Tá daoine ann nach féidir leo glacadh le haon athrú ar an status quo
Níl sé mí ó tháinig sé chun solais go raibh Anraí na
Breataine Bige, nó Prionsa Harry Shasana, ag tabhairt nuachtán chun na cúirte
mar gheall ar rudaí a scríobhadh faoina bhean chéile, Meghan Markle.
Líomhnaíonn an lánúin nach bhfuil an méid a scríobhadh fíor,
mar gur foilsíodh píosaí de litir a scríobh sí chuig a hathair, agus líomhnaítear
chomh maith go raibh iriseoirí ag éisteacht le teachtaireachtaí a bhí ar an
bhfón a bhí ag Harry.
An rud ba mhó a chuir iontas orm ná nach raibh an scéala seo
sna meáin ach ar feadh cúpla uair a chloig sula raibh na céadta alt scríofa ag
daoine ag rá go raibh botún déanta acu, agus gur cheart dóibh fanacht ciúin mar
gheall ar an “ról atá acu”.
Anois, nílimse chun ligean orm féin go bhfuil saol Harry
agus Meghan tada níos deacra ná do shaolsa, ná ag déanamh mórán trua dóibh ach
oiread, ná go deimhin ag maíomh gur cheart go mbeadh muid ag tabhairt aon aird
ar na rudaí atá ar bun ag teaghlach ríoga Shasana. Bíodh sin mar atá, ní maith
liom céard atá déanta le Meghan Markle ó phós sí i gCaisleán Windsor agus
ceamaraí an domhain ag breathnú orthu.
De réir a chéile, d’éirigh na nuachtáin agus iriseoirí agus
colúnaithe a bhfuil na milliúin léitheoir acu níos gránna agus níos gránna
fúithi.
Bhíodar cúramach ar dtús, ach faoin am a rugadh a leanbh
cúpla mí ó shin, bhí cath ollmhór ann, ach ba chosúil gurbh iad na meáin a bhí
ag caitheamh na n-urchar ar fad, i dtreo teaghlach óg a bhí ag iarraidh tús a
chur le saol nua.
Tá sé soiléir freisin gur fir mheánaosta atá ag scríobh go
leor de na hailt seo.
Feictear dom féin nach maith leo go bhfuil a status quo i
mbaol.
Ach an oiread leis na daoine a bhrúigh chun cinn nóisean an
Bhreatimeachta, iad sa tóir ar leagan iontach de Shasana nach raibh ann ariamh
ach do mhionlach daoine le meall airgid, tá bean dhubh as Meiriceá ag scanradh
daoine chomh maith.
Is fearr leo bean a fhanann ina tost, gan chúlra, gan stair.
Ciúin. Oideachas san áit cheart. Láir shíolraithe. Bean a ‘thuigeann’ nach
bhfuil sí chomh tábhachtach lena fear céile. Bean a cheadódh do dhaoine
caitheamh go dona léi.
Is léir nach é sin nadúr Meghan Markle.
Bhí post agus saol aici sular phós sí Harry, agus bhí guth
aici. Rinne an lánúin turas oifigiúil chun na hAfraice Thase le coicís, agus tá
sí ar ais ag úsáid a gutha.
Thug mé suntas freisin go raibh beirt bhan mhisniúla eile ag breathnú urithi, Hillary agus Chelsea Clinton. Beirt eile a d’fhulaing mar gheall ar dhaoine nach maith leo aon athrú ar an status quo. Aon uair a bhíonn aon duine, fear nó bean, dubh nó bán, difriúil, faigheann siad cáineadh agus íde. Tá sé feicthe arís agus arís eile againn, ach fós tugann muid cead dó tarlú.
Tá Meghan Markle ag seasamh ina aghaidh. Bíodh sí mar spreagadh dúinn, mar bhean dhubh, oillte, Mheiriceánach léi féin i measc na siorcanna. Tá sé tuilte ag na mná ar fad atá coinnithe faoi chois.