Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
“shark-fitbit”-ina-shainghleas-ceannrodaioch-i-dtaighde-ar-liamhain-ghreine

“Shark FitBit” ina shainghléas ceannródaíoch i dtaighde ar liamháin ghréine

Foilsíodh taighde a rinne Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar liamháin ghréine in Éirinn le déanaí. Togra comhoibritheach a bhí ann i gcomhar le Coastal Oregon Marine Experiment Station (COMES), Ollscoil Stát Oregon, chomh maith le Togra Liamháin Ghréine na hÉireann.

Léirigh gléas, a bhfuil foireann an togra ag tabhairt “Shark FitBit” air agus a d’fheistigh na taighdeoirí ar liamhán gréine baineann i gContae Chiarraí, na chéad sonraí cinnte de fhreagairt liamhán gréine i ndiaidh do bhád ceann a bhualadh.

Tá ar a laghad 35 speiceas siorcanna éagsúla a dhéanann imirce go huiscí chósta thiar na hÉireann idir mí Aibreáin agus mí Lúnasa gach. Thug an fhoireann taighdeoirí, Nick Payne, Alexandra McInturf agus Taylor Chapple ina measc, faoin togra seo chun sonraí tábhachtacha a bhailiú ar iompraíocht agus fiseolaíocht an speicis.

Grianghraf: Siorc lena bhéal ar oscailt. (Creidmheas: Mile Ribeiro)

Dúirt Nick Payne, Ollamh Cúnta i Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath: “Tá Éire fós ar cheann de na haon áiteanna ar fud an domhain ina mbíonn líon mór liamháin ghréine atá i mbaol fós ag teacht le chéile, agus is iontach an rud é gur tugadh cosaint oifigiúil dóibh faoin Acht um Fhiadhúlra (1976) in 2022. 

“Ina theannta sin, i mbliana, d’fhógair rialtas na hÉireann an chéad Pháirc Náisiúnta na Mara in Éirinn amach ó Chontae Chiarraí, láthair a mbíonn an speiceas ag beathú ann go séasúrach agus – is dócha – ag pórú.”

Tugtar “ceamara ainmhí-iompartha agus aonad tomhais támhúil” ar an “FitBit” a feistíodh ar an liamhán gréine bhaineann sa taighde seo. Sé uair tar éis dóibh scaoileadh leis an ainmhí, áfach, bhuail bád í  ó Chiarraí i bPáirc Náisiúnta na Mara amach. 

De réir na sonraí a fuarthas ón ghléas, shnámh an siorc go grinneall na farraige láithreach agus ar aghaidh léi go huiscí níos doimhne. D’aithin na heolaithe gur tháinig laghdú ar leibhéal gníomhaíochta, agus nuair a tháinig deireadh le comhartha ar bith ón ghléas, ní raibh an fhoireann cinnte ar mharaigh cneácha an tsiorca faoi dheireadh í.

Labhair Nicki Payne faoin eachtra seo: “Ós rud é gur buaileadh siorc ar ar chuir muid “FitBit”’ sa cheantar seo taobh istigh de chúpla uair an chloig, léiríonn sé a leochailí is atá siad agus leagann sé béim ar an ngá atá le níos mó oideachais maidir le maolú a dhéanamh ar bhuillí báid den sórt sin. Déanann liamháin ghréine beatha a scagadh ag an dromchla, mar a dhéanann roinnt míolta móra, agus dá bhrí sin, bíonn siad i mbaol buillí.”

Grianghraf: Siorc san fharraige. (Creidmheas: Jeremy Bishop)

D’ainneoin an drochscéala, dúirt Alexandra McInturf, Comhlach Taighde le COMES agus Comhordaitheoir Thogra Liamháin Ghréine na hÉireann, gur deis í seo taighde ar an teagmháil idir lucht na farraige in Éirinn le liamháin ghréine a chur chun cinn.

Mhínigh sí, “Tugann an eachtra seo le fios go bhfuil i bhfad níos mó taighde ag teastáil maidir le coitiantacht na mbuillí loinge ar liamháin ghréine i bPáirc Náisiúnta nua na Mara agus i bpríomhlimistéir eile ar chósta na hÉireann.

Cé go bhfuil an gléas seo in úsáid acu anois, ní féidir ráta báis cruinn a thomhas de bhrí go dtéann na siorcanna faoi uisce go grinneall na farraige nuair a mharaítear iad. B’in pointe ar dhírigh Taylor Chapple air i ndiaidh na heachtra.

Dúirt Taylor, Ollamh Cúnta le Coastal Oregon Marine Experiment Station (COMES), Ollscoil Stát Oregon agus an príomhúdar: “Murab ionann agus míolta móra, is minic a théann liamháin ghréine go tóin poill nuair a mharaítear iad, mar sin, tá sé an-deacair rátaí báis a thomhas agus fiú sa chás seo, nuair nár mharaigh an buille an siorc ar an bpointe boise, nílimid cinnte faoin deireadh a bhí ag an liamhán gréine a buaileadh.

“Is ábhar imní ar fud an domhain í an chomhréim atá ag na siorcanna, na míolta móra agus gníomhaíochtaí beatha agus muirí, agus fiú nuair nach mbíonn na buillí marfach, d’fhéadfadh iarmhairtí suntasacha gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a bheith ag na buillí neamh-mharfacha freisin. Bíonn tábhacht níos mó fós leo sin nuair a athraíonn siad iompar na speiceas atá i mbaol, speicis a bhfuilimid ag déanamh iarracht mór iad a chosaint.”

Grianghraf: Siorc. (Creidmheas: Laura College)

Foilsíodh an taighde san iris Frontiers in Marine Science, agus leagadh amach ann an gá atá le cód iompair bádóireachta atá ceangailteach ó thaobh an dlí de. Moltar go mbeadh cumhacht fhorfheidhmithe ag na húdaráis chuí i dtaca leis an chód iompair seo.

Idir an dá linn, moltar do bhádóirí gan dul níos gasta ná 6 mhuirmhíle in aon áit ar eol dúinn a mbíonn liamháin ghréine agus siorcanna eile ag teacht go barr uisce. Cuirtear béim ar leith ar lá socra san earrach agus sa tsamhradh. 

Cionn is go bhfuil Éire gar don scairbh ilchríochach i gcomparáid leis an chuid eile den Eoraip, is oiriúnaí na huiscí torthúla seo don tséasúr cúplála ná áiteanna eile. Is cuid ríthábhachtach den éiceachóras iad na siorcanna a thagann go hÉirinn, chomh maith leis na planctóin a mheallann iad. Léirigh meas ar an éiceachóras agus léirigh meas ar na liamháin ghréine!

The post “Shark FitBit” ina shainghléas ceannródaíoch i dtaighde ar liamháin ghréine appeared first on NÓS.

Níos mó