Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
claire-hanna-le-ceannaireacht-an-sdlp-a-lorg 

Claire Hanna le ceannaireacht an SDLP a lorg 

| tuairisc | ,

Tuigtear do Tuairisc go gcuirfidh an Feisire Parlaiminte Claire Hanna, arb as Gaeltacht Chonamara di ó dhúchas, a hainm chun cinn anocht le dul san iomaíocht do cheannaireacht an SDLP.  

Is í Claire Hanna, a ghlac i nGaeilge le mionn dílseachta Westminster le déanaí, is mó atá á lua mar an chéad cheannaire eile ar an SDLP ó tuairiscíodh go raibh sé i gceist ag Colum Eastwood éirí as an ról sin.  

Tuigtear do Tuairisc, go bhfuil sé i gceist ag Hanna ceannaireacht an pháirtí a lorg. 

Bheadh sí ar an seachtú ceannaire ar an SDLP agus an dara bean le bheith ina ceannaire ar an bpáirtí. 

Tá Eastwood ina cheannaire ar an bpáirtí ó 2015 agus tá sé ina Fheisire Parlaiminte in Westminster don Fheabhal, suíochán ar éirigh leis é a choinneáil i dtoghchán an Mheithimh.  

Is í Claire Hanna, an feisire parlaiminte do Bhéal Feirste Theas agus an Dún Láir, a léiroidhre mar cheannaire, dar le mórán. 

 As Bearna i nGaeltacht Chonamara ó thús do Claire Hanna agus is ann a chaith sí a luath-óige, tráth a raibh a hathair Eamon Hanna ag obair le hÚdarás na Gaeltachta.  

Choinnigh Éamon agus a bhean Carmel an teach i mBearna nuair a bhog siad go Béal Feirste sna 1980idí agus caitheann muintir Hanna go leor ama ann i gcónaí.  

Ag labhairt di cheana faoin cheangal atá aici le Gaeltacht Chonamara, dúirt Claire Hanna gurb é Bearna “a baile spioradálta”. Cé nach bhfuil Claire Hanna líofa a dóthain sa Ghaeilge chun agallamh beo a dhéanamh, labhair sí Gaeilge roinnt uaireanta in Westminster agus tacaíonn sí go láidir leis an teanga agus le cearta teanga. 

Meastar go bhfógrófar comharba Eastwood roimh chomhdháil bhliantúil an pháirtí i mí Dheireadh Fómhair.  

An duine eile is mó atá á lua leis an bpost ná Matthew O’Toole, ceannaire an pháirtí in Stormont. 

Cé gur éirigh le Eastwood agus Hanna a suíocháin a choimeád don SDLP in Westminster, níor éirigh rómhaith leis an bpáirtí trí chéile.   

Tá an SDLP faoi bhrú mór ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta in 1998 agus a áit mar phríomhpháirtí an náisiúnachais tógtha ag Sinn Féin.  

Agus John Hume agus Seamus Mallon mar spreagadh aige, chuaigh Eastwood isteach san SDLP an bhliain chéanna chun dul i mbun feachtasaíochta ar son an chomhaontaithe.  

In 2022 chaill an SDLP ceithre shuíochán i dtoghchán Thionól Stormont.  

Gan fágtha ag an bpáirtí ach ocht suíochán áit sa bhfreasúra a bhí i ndán dóibh. 

Colum Eastwood. Pic: Declan Roughan / Press Eye

In 2023 chaill an páirtí 20 suíochán sna toghcháin áitiúla agus chríochnaigh siad sa chúigiú háit.  

Toghadh Colum Eastwood mar ionadaí poiblí den chéad uair in 2005 nuair a d’éirigh leis suíochán a fháil ar Chomhairle Chathair Dhoire. Idir 2010-2011 bhí sé ina mhéara ar Dhoire, an méara is óige riamh ag an gcathair. 

I mBealtaine 2011 toghadh mar bhall de Thionól Stormont é den chéad uair agus in 2019 d’éirigh leis an suíochán a bhíodh ag an SDLP san Fheabhal a bhuachan ar ais ó Shinn Féin.   

Is é Eastwood an dara ceannaire páirtí sa Tuaisceart a d’éirigh as an mhí seo. 

D’éirigh Doug Beattie as mar cheannaire an UUP mar gheall ar “dheacrachtaí doréitithe”.

Níos mó