Ceoltóirí Gaeilge á lorg do thogra idirnáisiúnta
Tá Cultúr Éireann, an foras stáit a chuireann cultúr na hÉireann chun cinn ar fud an domhain, ag lorg ceoltóirí agus taibheoirí le Gaeilge le páirt a ghlacadh i gcomhfhiontar idirnáisiúnta i gcomhar le muintir na Breataine Bige mar chuid den cheiliúradh atáthar a dhéanamh i mbliana ar Bhliain na dTeangacha Dúchais.
Tá clár ceiliúrtha curtha ar bun ag Celfyddydau Ryngwladol Cymru agus tá Cultúr Éireann ag lorg ceoltóirí gairmiúla in Éirinn “a bhfuil paisean acu don Ghaeilge agus tiomanta a bheith ag ceol inti” páirt a ghlacadh i gcomhpháirtíocht idir an dá fhoras cultúir.
Is sa mBreatain Bheag ag deireadh mhí na Samhna a bheidh an ceilúradh dátheagnach ar siúl, agus ní mór do na ceoltóirí a bheith ar fáil idir 21 Samhain agus 30 Samhain. Caithfidh na ceoltóirí a bheith ag saothrú mar cheoltóir gairmiúil agus ag obair in Éirinn — is é sin le rá duine nó banna ceoil a bhfuil ar a laghad albam amháin curtha amach aige agus a bhíonn ag casadh ceoil go rialta in Éirinn.
Beidh Cultúr Éireann ag lorg cruthúnais go bhfuil na ceoltóiri a chuirfidh isteach ar an deis seo tiomanta don Ghaeilge agus do chur chun cinn chultúr an cheoil in Éirinn.
Tá thart ar sheachtain ag ceoltóirí agus bannaí ceoil a bhfuil spéis acu sa togra seo beathaisnéis ghairid ina gcuirtear síos ar an taithí cheoil agus tograí reatha atá acu, eolas faoina saothar taifeadta agus cóipeanna de thrí thaifead a rinneadh le trí bliana anuas.
Roghnóidh bord moltóirí de chuild Chultúr Éireann cúigear don ghearrliosta ach is iad moltóirí Celfyddydau Ryngwladol Cymru a roghnóidh an bheirt a mbronnfar an deis orthu. Sa mBreatain Bheag cuirfear lóistin agus áiseanna cleachtaidh ar fáil do na ceoltóirí, glanfar costais taistil agus íocfar liúntas lae leo.
Seachtar ceoltóirí ar fad a bheidh páirteach sa togra, beirt as Éirinn agus cúigear as an mBreatain Bheag, agus beidh an grúpa seo ag taisteal timpeall an domhain sna míonna amach romhainn.
Is féidir gach eolas faoin togra a fháil, i mBéarla amháin, anseo.