Tá sé deimhnithe go bhfuil Aerfort na Mine i gConamara ceannaithe ag an Stát ón Seanadóir agus fear gnó Pádraig Ó Céidigh ar €2.75 milliún.
An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a cheannaigh an t-aerfort thar ceann an Stáit.
Tá na trí aerstráice ar thrí oileán Árann faoi úinéireacht an Stáit cheana féin.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne tráthnóna gur obair “thábhachtach” a thóg bliain a bhí i gceist le ceannach an aerfoirt sna Mine i gCois Fharraige i gcroílár Ghaeltacht Chonamara.
“Tá tábhacht straitéiseach le hAerfort Chonamara do phobail Oileáin Árann mar is é an pointe tuirlingthe ar an mórthír don tseirbhís aeir chuig na hoileáin atá á maoiniú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.
“Le hos cionn bliana, d’oibrigh mo chuid oifigeach agus mé féin i dtreo Aerfort Chonamara, atá suite sna Mine i gceantar Indreabháin, a cheannach.
“Agus Aerfort Chonamara in úinéireacht an Stáit anois, is féidir le pobail Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr a bheith muiníneach go mbeidh tacaíocht an Rialtais ann don tseirbhís aeir seo sa bhfadthéarma,” a dúirt an tAire Stáit Kyne.
Pléadh ceannach Aerfort na Mine i gConamara don stát ag cruinniú rialtais le déanaí agus tugadh beannacht an rialtais don phlean an t-aerfort a cheannach ar an bpraghas a bhí socraithe idir Roinn na Gaeltachta agus Pádraig Ó Céidigh – €2.75 milliún.
Deireadh mhí an Mhárta an spriocam a bhí leagtha síos ar dtús don idirbheartaíocht faoi cheannach an aerfoirt. Dúradh an t-am sin gur easaontas faoi luach an aerfoirt ba chúis leis an moill ar an phróiseas.
Fógraíodh síneadh ama ceithre mhí le déanaí leis an gconradh atá ag Galway Aviation Services Ltd leis an tseirbhís aeir go dtí trí oileán Árann a chur ar fáil, conradh ar fiú thart ar €800,000 in aghaidh na bliana é.
Tuairiscíodh an mhí seo caite gur €2.75 milliún a thabharfaí ar an Aerfort agus go ndúradh le hairí rialtais go raibh tábhacht ar leith leis an aerfort maidir le seirbhís riachtanach aeir do na hoileáin a choinneáil slán.
I mí Dheireadh Fómhair seo caite a chéad léirigh Roinn na Gaeltachta suim i gceannach aerfort na Mine.
Chuir Aer Arann in iúl don Roinn an uair sin go mbeadh siad ag tarraingt siar ón dá chonradh atá acu i dtaobh na seirbhíse – an conradh don tseirbhís féin agus an conradh d’úsáid Aerfort na Mine i gCois Fharraige.