Gearrliosta Ghradaim NÓS 2020 fógartha
Na scórtha iontrálacha. 30 ceoltóir agus banna ainmnithe. 8 ngradam le buachan.
Tá an gearrliosta anois fógartha do Ghradaim NÓS 2020, a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse, agus is mór an réimse stíleanna agus seánraí atá le brath i measc na ndaoine tréitheacha a fuair ainmniúchán i mbliana.
12 amhrán atá san iomaíocht do ‘Amhrán na Bliana’, rannóg a chlúdaíonn gach rud ó rac, pop agus folk go hip hop, damhsa agus ceol spioradálta – léiriú maith ar an bhfás atá tagtha ar cheol comhaimseartha na Gaeilge ó tháinig ann do na gradaim 5 bliana ó shin go fiú.
Tá iontrálacha láidre ann arís sa rannóg ‘Físeán na Bliana’ agus tá níos mó ceoltóirí ná riamh tar éis dua a chaitheamh le hobair ealaíne a chur amach mar chuid dá n-eisiúintí.
Tá seanfhondúirí iomráiteacha ar nós Moya Brennan, Cormac de Barra agus Gerry Tom Ó Murchú ar an liosta, bannaí móra mar Seo Linn, agus go leor den ghlúin nua atá ag teacht chun cinn, cuir i gcás an bhean óg chumasach as Conamara, Róisín Seoighe, a bhfuil dhá amhrán dá cuid ainmnithe agus na hógánaigh Calum Agnew agus Grace Willis, a bhfuil na mílte amharc faighte ag na físeáin atá déanta acu le Coláiste Lurgan.
Anuraidh ba é an grúpa dána Feirsteach KNEECAP na buaiteoirí móra nuair a thug siad leo 5 dhuais ar an oíche agus tá ainmniúchán faighte acu i 4 rannóg an babhta seo.
I measc na moltóirí le haghaidh na rannóg éagsúil tá ionadaithe ó NÓS, RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Gaeilge, Raidió na Life agus TG4, chomh maith le ceoltóirí agus stiúrthóirí aitheanta, agus is fúthusan atá sé anois na buaiteoirí iomlána a roghnú.
Ar ndóigh beidh deis agaibh féin ról a imirt sa phróiseas chomh maith mar go bhfuil ‘Féile na Bliana’ á reáchtáil mar vóta poiblí arís. Caithigí bhur vótaí don cheann sin ag bun an leathanaigh seo.
Dé hAoine 24 Eanáir, sa Sugar Club i mBaile Átha Cliath, a bheidh an ócáid mhór bhronnta féin mar sin mura bhfuil ticéad faighte agaibh cheana féin, déanaigí anois é agus bígí linn chun ceiliúradh a dhéanamh ar éachtaí ceoil na bliana!
Amhrán na Bliana
An Teanga Linn – Róisín Seoighe
Ar Fithis – Bruadar
Deis Dall – Grooveline
Fásta – Lauren Ní Chasaide
Fenian C*nts – KNEECAP
Gael-Gigolos – KNEECAP
Geasa – Róisín Seoighe
Mise agus Tusa – Gráinne Holland
Mo Chroí – Ajeet Kaur
Oileáin – Ushmush
Ón Radharc is Sia – Inni-K
Soilsiú an Lae – Seo Linn
Albam na Bliana (Nuacheol)
Corcra – Gráinne Holland
Fad Saoil – Joe Steve Ó Neachtain + Johnny Óg Connolly
Timeless – Moya Brennan + Cormac de Barra
Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)
An Clár Bog Déil – Claire Nic Ruairí
Lán Mara – Treasa Ní Mhiolláin
Sibéal – Sibéal
Tabhair mo Ghrá go Conamara – Ceoltóirí Éagsúla
Físeán na Bliana (Amhrán Nua nó Trad)
Agus Dúrt Léi – Seaghan Mac an tSionnaigh
Fásta – Lauren Ní Chasaide
Gael-Gigolos – KNEECAP
Lig Dom Imeacht – Dris-Óg
Lon Dubh an Gheimhridh – Gráinne Holland
Mise Éire – Sibéal
Ná Bac – IMLÉ
Port na bPúcaí – Muireann Nic Amhlaoibh + Billy Mag Fhloinn
Soilsiú an Lae – Seo Linn
Ealaín na Bliana
Cor na Rón – Gerry Tom Ó Murchú
Corcra – Gráinne Holland
Deis Dall – Grooveline
Fad Saoil – Joe Steve Ó Neachtain + Johnny Óg Connolly
Fenian C*nts – KNEECAP
Gael-Gigolos – KNEECAP
Marcas sa gCoill – Seo Linn
Oíche Gheal – Pádraig Jack
Oileáin – Ushmush
Sibéal – Sibéal
Nuíosach na Bliana
Calum Agnew
Dris-Óg
Grace Willis
Grooveline
Smugairle Róin
Tadhg
Ushmush
Vigilanti
Banna / Ceoltóir na Bliana
Bruadar
Gráinne Holland
Inni-K
KNEECAP
Lauren Ní Chasaide
Róisín Seoighe
Seo Linn
Sibéal
Féile na Bliana
(vótáil anseo go dtí an 22 Eanáir)
Féile na Bealtaine
Féile na Gealaí
Féile Nasc
Electric Picnic
Liú Lúnasa
Oireachtas na Samhna