Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ardu-mor-ar-lion-na-ndaoine-a-chreideann-gur-choir-nios-mo-tacaiochta-a-thabhairt-don-ghaeilge

Ardú mór ar líon na ndaoine a chreideann gur chóir níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge

| tuairisc | ,

Tá ardú suntasach tagtha ar líon na ndaoine a chreideann gur chóir don stát níos mó a dhéanamh ar son na Gaeilge.

I bpobalbhreith a rinne an comhlacht taighde margaíochta Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, dúirt 71% gur chóir don Stát níos mó tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge.

65% de na daoine a léirigh an tuairim sin nuair a cuireadh an cheist chéanna i bpobalbhreith a rinne Conradh na Gaeilge in 2021 agus 66% a bhí i gceist in 2018.

Bunaithe ar phobalbhreitheanna éagsúla le thart ar leathchéad bliain anuas, d’fhéadfadh gurb é céatadán na bliana seo an céatadán is mó daoine riamh a dúirt gur chóir tacaíocht stáit níos mó a thabhairt don Ghaeilge.

47% de dhaoine sa Tuaisceart a dúirt gur cheart níos mó tacaíocht stáit a thabhairt don Ghaeilge, i gcomparáid le 40% in 2021.

Tháinig ardú chomh maith ar chéatadán na ndaoine a bhí den tuairim gur chóir cabhrú le teaghlaigh leanaí a thógáil le Gaeilge, ó 48% in 2021 go dtí 57% in 2024.

43% a dúirt amhlaidh sa Tuaisceart.

I bhfianaise na pobalbhreithe, tá ardú suntasach tagtha ar chéatadán na ndaoine ó dheas ar mhaith leo go dtabharfaí níos mó tacaíochta don teanga, ach tá an tacaíocht sin ag dul i dtreise tráth go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na ndaoine a labhraíonn í mar theanga phobail.

De réir na ndaonáireamh, idir 2011-2022, tháinig laghdú 12.6% ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht a deir go labhraíonn siad Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

Mar sin, cuirfidh torthaí na pobalbhreithe nua le cás lucht feachtais gur chóir don stát déanamh de réir mhianta an phobail agus tacaíocht níos mó a thabhairt don teanga.

Léiríonn na torthaí chomh maith go bhfuil laghdú tagtha ar líon na ndaoine ó dheas atá patuar faoi chás na teanga, nó nach bhfuil aon tuairim acu bealach amháin nó bealach eile faoi cé acu ar cheart nó nár cheart tacaíocht bhreise a thabhairt di.

15% de dhaoine a thug le fios sa phobalbhreith nua nach raibh aon tuairim acu faoi cheist na tacaíochta stáit, i gcomparáid le 21% in 2021 agus 23% in 2018.

Bíodh is go bhfuil beagnach leath de dhaoine sa Tuaisceart ar son níos mó tacaíocht stáit a thabhairt don Ghaeilge, is cosúil ó thorthaí na pobalbhreithe nua gur ag éirí níos deighilte faoi cheist na Gaeilge atá an pobal ó thuaidh den teorainn.

42% de dhaoine a thug le fios sa phobalbhreith is déanaí nach raibh siad ar son breis tacaíochta a thabhairt don teanga, méadú suntasach ó 34% in 2021.

Tháinig laghdú mór leis ar chéatadán na ndaoine sa Tuaisceart a dúirt nach raibh aon tuairim acu faoin gceist, ó 26% in 2021 go dtí 11% in 2024, léiriú eile, b’fhéidir, go bhfuil daoine ag éirí níos diongbháilte ina gcuid tuairimí faoi cheist na Gaeilge.

43% de dhaoine sa Tuaisceart a thug le fios sa phobalbhreith is déanaí go raibh siad in aghaidh breis tacaíochta a thabhairt do theaghlaigh leanaí a thógáil trí Ghaeilge, méadú suntasach ó 33% in 2021.

Foilseofar príomhthorthaí phobalbhreith Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge mar shraith scéalta an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn.

Rinneadh na hagallaimh ar líne don phobalbhreith i mí an Mheithimh, sa dá dhlínse, thuaidh agus theas.

Daoine a bhí 18 mbliana agus os a chionn a cuireadh faoi agallamh ó thuaidh agus ó dheas. Rinneadh 1,759 agallamh ó dheas agus 1,051 agallamh ó thuaidh. Is é +/- 2.4% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.1% ó thuaidh.

Athraíodh modheolaíocht shuirbhéanna Chonradh na Gaeilge in 2020 de bharr phaindéim Covid-19. Chomh maith leis sin, Ireland Thinks a a rinne an phobalbhreith in 2023 agus in 2024, in áit Kantar a rinne an obair idir 2015-2022.

De bharr na ndifríochtaí sin, deirtear gur cheart a bheith cáiréiseach faoi chomparáidí a dhéanamh idir torthaí na pobalbhreithe nua agus na cinn eile.

Níos mó