Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-sochraid-marian-finucane:-‘cuimhneofar-go-deo-uirthi-mar-gheall-ar-a-buanna-iontacha-mar-iriseoir’

Sochraid Marian Finucane: ‘Cuimhneofar go deo uirthi mar gheall ar a buanna iontacha mar iriseoir’

| Tuairisc.ie |

Dúradh ag sochraid an chraoltóra Marian Finucane inniu gur fathach de chuid shaol na craoltóireachta í.

Moladh ag sochraid an chraoltóra mór le rá, a bhásaigh go tobann Déardaoin seo caite, a sárchumas iriseoireachta, a gairmiúlacht agus a pearsantacht mealltach.

Dúirt an Monsignor Ciarán O’Carroll príomhchéiliúraí Aifrinn a sochraide i Séipéal Bhríde sa gCill i gcontae Chill Dara go raibh a lorg fágtha ag Marian Finucane ar shaol na hÉireann.

“Ba phearsa chomh mór sin i gcraoltóireacht na hÉireann í agus cuimhneofar go deo uirthi mar gheall ar a buanna iontacha mar iriseoir, ar a hintinn ghéar, a croíulacht, a tráthúlacht, a tuiscint, a comhbhá agus a cineáltas,” a dúirt sé.

An t-amhránaí agus Gael aitheanta Maighréad Ní Dhomhnaill a dúirt na hamhráin ag an Aifreann agus bhí an Ghaeilge sa treis sa rogha cheoil.

Le tionlacan óna deirfiúr Tríona, cheol Maighréad Ag Críost an Síol agus Bánchnoic Éireann Ó. Mo Ghile Mear a casadh agus Marian Finucane agus a cónra á n-iompar amach as an séipéal.

Bhí Marian Finucane, a bhásaigh in aois a 69 bliain, ar dhuine de mhórchraoltóirí na hÉireann.

Bhí sí ina láithreoir ar The Marian Finucane Show, seó mór-ráchairte a bhíodh ar siúl ar RTÉ 1 maidin Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh gach deireadh seachtaine, ach is iomaí clár eile a raibh baint aici leis ó thosaigh sí ag obair do RTÉ i 1974.

Marian Finucane ag seoladh an leabhair ‘Aneas’ leis an scríbhneoir Duibhneach Brenda Ní Shúílleabháin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

D’fhreastail sí ar scoil lán-Ghaeilge, Scoil Chaitríona i nGlas Naíon, agus bhí neart Gaeilge aici dá réir.

Bhain sí cáilíocht amach mar ailtire agus le linn di a bheith ina mac léinn bhí sí gníomhach sa bhfeachtas a chuir stop le leagan na dtithe Seoirseacha i Sráid Hume in aice le Faiche Stiabhna.

Fuair sí a céad phost le RTÉ mar láithreoir leanúnachais agus ina dhiaidh sin thosaigh sí ag cur cláracha éagsúla i láthair a bhain le ceisteanna sóisialta an lae, ina measc Liveline, atá fós ar an sceideal.

Tharraing a clár Women Today aird an phobail ar shaol na mban agus ar na dúshláin a bhí le sárú acu an t-am sin ina saol pearsanta agus oibre agus thug an clár sin ardán agus éisteacht dóibh.

Agus Ceannasaí RTÉ Raidió 1 Tom McGuire, ag cur síos ar Mharian Finucane, dúirt sé gur ‘guth sainiúil’ ab ea a guth agus gur ceannródaíocht a bhí san obair a rinne sí ar Liveline.

Bhuaigh sí an Prix Italia do chlár faisnéise a rinne sí i 1979, Abortion: the Lonely Crisis, mar a ndeachaigh sí go Sasana in éineacht le bean óg a bhí ag dul ginmhilleadh a fháil.

Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ina measc siúd a chuir a gcomhbhrón in iúl ar bhás an chraoltóra nuair a dúirt sé: “Tá craoltóir a raibh an-ghean agus an-mheas ag an bpobal uirthi agus a raibh an-iontaoibh acu aisti imithe uainn.”

Dúirt Dee Forbes, Ard-Stiúrthóir RTÉ, gur bean “an-chumasach ab ea Marian Finucane a raibh a hainm in airde i measc an phobail ach thar aon rud eile gur iriseoir diongbháilte a bhí inti a raibh díocas riamh uirthi talamh úr a threabhadh”.

Fágann Marian Finucane ina diaidh a fear céile John Clarke, a mac Jack agus a leaschlann Jocelyn, Neil agus Timothy. Bhásaigh a hiníon Sinéad ón leoicéime i 1990 agus gan í ach ocht mbliana d’aois.

Níos mó