Thug Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson le fios don Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna nach gcuirfeadh an Breatimeacht isteach ar an gComhlimistéar Taistil.
Bhí comhrá fóin a mhair nach mór uair a chloig ag an Taoiseach le Johnson tráthnóna.
Seo an dara comhrá fóin idir an bheirt cheannairí ó ceapadh Johnson ina Phríomh-Aire. Bhí an chéad chomhrá acu sé lá ó ceapadh Johnson ina príomh-aire.
Tá ráite ag Rialtas na Breataine go gcuirfidh siad deireadh le saoire gluaiseachta do shaoránaigh an AE díreach i ndiaidh an Bhreatimeachta ar an 31 Deireadh Fómhair.
Dúirt Príomh-Aire na Breataine le leis an Taoiseach tráthnóna go gcoimeádfadh saoránaigh na hÉireann na cearta gluaiseachta atá acu faoin gComhlimistéar Taisteal, socrú a rinneadh sula raibh an dá thír ina mbaill den AE.
Bhí an méid céanna ráite cheana ag Rialtas na hÉireann.
Dúirt Johnson le Varadkar tráthnóna nach nglacfaí i bparlaimint Westminster leis an gcomhaontú aistarraingthe mar atá agus go gcaithfí fáil réidh leis an gcúlstop agus teacht shocrú nua.
Dúirt an Taoiseach leis gurb é seasamh an AE nach mbeifí ag déanamh aon leasú ar an gcomhaontú agus gur den riachtanas an cúlstop chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint agus cosaint a thabhairt do shaortrádáil ar oileán na hÉireann.
Dúirt an bheirt cheannairí go leanfaidís orthu ag obair ar mhaithe le hathbhunú fheidhmeannas Stormont.
De réir an chur síos a rinne Rialtas na hÉireann ar an gcomhrá gutháin tráthnóna, tá sé i gceist ag Leo Varadkar agus Boris Johnson bualadh le chéile go luath an mhí seo chugainn.