Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘sop-in-ait-na-scuaibe’-iad-cumhachtai-tithiochta-nua-udaras-na-gaeltachta

‘Sop in áit na scuaibe’ iad cumhachtaí tithíochta nua Údarás na Gaeltachta

| tuairisc | ,

Tá cumhachtaí i leith cúrsaí tithíochta luaite sa bhille nua atá á thabhairt isteach chun toghchán Údarás na Gaeltachta a chur ar bun arís

‘Sop in áit na scuaibe’ iad cumhachtaí tithíochta nua Údarás na Gaeltachta

‘Sop in áit na scuaibe’ atá tugtha ag lucht feachtais agus an freasúra ar na cumhachtaí nua i dtaobh cúrsaí tithíochta atá le tabhairt ag an Rialtas d’Údarás na Gaeltachta.

Tá cumhachtaí i leith cúrsaí tithíochta luaite sa bhille nua atá á thabhairt isteach chun toghchán Údarás na Gaeltachta a chur ar bun arís.

Deir An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta talamh a dhíol, nó a thabhairt ar lámh ar shlí eile, le comhlacht tithíochta ceadaithe nó le húdarás tithíochta ar mhaithe le tithíocht a sholáthar sa Ghaeltacht.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin agus cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge gur “mór an trua” é go bhfuil “neamhaird” déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne, “ar mhórchuid na moltaí” a rinne an coiste sin le dóibh réamhscrúdú a dhéanamh ar an reachtaíocht.

“Beidh deis againn an Bille a leasú ag Céim an Choiste san fhómhar, agus déanfaidh Sinn Féin cinnte leasuithe a chur chun cinn maidir le feidhmeanna an Údaráis ó thaobh na tithíochta de agus maidir leis na fadhbanna go léir eile nach bhfuil réitithe nuair atá an deis againn ag an gcéim sin,” arsa Aengus Ó Snodaigh.

Cumhachtaí i leith cúrsaí tithíochta á dtabhairt d’Údarás na Gaeltachta i mbille nua

Níl Bánú, an grúpa feachtais a bunaíodh chun stocaireacht a dhéanamh faoin ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht, sásta ach oireadh leis an mbille nua fhoilsithe. Deir Bánú gur “cúis mhór díomá” é nár thapaigh an rialtas an deis “cumhacht cheart tithíochta” a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta sa bhille nua a chuirfear faoi bhráid na Dála an tseachtain seo.

“Níl sa leasú atá molta ag an rialtas ach an sob in áit na scuaibe mar nach dtugann sé cead don Údarás dul i ngleic le fadhb an tsoláthair tithíochta sa nGaeltacht do chainteoirí Gaeilge.

“Ina áit sin tugann sé cead don Udarás talamh a thabhairt ar lámha do na comhairlí contae nó  do Chomhlachtaí Tithíochta Ceadaithe, gan aon cheangail orthu go gcaithfí a chinntiú gur cainteoirí Gaeilge a bheadh sna tithe a thógfaí ar thalamh an Údaráis,” a deir Bánú.

Tá an brúghrúpa ag achainí ar Aire Stáit na Gaeltachta an bille a leasú chun ceadú d’Údarás na Gaeltachta a bheith “níos gníomhaí maidir le soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht”.

Tá Bánú ag iarraidh go mbeadh sé soiléir sa “reachtaíocht” go mbeadh cead ag an Údarás “talamh feiliúnach do thithíocht a cheannach sa nGaeltacht agus seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil, díreach mar a dhéanann an tÚdarás faoi láthair i gcás na tionsclaíochta”.

Tá sé fógartha ag Údarás na Gaeltachta go bhfuiltear ag obair ar phlean chun tithíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge ar thalamh an Údaráis sa Rinn i bPort Láirge, ar an gCeathrú Rua i gConamara agus i nGaoth Dobhair i nDún na nGall.

Meastar go dtabharfaidh an tÚdarás do na húdaráis áitiúla na suíomhanna atá roghnaithe sna ceantair sin chun tabhairt faoin bhforbairt.

Níos mó