Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘is-leir-gur-diultaiodh-d’aon-tagairt-don-chomhionannas-i-gclar-rialtais-nua’

‘Is léir gur diúltaíodh d’aon tagairt don chomhionannas i gclár rialtais nua’

| tuairisc | ,

Deir urlabhraí ó Oifig an Fheidhmeannais le Tuairisc go mbeidh deis ag gach duine a gcuid tuairimí a léiriú faoin dréachtchlár rialtais nua sa phróiseas comhairliúcháin faoin gcáipéis, próiseas a mhairfidh ocht seachtaine

‘Is léir gur diúltaíodh d’aon tagairt don chomhionannas i gclár rialtais nua’

Deir An Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt gur léir gur dhiúltaigh dream éigin a raibh baint acu leis na cainteanna faoi chlár rialtais nua Stormont d’aon tagairt do chearta teanga.

“Tá an chuma air go bhfuil gach ceart agus gealltanas i dtaobh an chomhionannais a bhí sa Dréachtchlár Rialtais deireanach bainte amach as an Dréachtchlár seo,” a dúirt Daniel Holder, Stiúrthóir An Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt.

“In 2020 a foilsíodh an dréachtchlár deireanach mar chuid den mhargadh Ré Nua Cur Chuige Nua (NDNA) a rinne an dá Rialtas agus páirtithe Thuaisceart Éireann ar mhaithe leis an Tionól in Stormont a chur ar a chosa arís.”

Níl tagairt ar bith sa dréachtchlár rialtais don straitéis i gcoinne an bhochtanais ná do straitéis na Gaeilge, dhá dhualgas iad atá fós gan comhlíonadh.

Níl aon tagairt ann ach oiread do Choimisinéir don Ghaeilge. Tá reachtaíocht an Choimisinéara i bhfeidhm ach táthar fós ag feitheamh le ceapachán.

“Ní luaitear an Ghaeilge beag ná mór sa chlár, ná aon straitéis comhionannais eile a gealladh sa bhabhta deireanach de Ré Nua Cur Chuige Nua.

“Ní hamhlaidh nach rabhthas ar an eolas faoi na gealltanais seo nár comhlíonadh go fóill agus nach rabhadar ar an tábla. Is cosúil gur ‘dhiúltaigh’ duine nó dream éigin i gceann de na ceithre pháirtí sa chomhrialtas do gach moladh acu agus dá bharr níl againn anois don chomhairliúchán ach Clár Rialtais ar an leibhéal is ísle.”

Dúirt Holder gur dóigh nach rabhthas ar aon fhocal faoin gcur chuige i leith cheist na gceart.

“Seans go míníonn sé sin an mhoill mhór a bhí ar an dréacht féin a fhoilsiú. Caithfidh pobal na Gaeilge agus earnáil na gceart troid ina aghaidh seo agus brú a chur ionas go gcuirfear ar ais arís sa chlár Rialtais na gealltanais a bhí tugtha.”

Dúirt urlabhraí ó Oifig an Fheidhmeannais le Tuairisc go mbeidh deis ag gach duine a gcuid tuairimí a léiriú faoin dréachtchlár rialtais nua sa phróiseas comhairliúcháin faoin gcáipéis, próiseas a mhairfidh ocht seachtaine.

Dúirt an t-urlabhraí go mbeidh an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire théis machnamh a dhéanamh faoin chéad chéim den phróiseas a bhaineann le ceapadh coimisinéara teanga agus go bhfuiltear ag súil le fógra a dhéanamh go luath faoin scéal.

Tá cáineadh géar déanta ar dhréachtchlár rialtais nua Fheidhmeannas Stormont a foilsíodh an tseachtain seo agus gan oiread agus tagairt amháin ann don Ghaeilge.

Deir Conradh na Gaeilge go raibh sé ‘scannalach’ nach bhfuil an teanga luaite ar chor ar bith sa cháipéis 88 leathanach Our Plan: Doing What Matters, clár oibre trí bliana an Fheidhmeannais.

Deir stiúrthóir an Choiste um Riarachán Dlí agus Cirt, Daniel Holder, gur faoi phobal na Gaeilge agus lucht na gceart atá sé an fód a sheasamh agus brú a chur ar lucht Stormont a ngealltanais a chomhlíonadh.

“Caithfidh pobal na Gaeilge agus earnáil na gceart troid ina aghaidh seo agus  brú a chur ionas go gcuirfear ar ais arís sa chlár Rialtais na gealltanais a bhí tugtha,” a dúirt sé.

Níos mó