Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘treoir-laidir-oifigiuil’-de-dhith-on-aire-chun-stop-a-chur-le-‘veto’-ar-chearta-teanga-i-morstaisiun-iompair-nua 

‘Treoir láidir oifigiúil’ de dhíth ón aire chun stop a chur le ‘veto’ ar chearta teanga i mórstáisiún iompair nua 

| tuairisc | ,

Bhí agóid ag an Dream Dearg tráthnóna faoin gcinneadh gur comharthaíocht i mBéarla amháin atá i Mórstáisiún Láir nua Bhéal Feirste 

‘Treoir láidir oifigiúil’ de dhíth ón aire chun stop a chur le ‘veto’ ar chearta teanga i mórstáisiún iompair nua 

Bhí lucht na teanga i mbun agóide i mBéal Feirste tráthnóna faoin gcinneadh gur comharthaíocht i mBéarla amháin atá i Mórstáisiún Láir nua na cathrach. 

Bhí daltaí ó Choláiste Feirste agus scoileanna Gaeilge i measc an lucht agóide a d’eagraigh an Dream Dearg ag Cros na bhFíodóirí, mar a bhfuil an mórionad iompair nua lonnaithe.  

Tá An Dream Dearg ag éileamh ar an aire infreastruchtúir, John O’Dowd “treoir oifigiúil” a thabhairt do Translink comharthaí dátheangacha a chur in airde san ionad nua. 

Agus an mórstáisiún nua á oscailt aige níos túisce an tseachtain seo, dúirt O’Dowd, aire de chuid Shinn Féin, go bhfuil dóchas aige go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil amach anseo ag Cros na bhFíodóirí. Ach dúirt sé go gcaithfeadh sé leas a bhaint as na cumhachtaí atá aige “ar bhealach stuama” agus go mbeadh sé “níos éifeachtaí” comhoibriú leis an gcomhlacht Translink. 

Deir an Dream Dearg, áfach, gur chóir don aire “treoir láidir” a thabhairt do Translink comharthaí dátheangacha a chur suas sa mhórstáisiún. 

“Níl aon mhuinín againn go mbeidh athrú poirt ar Translink gan treoir láidir ón Aire Chuige sin, is treoir láidir ón Aire atá anois de dhíth,” a dúirt Eoghan Ó Gairmile.  

“Níor cheart go mbeadh ‘veto’ ag Translink ar chearta teanga s’againne. Céad slán leis an ollphéist aonteangach a raibh costas £340 billiún leis agus cuirimis fáilte roimh ionad iontach dátheangach a léiríonn meas ar na mílte Gaeilgeoirí fud fad an oileáin seo.” 

Deir An Dream Dearg go bhfuil scéal na gcomharthaí sa lárionad nua á phlé acu le Translink agus an Roinn Infreastruchtúir ó 2022. 

“Tá Translink i ndiaidh leithscéal i ndiaidh leithscéil a thabhairt dúinn ar an cheist seo. Ar dtús, ní raibh siad sásta plé leis seo gan comhairle nó treoir ón Aire. Ansin nuair a chuir an tAire comhairle ar fáil, dúirt siad nach raibh siad ábalta aon rud a dhéanamh gan treoir ón Choimisinéir Gaeilge, ról nach bhfuil an folúntas fiú fógartha dó fós,” a dúirt Eoghan Ó Gairmile ón Dream Dearg. 

Deir an Dream Dearg gur sárú é “cur chuige ‘Béarla Amháin’ Translink” ar An Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh. 

Ghlac Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i mí Aibreáin le rún ag éileamh comharthaíocht Ghaeilge ag an mhol iompair nua ‘Weavers Cross’ nó ‘Cros na bhFíodóirí’ i lár na cathrach. 

Éilíodh sa rún a ritheadh sa Chomhairle chomh maith go mbeadh comharthaíocht dhátheangach le feiceáil sa stáisiún agus sa cheantar timpeall air. 

Mhol an Chomhairle do Translink, atá i mbun na forbartha, go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach laistigh agus lasmuigh den stáisiún bus agus traenach nua atá tógtha ar shuíomh stáisiún Europa. 

Chomh maith leis sin bhí cruinniú ag Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge le Príomhfheidhmeannach Translink, Chris Conway chun an cás ar son na comharthaíochta dátheangaí a dhéanamh leis. 

Níos mó