Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tus-a-chur-leis-na-cluichi-oilimpeacha-agus-seo-taibhsiuil-geallta-ar-abhainn-an-seine

Tús á chur leis na Cluichí Oilimpeacha agus seó taibhsiúil geallta ar abhainn an Seine

| tuairisc | , ,

Tráthnóna inniu ag leathuair tar éis a sé i bPáras na Fraince a bheidh searmanas tosaithe chluichí Oilimpeacha 2024 ar siúl.

Beidh cluichí na bliana seo éagsúil ar bhealach amháin mar gur ar an uisce a bheidh an searmanas ar siúl seachas i staid ar thalamh tirim.

Flít bád ag seoladh leo ar abhainn an Seine i lár phríomhchathair na Fraince an taispeántas taibhsiúil atá geallta ag coiste na gcluichí chun tús a chur le cluichí na bliana seo.

Trí bliana go ham seo a bhí na cluichí i dTóiceo ar chúla na srianta a bhí ar lucht féachana agus iad curtha ar athló in 2020 de bharr phaindéim an Covid-19.

Ón lá inniu go dtí an 11 Lúnasa glacfaidh 10,500 lúthchleasaí atá roghnaithe ag breis is 200 coiste náisiúnta páirt i 329 comórtas éagsúil. Tá 133 lúthchleasaí ar fhoireann na hÉireann i bPáras, an fhoireann is mó riamh as an tír seo a cuireadh chuig do na cluichí Oilimpeacha agus an-mhuinín sa tír go n-éireoidh go maith leo agus go mbeidh boinn abhaile leo.

Ní nach ionadh beidh na sluaite ag tabhairt a n-aghaidh ar an bhFrainc agus tá 45,000 gendarme is póilín ar dualgas ansin anocht le linn an tsearmanais tosaithe agus ar feadh na trí seachtaine amach romhainn.

Tá sé á rá nach raibh a leithéid de ghothaí an mhíleataithe ar Pháras ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann.

Gach aon lá sna trí seachtaine a mbeidh na cluichí ar siúl beidh, ar an meán, 30,000 gendarme agus póilín ar dualgas sa gcathair.

Faoi Oibríocht Sentinelle beidh 20,000 garda slándála príobháideach agus 10,000 saighdiúir ansin agus iad faoi réir le gníomhú gasta sa gcás go ndéanfaí ionsaí sceimhlitheoireachta.

Tá bunáit mhór mhíleata tógtha sa bpáirc phoiblí Bois de Vincennes ar imeall Pháras le lóistín a chur ar fáil do na hoibrithe slándála breise seo ach chomh maith leis sin tá óstáin, scoileanna, campais ollscoileanna glactha faoina smacht ag an gendarmerie, an brainse den arm atá freagrach as an tslándáil intíre.

Níl cead bealaigh go dtí bruacha an Seine ach ag daoine a bhfuil an cód QR [cód mearfhreagartha] acu a chruthaíonn go bhfuil siad ina gcónaí sa gceantar sin nó go bhfuil an ceart acu a bheith istigh ansin ar chúis éigin eile. Tá lár na cathrach clúdaithe le baracáidí agus criosanna a bhfuil srianta dochta i bhfeidhm iontu.

Ag searmanas na hoíche anocht, feicfimid paráid lúthchleasaithe ar 94 bád ar stráice 6 chiliméadar d’abhainn an Seine. Gabhfaidh an loingeas lena lasta lúthchleasaithe thar radharcanna mór le rá Pháras, amhail dánlann an Louvre agus ardeaglais Notre Dame, sula ngabhfaidh siad ar ancaire os comhair Trocadéro trasna na habhann ón Túr Eiffel mar a gcuirfear tús leis an seó mór féin. Tá sonraí na hócáide coinnithe faoina hata go maith ag an gcoiste eagraithe cé go bhfuil luaidreáin go leor faoi cheoltóirí is taibheoirí mór le rá a chonacthas cois Seine.

I dtús na pleanála bhí sé i gceist ticéid a thabhairt saor in aisce do 600,000 duine as an bpobal ach ar bhonn slándála athraíodh sin agus ní bheidh ag an ócáid anocht ach an 300,000 duine a bhfuil cuireadh oifigiúil faighte acu.

Céad bliain ó shin i 1924 an uair dheireanach ar eagraíodh na cluichí idirnáisiúnta seo i bpríomhchathair na Fraince agus an uair sin 22 spórt a bhí ag na cluichí.

Beidh comórtas sna 28 spórt a bhí i dTóiceo in 2021 ar siúl i bPáras chomh maith le ceithre cinn eile a cuireadh leis na cluichí seo go speisialta – dreapadóireacht spóirt clárscátáil, surfáil, agus den chéad uair riamh ag na cluichí Oilimpeacha, briseadh le ceol.

Tá trí chomórtas spóirt a bhí i dTóiceo nach bhfuil ar an gclár i bPáras—bogliathróid, daorchluiche agus karate.

Níos mó