Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-dochas-sa-dolas,-ce-nach-bhfeiceann-muid-i-gconai-e

Tá dóchas sa dolas, cé nach bhfeiceann muid i gcónaí é

| conor torboid | , ,

A leithéid de dheich mbliana go dtí seo, agus níl muid leath bealaigh fríothú fiú. Paindéim, dianghlasálacha, éirí amach 6 Eanáir, an léigear tubaisteach atá á dheanamh ag Iosrael ar an Phalaistín, agus anois, iarracht feallmharaithe ar iarUachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump.

In 2010, shíl mise go raibh teacht i réim an cheoil damhsa leictreonaigh ar an rud ba shuntasaí gurbh fhéidir tarlú i measc na n-eachtraí a tharlóidh i rith an chuid eile den chéad seo. Tagann ciall le haois ach tá soineanacht ionainn ar fad ón uair a bheirtear muid. Soineanacht gan truailliú. 

Deirtear go raibh na 1990idí lán dóchais. Bhí na scannáin ar na scannáin is fearr a rinneadh riamh, stíl faisin chorr ar bhealach amháin agus simplí, réchúiseach ar bhealach eile. Deireadh an chéid a bhí ann — níos fearr arís, deireadh na mílaoise a bhí ann. Seachas an fabht Y2K agus an scaoll a tháinig ar Bill Clinton dá bharr, bhí daoine ar fud na cruinne ag súil leis an todhchaí. Carranna ar eitilt, holagraim, Éire aontaithe; ba láidir na cúiseanna a bhí acu.

B’in na 2010eanna a las an splanc dóchais sin ionam. Tháinig polasaithe agus dlíthe chun cinn a thug cearta sibhialta do dhaoine a bhí faoi chois. Mhothaigh tú go raibh dóchas le fáil sa cheol é féin (ní raibh mé ag magadh thuas). Thángthas ar leigheasanna ríthábhachtacha ar ghalair mharfacha. Thaisteal Voyager 1 lasmuigh den ghrianchóras in 2012, an chéad spásárthach riamh lena dhéanamh.

Grianghraf: Voyager 1 (Creidmheas: NASA)

Cuireadh Laverne Cox ar chlúdach na hirise TIME in 2014. Aisteoir trasinscneach ag plé cúrsaí an phobail LADT+ — an T go háirithe — i gceann de na hrisí is mó léamh ar domhan. Ansin, tháinig 2016, agus le toghadh Donald Trump, gríosaíodh na biogóidí a bhí ag iarraidh an fhorbairt ar fad a scriosadh. Deich mbliana i ndiaidh eagrán TIME Laverne Cox, an síleann tú, a léitheoir, go mbeadh iris nó branda sásta spotsolas a chur ar dhuine mór le rá trasinscneach agus an ‘cheist thrasinscneach’ i mbéal an phobail? Chonacthas an freagra cáidheach a thug daoine ar Bud Light le linn a chomhpháirtíochta le Dylan Mulvaney.

Nuair a bhuail an phaindéim in 2020 agus shíl daoine go mbeadh coicís bhreá saor ón obair acu, seans go raibh dóchas na 2010eanna le mothú go fóill. Ach nuair a cuireadh leis sin, agus cuireadh leis arís, agus arís, d’éirigh roinnt daoine dúdóite. Tháinig lionn dubh ar chuid daoine, chaill cuid eile a dteach, agus bhásaigh na mílte i rith na ndianghlasálacha mar gheall ar COVID agus ar chúiseanna eile nach é.

Le 2021 tháinig éirí amach sna Stáit Aontaithe: gríosú lucht tacaíochta Donald Trump ag teacht go cnámh na huillinne. Tá an gríosú céanna anois le feiceáil anseo in Éirinn agus thar lear. Daoine ag scriosadh a gceantair dhúchais in áit fáilte a chur roimh agus tearmann a thairiscint do theifigh. Tháinig ardú samhnasach ar ionsaithe ar imircigh agus ar mhná. Rinneadh taighde in 2013 a léirigh go ndearn 44% den daonra thrasinscneach in Éirinn dochar dóibh féin. In 2024, tá ardú 28% tagtha ar an fhigiúr sin. Sin ceart, 72% den daonra thrasinscneach in Éirinn a rinne féindochar dóibh féin.

Grianghraf: Mórshiúl Bróid in Madrid.

Gan trácht a dhéanamh ar an mhéadú suntasach ar líon na ndaoine gan dídean, tithe ina luí follamh go dtiocfaidh na tiarnaí talún ar thionónta atá sásta an cíos dochreidte a íoc, tá cuid teaghlach ag streachailt bia maith sláintiúil a chur ar an tábla agus a gcuid páistí a choinneáil te i rith an gheimhridh. 

Tá go leor fadhbanna againn sa bhaile ach ní stopanna na fadhbanna ag leac an dorais ach oiread. Agus na meáin shóisialta lán le híomhánna agus físeáin de Gaza agus na daoine bochta atá á marú ag Iosrael, mothaíonn a lán daoine nach bhfuil cumhacht acu — nach dtiocfaidh deireadh leis an olc.

Le bheith go hiomlán ionraic, a léitheoir, mothaím féin mar sin. Is éasca sin a rá agus mé slán ó bhuamaí Iosrael agus foscadh agam le linn na hoíche. Nuair a bhreathnaím ar chúrsaí reatha agus ar staid an domhain fá láthair, áfach, ní mhothaím an dóchas a raibh riamh aithne agam air. Mothaím go bhfuil an domhan míchothrom, mothaím go bhfuil an oiread sin oilc ann nach féidir neamhaird a dhéanamh ar na mothúcháin sin.

Le linn na n-oícheanta sin, agus mé i mo luí agus na mothúcháin sin do mo chéasadh, meabhraím ar na fáthanna a tógadh an pholaitíocht ar eitic phearsanta cibé polaiteoir in áit mhaitheas an phobail mhóir. Na fáthanna a ndéantar díospóireacht ar ar cheart dúinn foscadh a thabhairt do dhaoine gan dídean, ar cheart dúinn stop a chur leis an slad sa Phalaistín, ar cheart dúinn ligint do dhaoine trasinscneacha a saol a chaitheamh go hoscailte, in ionad cén dóigh a ndéanann muid sin.

Ní seo an chéad chéad, nó an chéad deich mbliana, ar tharla rudaí uafásacha ann i stair an domhain. Mar a dúirt Samuel Clemens (as Béarla), “Ní dhéanann an stair athrá uirthi féin, ach is minic a bhíonn rím léi.” Sin a choinníonn ag dul mé. Nuair a mhothaím an t-éadóchas sin, cuimhním go dtiocfaidh athrú ar an scéal am éigin. Cuimhním go bhfuil cumhacht againn, muintir an phobail, rudaí a athrú. Is féidir linn an rím sin a athscríobh.

Tá an luascadán ag luascadh ó chlé go deas agus ar ais ó thús ama, agus cé go bhfuil sé ag luascadh i dtreo ar leith anois, tiocfaidh sé an bealach eile faoi dheireadh. Agus leis, tiocfaidh dóchas.

The post Tá dóchas sa dolas, cé nach bhfeiceann muid i gcónaí é appeared first on NÓS.

Níos mó