Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
dioma-ar-shinn-fein-le-heaspa-moltai-agus-‘athra’-i-bplean-naisiunta-do-sholathar-seirbhisi-i-ngaeilge

Díomá ar Shinn Féin le heaspa moltaí agus ‘athrá’ i bplean náisiúnta do sholáthar seirbhísí i nGaeilge

| Padraic O Ciardha | ,

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh nach bhfuil mórán beartas sa Phlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge gur chóir an chéad phlean gníomhaíochta atá ag dul leis a fhoilsiú gan a thuilleadh moille

Díomá ar Shinn Féin le heaspa moltaí agus ‘athrá’ i bplean náisiúnta do sholáthar seirbhísí i nGaeilge

Tá díomá léirithe ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin faoin bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a sheol an Rialtas an tseachtain seo caite. Deir Ó Snodaigh gur chóir an plean gníomhaíochta a théann leis a fhoilsiú láithreach.

Chuir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, atá ina chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Oireachtais chomh maith, fáilte “dhoicheallach” roimh fhoilsiú an phlean nua, a ullmhaíodh le spriocanna na reachtaíochta teanga a bhaint amach, earcú breis Gaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí ina measc.

Deir Ó Snodaigh nach bhfuil mórán sa bplean ó thaobh na mbeartas atá le cur i bhfeidhm chun na spriocanna sin a bhaint amach, agus gur chóir eolas faoi na beartais féin a fhoilsiú gan a thuilleadh moille.

Deirtear go gcuirfear an plean náisiúnta nua i bhfeidhm trí dhá phlean gníomhaíochta trí bliana a chur i gcrích agus go bhfoilseofar an chéad cheann díobh, a mhairfidh ó 2024-2027 “sna míonna amach romhainn”.

Deir Ó Snodaigh go raibh pobal labhartha na Gaeilge ag feitheamh trí bliana ar fhoilsiú an Phlean Náisiúnta chun dul i ngleic leis an easpa soláthar seirbhísí poiblí i nGaeilge ach nach raibh sa phlean ar deireadh ach fógra faoi phleananna eile á “atá le teacht am éicint amach anseo”. Dúirt sé nach é sin an cur chuige a bhí i gceist ag polaiteoirí nuair a bhí an reachtaíocht á cur trí Thithe an Oireachtais in 2021.

“Beidh díomá ar dhaoine, tar éis blianta ag fanacht agus tar éis an 161 leathanach sa Phlean Náisiúnta seo a léamh, nach bhfuil mórán ann ó thaobh beartais de atá le cur i bhfeidhm anois seachas athrá ar dhualgais atá ann cheana féin agus moltaí féachaint ar bheartais fhiúntacha sna pleananna eile atá fós le teacht,” arsa Ó Snodaigh.

“Níl tuilleadh moilleadóireachta ag teastáil. Tá an Coiste Comhairleach [um Sheirbhísí Gaeilge] tar éis dhá bhliain a chaitheamh ag féachaint ar na ceisteanna go léir anseo, agus tá an obair fhiúntach a rinne siad le feiceáil sa taighde agus sa tráchtas uathu sa phlean seo. An rud atá ag teastáil anois ná gníomh.”

Tá an Teachta Ó Snodaigh ag impí ar Aire na Gaeltachta an chéad phlean gníomhaíochta a fhoilsiú anois agus é ráite aige chomh maith go bhfuil cuireadh tugtha aige don Choiste Comhairleach teacht os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais chomh luath agus is féidir chun an plean agus an cur chuige amach anseo a phlé.

Ar fhoilsiú an Phlean Náisiúnta an tseachtain seo caite, dúradh gur plean straitéiseach atá ann a bheidh mar bhunchloch faoi na beartais agus na spriocanna a leagfar amach sna pleananna gníomhaíochta nua.

Tá béim sa phlean náisiúnta ar ról na teicneolaíochta i soláthar seirbhísí dátheangacha “ar ardchaighdeán” agus fógraíodh chomh maith inniu go bhfuil coiste eile á bhunú, an Coiste Comhairleach um an nGaeilge sa Réimse Digiteach.

Cuirfidh an coiste nua “comhairle agus tacaíocht” ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an Phlean Dhigitigh don Ghaeilge agus do chúrsaí teicneolaíochta go ginearálta.

Tá léargas tugtha sa bPlean Náisiúnta ar na dúshláin a bheidh ann cuid de spriocanna na reachtaíochta a bhaint amach agus é ráite cheana féin gur “ceist ar leith” í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge.

Níos mó