Tú ag moilleadóireacht? Léim isteach…
Cuir chuile shórt ar an méar fhada agus beidh an mhéar fhada
róghearr ar ball.
Is iomaí uair a dúradh liom é. Tá an colún seo curtha ar an
méar fhada ó mhaidin agam agus, mar iarracht fad breise a bhaint as an moilleadóireacht,
chuaigh mé ar thóir fianaise síceolaíochta a thabharfadh míniú de chineál dúinn
ar an bhfáth a mbíonn muid ag moilleadóireacht ar jabannaí beaga atá le déanamh
againn: obair bhaile, mar shampla, nó go deimhin, obair a chaithfear a dhéanamh
thart timpeall an tí.
Tá a fhios againn uilig an chaoi a dtosnaíonn sé. Suíonn tú
síos le rud éicint a dhéanamh, ach tagann sé chun cuimhne go bhfuil ort éadach
a chur sa níochán, an t-urlár a ghlanadh, dul chuig an siopa. Rud ar bith
seachas an diabhal jab a dhéanamh! Sula dtugann tú faoi deara é, tá an lá
beagnach imithe agus nach bhfuil sé chomh maith agat an jab a fhágáil go dtí an
lá amárach?
Fadó, chuir Freud an milleán ar easpa scileanna leithris ach, buíochas le cibé dia atá agat, tá an tsíceolaíocht bogtha ar aghaidh ó shin. Sa lá atá inniu ann, maítear gur easpa scileanna bainistíochta ama atá i gceist, nó easpa scileanna féinsmachta.
Ar bhealach, níl an fhios agam go n-aontaím leis sin. Tá mé sa dara bliain ag staidéar leighis, agus fós ag obair corrlá anseo is ansiúd agus, i ndáiríre, gan féinsmacht ná bainistiú ama, ní mórán scrúduithe a mbeadh pas faighte agam iontu agus ní mórán cluichí a mbeadh tuairiscí déanta agam orthu ach oiread.
Níl an réiteoir ag dul fanacht go leaindeálfaidh mise isteach i mbosca na meán sula gcaithfidh sé nó sí an liathróid nó an sliotar isteach. Is minic nach mbíonn mórán fonn staidéir orm ach oiread, ach déanaim é mar go gcaithfidh mé. Caithfidh mé an colún seo a scríobh freisin, nó tiocfaidh an t-eagarthóir i mo dhiaidh le maide mór!
Tá mé ag ceapadh, tar éis an lá a chur amú ag cuimhniú ar an
alt seo agus ar bhealaí chun éalú uaidh, go mbíonn drogall orm roimhe mar go
gcuireann sé iallach orm mo chuid samhlaíochta agus intleachta a úsáid níos mó
ná aon dualgas eile a bhíonn orm.
Ar scoil, tugtar eolas dom agus beidh siad ag súil go
gcaithfidh mé amach an t-eolas sin arís ar bhileog sa scrúdú, nó san ospidéal
lá breá éicint nuair a scaoilfear gar d’othair mé. Ag an obair, deirtear liom
dul chuig cluiche faoi leith, nó sa tsíceolaíocht bíonn orm déileáil le ceist
faoi leith, ar a bhfuil na freagraí agam cheana féin.
Ach cuireann an colún seo brú ar mo chloigeann, atá faoi bhrú cheana féin ag an saol atá agam. Nílim ag gearán faoin mbrú seo. Tá sé go maith dom agus ag teastáil uaim. Tá an cineál seo brú go maith dúinn uilig. Ní hé go bhfuil an clog i m’aghaidh, is é mo chloigeann atá ag dul sa mbealach orm, le teann faitís go gcuirfidh mé iallach ar na cealla bochta tuilleadh macnaimh a dhéanamh.
Sin agaibh anois é. Ní hé go bhfuil an mhéar fhada faighte róghearr ar chor ar bith.
Seans go bhfuil leid sa mhéid sin féin…