Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ta-na-ceadta-daoine-ag-leamh-scott-pilgrim-as-gaeilge

Tá na céadta daoine ag léamh Scott Pilgrim as Gaeilge

Tá an tsraith úrscéalta grafacha Scott Pilgrim, ar bunaíodh an scannán ‘Scott Pilgrim vs. The World’ (2010) air, á foilsiú ag an chuideachta foilsitheoireachta, Gliadar. Cuideachta a chuireann “na leabhair is spleodraí” ar fáil í Gliadar ina bhfuil foireann dhíograiseach ag obair chun úrscéalta comhaimseartha a fhoilsiú trí mheán na Gaeilge.

Is sraith trí leabhar í Scott Pilgrim ina mbuaileann an fhantasaíocht, an grá, an greann agus an dráma le chéile. Scott Pilgrim is ainm don phríomhcharachtar, “fear óg leibideach” a bhfuil cónaí air in Toronto, Ceanada. Saol breá atá aige lena chailín, Knives Chau, go dtí go dtagann Ramona Flowers, bean nach fios cé hí, chuige ina chuid brionglóidí. Cé nach bhfuil aithne ag Scott uirthi, éiríonn leis bualadh léi agus lastar splanc eatarthu.

Pictiúr: Leathanaigh ó ‘Scott Pilgrim’. (Creidmheas: Gliadar)

Is éigean dó Knives a chur ar leataobh chun croí Ramona a bhuachan. Níl Ramona gan fhadhbanna ach oiread óir tá iar-leannáin dá cuid in éad le Scott agus déanann siad a ndícheall caidreamh na beirte a mhilleadh. Trí chath agus cogadh amháin a bhainfidh Scott croí Ramona anois.

Foilsíodh na chéad imleabhair sa tsraith in 2004 le Bryan Lee O’Malley, a scríobh agus a dhear an na húrscéalta. D’éirigh leis an tsraith cultas bunaithe a ghnóthú idir 2004 agus 2010, agus bhí 1 milliún cóip i gcló faoin bhliain chéanna. Stiúir Edgar Wright an scannán mór le rá ‘Scott Pilgrim vs. The World’, a bunaíodh ar an tsraith úrscéalta agus a cuireadh amach in 2010.

Ghlac Michael Cera (Scott), Ellen Wong (Knives) agus Mary Elizabeth Winstead (Ramona) na príomhpáirteanna sa scannán. Rinne an cóiriú scannáin ar na leabhair clú Scott Pilgrim a mhéadú ar fud an domhain agus tháinig na haisteoirí ar ais in 2023 lena nglór a thabhairt don chlár anime ‘Scott Pilgrim Takes Off’, atá bunaithe ar an scéal chéanna.

Pictiúr: Leathanaigh ó ‘Scott Pilgrim’. (Creidmheas: Gliadar)

Tá an tsraith leabhar spleodrach anois le fáil go hiomlán i nGaeilge a bhuí le Gliadar. Rinne Katelyn McKenna, ealaíontóir ó na Clocha Liatha i gCill Mhantáin, athdhearadh ar na focail ar fad atá le feiceáil sna grafaicí. Deir Gliadar go bhfuil “na leabhair ag cur thar maoil le híomhánna Gaeilge agus tumtar an léitheoir i dtimpeallacht lán-Ghaeilge.”

Díoladh an chéad 100 tacar leabhar go han-tapa agus tá Gliadar ag déanamh iarracht freastal ar an éileamh dhochreidte atá ar na leabhair as Gaeilge. Is féidir an tsraith iomlán a réamhordú ag gliadar.ie agus tá fáil saor in aisce ar an chéad chaibidil freisin. 

The post Tá na céadta daoine ag léamh Scott Pilgrim as Gaeilge appeared first on NÓS.

Níos mó