Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
20-leabhar-ainmnithe-do-ghradaim-‘leabhair-ghaeilge-na-bliana’-2024

20 leabhar ainmnithe do ghradaim ‘Leabhair Ghaeilge na Bliana’ 2024

Tá na gearrliostaí do ghradaim ‘Leabhair na Bliana’ fógartha ag Oireachtas na Gaeilge.

22 leabhar san iomlán atá ar na gearrliostaí do na gradaim do thithe foilsitheoireachta na Gaeilge.

Ocht leabhar atá ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin, an gradam foilsitheoireachta do leabhar na bliana ar fiú €5,000 é d’fhoilsitheoir an tsaothair bhuacaigh agus €2,500 d’údar an leabhair féin.

Sé leabhar atá ainmnithe ar ghearrliosta Ghradam de Bhaldraithe, an gradam do shaothair aistrithe,  agus seacht gcinn atá ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló, an gradam do leabhair do pháistí óga.

Tá dhá leabhar a d’fhoilsigh Leabhar Breac ar ghearrliosta leabhar na bliana, liosta ar a bhfuil úrscéalta, cnuasaigh filíochta agus saothair neamhfhicsin– Deirdre athinsint le Darach Ó Scolaí ar scéal Dheirdre agus Chlann Uisnigh agus Saighdiúir, úrscéal Chathail Uí Shearcaigh faoin gcéad chogadh domhanda.

Tá dhá leabhar a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin na bliana seo,  Ag Cur Chun Fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith, sraith aistí curtha in eagar ag an staraí Gearóid Ó Tuathaigh agus Breandán Mac Suibhne agus Sa Pholl Báite, úrscéal bleachtaireachta le Anna Heussaff.

Dhá leabhar freisin atá ag an teach foilsitheoireachta Éabhlóid ar ghearrliosta Leabhar na Bliana, agus leagan úr de An Grá agus An Ghruaim le Seosamh Mac Grianna agus Idir an Dá Fhearsaid le Róise Ní Bhaoill, ceann de dhá chnuasach filíochta ar liosta na bliana seo. Le Laoighseach Ní Choistealbha an cnuasach filíochta eile ar an liosta, Solas Geimhridh. Barzaz a d’fhoilsigh.

Is é an saothar eile atá san iomaíocht do Ghradam Uí Shúilleabháin ná Crann agus Toir lámhleabhar dúlra le Máirín Uí Chonchubhair, a d’fhoilsigh Dingle Publishing,

Tá trí leabhar a d’fhoilsigh Futa Fata ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló i mbliana,An Mac Tíre Deireanach le Patricia Forde agus an maisitheoir Lauren O’Neill, Gealach agus Grian le Muireann Ní Chíobháin, saothar a mhaisigh Brian Fitzgerald agus Na Trí Mhuicín a chum Áine Ní Ghlinn agus a mhaisigh Paddy Donnelly. Áine Ní Ghlinn an t-aon údar a bhfuil dhá leabhar aici ar ghearrliostaí na bliana seo agus tá a scéal ríme Óstán na bhFeithidí san iomaíocht freisin. An tSnáthaid Mhór a d’fhoilsigh.

Is iad na saothair eile atá ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló, Scéilín Scanrúla le Gabriel Rosenstock, saothar a mhaisigh Graham Corcoran agus a d’fhoilsigh Picnic Press, agus Deargadh Anoir, úrscéal le hIarla Mac Aodha Bhuí a d’fhoilsigh LeabhairCOMHAR agus a mhaisigh Mark Wickham.

Sé leabhar atá ar an ngearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe,  an gradam do shaothair aistrithe.

Is iad na leabhair sin: Scott Pilgirm  (Gliadar) an leagan Gaeilge a rinne Seanán Ó Coistín, Brian C. Mac Giolla Mhuire agus Katelyn McKenna de shaothar Bryan Lee O’Malley; Áthmháthair (Éabhlóid), aistriúchán le Máire Nic Mhaoláin ar úrscéal le Michela Murgia; Meideá (Coiscéim), leagan Gaeilge le Simon Ó Faoláin de dhráma Euripides; Na Trodairí 1 – An Phrintíseacht (Dalen House), leagan Caitlín Nic Íomhair d’úrscéal grafach Jonathan Garnier agus Amélie Fléchais; Heartstopper (Futa Fata) aistriúchán Eoin McEvoy ar shaothar Alice Osman; agus Ortha an Tuama: De Bheoibh nó de Mhairbh (Dalen Press), aistriúchán a rinne Seaghan Mac an tSionnaigh ar úrscéal grafach Jean Léturgie, Simon Léturgie agus Richard Di Martino.

Fógrófar na buaiteoirí go léir ag searmanas ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2023. Duaischiste de €17,000 ar fad atá ann do na trí ghradam.

Rinne Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, comhghairdeachas leis na foilsitheoirí agus na scríbhneoirí ar fad atá ainmnithe. Dúirt sí go gcaithfí a thuilleadh infheistíochta a dhéanamh in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge.

Níos mó