Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘solas-ghrian-an-dochais’-ag-taitneamh-ar-an-mbreatain-–-keir-starmer,-priomh-aire-nua-na-breataine

‘Solas ghrian an dóchais’ ag taitneamh ar an mBreatain – Keir Starmer, príomh-aire nua na Breataine

Tá “solas ghrian an dóchais” ag taitneamh ar an mBreatain, a deir Keir Starmer, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, agus ollbhua faighte ag a pháirtí i dtoghchán Westminster.

Dúirt Starmer gur “ré na hathbheochana náisiúnta” a bhí roimh an Bhreatain agus go dtosódh Páirtí an Lucht Oibre láithreach ar an obair “atógála” a bhí ag teastáil, obair nach mbeadh “éasca”.

Gheall Príomh-Aire nua na Breataine go gcinnteodh sé go gcuirfeadh daoine muinín arís sa pholaitíocht agus go mbunódh sé rialtas a thabharfadh “seirbhís” don phobal.

Dúirt sé gurb ionann cloí na dTóraithe san olltoghchán agus “ualach” a bheith bainte ar deireadh i ndiaidh 14 bliain.

“Rófhada atáimid dall ar na milliúin duine atá á slogadh ag an éiginnteacht,” arsa Starmer.

“Ba mhaith liomsa a rá go soiléir leis na daoine sin, ní tharlóidh sé an uair seo.”

“Ní athróidh tú tír mar a bhuailfeá lasc. Áit níos míshocra an domhan anois. Tógfaidh sé tamall orainn, ach ná bíodh aon amhras oraibh, luífimid isteach láithreach ar chúrsaí a athrú.”

Agus 648 den 650 suíochán líonta, 412 suíochán a bhí Páirtí an Lucht Oibre, agus an dara móramh is mó riamh acu, 170 suíochán, beagáinín taobh thiar den mhóramh 179 suíochán a ghnóthaigh Tony Blair i 1997.

Keir Starmer an chéad phríomhaire eile ar an mBreatain

121 suíochán a bhí ag Tóraithe Rishi Sunak, 251 suíochán níos lú ná mar a bhí ag an bpáirtí in 2019 agus an toradh is measa a bhí acu ó na 1830idí nuair a bhí Robert Peel i gceannas orthu.

Laghdú 20 pointe céatadáin a tháinig ar vóta na gCaomhach agus gan acu ach 24% agus chaill piardaí móra de chuid an pháirtí a suíocháin, leithéidí Liz Truss, Jacob Rees-Mogg, Penny Mordaunt, agus Grant Shapps.

Nuair a d’éirigh Rishi Sunak as mar phríomh-aire dúirt sé go mbeadh sé ag éirí as mar cheannaire an pháirtí go luath chomh maith.

“Tá fearg agus díomá oraibh agus tá cluas éisteachta tugtha agam daoibh, glacaim freagracht as an gcailliúint seo,” arsa Sunak.

Deineadh scrios chomh maith ar Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba, an SNP agus 37 suíochán caillte acu de réir na pobalbhreithe. I dtaobh le naoi suíochán atá an SNP anois agus 36 suíochán a bhuaigh Páirtí an Lucht Oibre in Albain.

Bhí Reform UK sa tríú háit ó thaobh chéatadán na vótaí agus 14% is ceithre shuíochán acu. Tá an chuma ar an scéal gur éirigh le páirtí Nigel Farage, a bhuaigh suíochán é féin, rud nár éirigh leis a dhéanamh seacht n-uaire roimhe seo, teacht i dtír ar mhíshásamh daoine faoi cheist na hinimirce agus ceisteanna eile.

12% den vóta a bhí ag na Daonlathaithe Liobrálacha ach d’éirigh leo 71 suíochán a bhuachan, an toradh is fearr acu le thart ar chéad bliain agus 61 suíochán níos mó acu ná mar a bhí in 2019.

34% de na vótaí a fuair Páirtí an Lucht Oibre san olltoghchán. Ní raibh an céatadán sin ach ábhairín beag níos mó ná an vóta a fuair siad in 2019 ach bua rábach a bhí acu an babhta seo agus móramh 170 suíochán acu, beagáinín taobh thiar den mhóramh 179 suíochán a ghnóthaigh Tony Blair i 1997.

Tagann an borradh seo faoi vóta an Lucht Oibre tar éis ceithre bliana déag a bheith caite ag na Caomhaigh i mbun rialtais, blianta a raibh céasadh ag baint leo de bharr na déine, cúrsaí eacnamaíochta a bhí támáilte go maith agus scannail éagsúla a chuir cora coise go leor i lucht údaráis.

Blianta an-suaite ab ea an tréimhse sin idir neamhspleáchas na hAlban, reifrinn faoin mBreatimeacht, paindéim Covid-19, an cogadh san Úcráin agus cíor thuathail go leor ó thaobh na polaitíochta de, aighnis a d’fhág gur ceapadh cúigear príomh-airí i Sráid Downing laistigh d’ocht mbliana.

Níos mó