Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
sparanacht-‘clannad’-bronnta-ar-scannanoir-as-gaeltacht-dhun-na-ngall

Sparánacht ‘Clannad’ bronnta ar scannánóir as Gaeltacht Dhún na nGall

| tuairisc | , , ,

Údarás na Gaeltachta a bhunaigh an sparánacht ‘Clannad – 50 Bliain Faoi Bhláth’ atá bronnta ar Daniel de Buitléir

Sparánacht ‘Clannad’ bronnta ar scannánóir as Gaeltacht Dhún na nGall

Údarás na Gaeltachta a bhunaigh an sparánacht ‘Clannad – 50 Bliain Faoi Bhláth’ in ómós don ghrúpa ceoil Clannad agus don obair atá déanta acu chun an Ghaeilge agus cultúr na Gaeltachta a chur chun cinn.

Is fiú €30,000 an sparánacht, €10,000 sa bhliain thar thrí bliana, agus é mar aidhm léi cuidiú le healaíontóir Gaeltachta forbairt a dhéanamh ar shaothar úr trí Ghaeilge. Ealaín na Gaeltachta atá i mbun na scéime thar ceann an Údaráis.

I measc na saothar atá déanta ag Daniel de Buitléir tá na gearrscannáin Bean Feasa agus Leave the Road Behind You. D’oibrigh sé chomh maith ar chuid d’fhíseáin an ghrúpa rap aitheanta Kneecap.

Dúirt Daniel De Buitléir gur mór an onóir dó an sparánacht a fháil agus go mba mhór an spreagadh dó i gcónaí “an méid a bhain Clannad amach don Ghaeilge agus do cheol na Gaeltachta”. Deis “iontach” atá ann, ar sé, a chuid ealaíne “a fhorbairt agus cur le hoidhreacht shaibhir na Gaeltachta”.

Dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go rabhthas ag súil go mór leis an saothar nua a chuirfidh Daniel de Buitléir ar fáil de thoradh na sparánachta. “Táimid cinnte go leanfaidh sé sampla Clannad i gcur chun cinn na Gaeilge agus chultúr na Gaeltachta,” a dúirt ceannasaí an Údaráis.

Dúirt Rachel Holstead, Ceannasaí Ealaín na Gaeltachta, gurb í “an infheistíocht is fearr gur féidir a dhéanamh sna healaíona ná infheistíocht dhíreach in ealaíontóirí”.

Dúirt Rachel Holstead gur údar dóchais d’Ealaín na Gaeltachta líon na n-iarratas a fuarthas ar sparánacht ‘Clannad’ agus an t-ardchaighdeán agus an éagsúlacht a bhain leo.

Dúirt Pól Brennan, ball den ghrúpa Clannad: “Is mór an onóir dúinn go bhfuil an sparánacht seo á bronnadh in ómós do Clannad. Tá súil againn go spreagfaidh sé ealaíontóirí óga na Gaeltachta chun leanúint ar aghaidh ag cruthú saothar nua i nGaeilge agus ag cur ár dteanga agus ár gcultúr chun cinn ar fud an domhain.”

Tá Údarás na Gaeltachta ag súil go spreagfaidh an sparánacht seo tuilleadh ealaíontóirí Gaeltachta chun saothar úr a chruthú i nGaeilge agus go gcuirfidh sí le saibhreas cultúrtha agus ealaíonta na Gaeltachta.

Bhunaigh Pádraig agus Noel Ó Dúgáin agus Pól, Ciarán agus Máire Ní Bhraonáin an banna ceoil Clannad i 1970. Tá clú agus cáil bainte amach acu ar fud an domhain agus gradaim go leor bronnta orthu, dámhachtainí Grammy, BAFTA, agus Ivor Novello ina measc.

Níos mó