Tá Coimisiún na Meán le taighde a choimisiúnú chun na féidearthachtaí a bhaineann le seirbhís raidió Gaeilge don óige a staidéar.
Tá plé déanta le roinnt blianta anuas maidir le stáisiún raidió náisiúnta a bheadh dírithe ar Ghaeilgeoirí óga a bhunú agus é ráite ag Coimisiún na Meán agus RTÉ go bhfuil siad chun na deiseanna atá ann dá leithéid de sheirbhís a fhiosrú.
Tá tairiscintí anois á lorg ag Coimisiún na Meán chun tabhairt faoi staidéar féidearthachta do mhúnlaí éifeachtúla, ó thaobh costais agus measúnaithe, ar an tionchar a bheadh ag aon seirbhís nua ar an earnáil.
Tá go dtí an 20 Meán Fómhair ag dreamanna le tairiscint a dhéanamh chun tabhairt faoin staidéar agus conradh ocht mí a bheadh i gceist.
I straitéis nua cúig bliana RTÉ, a foilsíodh an mhí seo caite, gealladh go dtabharfadh an craoltóir náisiúnta faoi staidéar féidearthachta do stáisiún raidió digiteach Gaeilge nua a bheadh ag díriú ar éisteoirí idir 15-34 bliain d’aois.
Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le fada go mbunófaí a leithéid de sheirbhís ach is stáisiún náisiúnta FM atá ón gConradh seachas stáisiún digiteach. Tugann Conradh na Gaeilge tacaíocht do Raidió Rí-Rá, stáisiún a dhíríonn ar chainteoirí óga Gaeilge, ach ar líne amháin a chraoltar cláracha an stáisiúin i láthair na huaire.
De réir thorthaí na pobalbhreithe a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge in 2023, dúirt 60% den phobal gur cheart stáisiún raidió Gaeilge a bheadh dírithe ar dhaoine óga agus ar fáil ar FM a mhaoiniú trí tháillí an cheadúnais reatha.
Dúradh i dtuarascáil taighde a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge agus an BAI, an t-údarás ar cuireadh deireadh leis chun Coimisiún na Meán a bhunú, anuraidh nach raibh “aon chinnteacht” ann go n-éireodh le seirbhís raidió nua Gaeilge a bheadh dírithe ar an aos óg ach nár ghá go mbeadh an teanga ina bac roimh sheirbhís nua.
Dúradh go léirigh torthaí an taighde go mbeadh daoine “oscailte” do choincheap an stáisiúin nua Gaeilge do dhaoine óga agus go mbeadh “toilteanas éigin” ann “triail a bhaint” as a leithéid.
Thug 38% de na daoine a ghlac páirt i suirbhé a rinneadh don taighde sin go raibh seans ann go n-éistfidís uair amháin sa tseachtain ar a laghad le seirbhís Ghaeilge fad is go mbeadh an ceol agus an t-ábhar a thaitníonn le daoine óga i gcroílár na seirbhíse sin. 40% a dúirt gur bocht an seans go n-éistfidís le seirbhís Ghaeilge nua don óige.
Tá athbhreithniú cuimsitheach ar bun ag Coimisiún na Meán freisin ar an soláthar seirbhísí Gaeilge sna meáin, idir na meáin chraolta agus scríofa.
Coimisiún na Meán
Dúradh i dtuarascáil taighde a foilsíodh níos luaithe i mbliana nach raibh “aon chinnteacht” ann go n-éireodh le seirbhís raidió nua Gaeilge a bheadh dírithe ar an aos óg ach nár ghá go mbeadh an teanga ina bac roimh sheirbhís nua.
Dúradh sa taighde a rinne Foras na Gaeilge agus an BAI, an t-údarás ar cuireadh deireadh leis chun Coimisiún na Meán a bhunú, go gcaithfeadh aon seirbhís nua i nGaeilge cur le múnla traidisiúnta an raidió.
Dúradh go léirigh torthaí an taighde go mbeadh daoine “oscailte” do choincheap an stáisiúin nua Ghaeilge do dhaoine óga agus go mbeadh “toilteanas éigin” ann “triail a bhaint” as a leithéid.
Díríonn an stáisiún Raidió Rí Rá ar chainteoirí óga Gaeilge, ach ar líne amháin a chraoltar cláracha an stáisiúin i láthair na huaire. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh le fada go mbunófaí an tseirbhís mar stáisiún náisiúnta FM.