nach mbeadh Barcelona ina cathair a chuireann seirbhisí ar fáil do chuairteoirí amháin.

Ní Barcelona an t-aon áit ar dhroim na cruinne ina bhfuil na daoine atá ina gcónaí ann ag fulaingt de bharr thionchar na turasóireachta: Mallorca, Amstardam, Hanoi Vítneam agus go leor, leor áiteanna eile.

Tuigtear go bhfuil airgead le déanamh as an turasóireacht ach caithfear an cheist a chur – cén praghas atá leis an tionscal sin daofa seo nach bhfuil ag gnóthú as?

Agus fiú má tá daoine ag saothrú as, arbh fhearr leo a gcathair féin a bheith acu agus a bheith ag obair i dtionscal inteacht eile? Ní faoi na turasóirí atá sé an cheist sin a fhreagairt, is faoi mhuintir na gcathracha féin atá sé le freagairt agus an ceart iomlán sin acu.

Samhlaigh go mbeadh d’áit chónaí féin plódaithe le cuairteoirí. Caithfear a bheith airdeallach faoina leithéid nó cuireann cuairteoirí brú ar sheirbhísí áitiúla – bíonn brú ar uisce, ar an chóras séarachais agus go leor seirbhísí eile.

Tá go leor cúiseanna go bhfuil ceantracha turasóireachta faoi bhrú – tá daonra an domhain ag dul i méid, tuigeann daoine an luach atá le taisteal i ndiaidh na paindéime agus tógann daoine i bhfad níos mó laethanta saoire nó mar a thóg siad timpeall scór bliain ó shin. Tá daoine ann chomh maith atá ábalta oibriú as áit ar bith ar domhan de bharr an idirlín agus mar sin tá siad ag malartú áite go minic.

Is maith an rud an taisteal, ach níl aon amhras anois gur gá a bheith coinsiasaí faoi.

Sin ráite, is faoi údaráis áitiúla atá sé pleanáil dá leithéid. Tá go leor cathracha ag cur cáin bhreise ar chuairteoirí atá ag teacht chun na háite ach an é sin freagra na ceiste? Ní shílimse é.

Ba chóir do na húdaráis súil a choinneáil ar an dóigh a bhfuiltear ag cur lóistín ar fáil do chuairteoirí. Tá óstáin tógtha le leapacha a chur ar fáil do thurasóirí ach tá éileamh mór ar Airbnbanna anois.

Tá an dearcadh ann gur chóir cosc nó srian a chur le Airbnb ach feicimse nach mbeadh sé ceart ná cóir seo a dhéanamh agus an brabús uilig a thabhairt do lucht na n-óstán mór. Caithfear cothromaíocht i gcónaí a bheith ann i ngach réimse den saol le go mbeadh cothrom na féinne ann do chách.

Anuas air sin, tá mise den dearcadh gur chóir tús áite a thabhairt do mhuintir na háite ó thaobh talaimh agus ceannacht tithe de. Baineann sé seo le ceist teanga agus cultúr chomh maith, nó má théann luach na dtithe in airde ní bhíonn muintir na háite ábalta cónaí ina n-áit féin a thuilleadh. Bíonn an baol ann dá réir go ndéanfar marfach ar theangacha, ar nósanna agus ar chultúr thart timpeall an domhain. Tá seo níos tábhachtaí fós in áiteanna a bhfuil teangacha i mbaol.

Tá sé riachtanach go mbeadh údaráis agus rialtais ag gníomhú sa treo ceart i dtaca leis an cheist phráinneach seo agus ag cur reachtaíocht i bhfeidhm.

Níos mó