Tá socruithe sochraide Joe Steve Uí Neachtain fógartha.
Beidh an scríbhneoir, aisteoir agus gníomhaí pobail cáiliúil a bhásaigh ag an deireadh seachtaine á thórramh i dTeach Tórraimh Uí Neachtain ar an gCnoc in Indreabhán idir 4pm agus 7pm tráthnóna amárach, Dé Máirt.
Léifear Aifreann na sochraide dó i Séipéal Naomh Ainnín, An Cnoc, ag meán lae Dé Céadaoin agus cuirfear i Reilig an Chnoic ina dhiaidh sin é.
Tá pobal na teanga faoi scáth ó chualathas an scéal go raibh Joe Steve Ó Neachtain, duine d’fhathaigh shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann, ar shlí na fírinne.
Ba as an gCré Dhubh ar an Spidéal do Joe Steve Ó Neachtain agus bhí a shaol agus a shaothar fréamhaithe sa cheantar as ar fáisceadh é agus inar chaith sé formhór a shaoil.
D’fhág sé lorg buan ar shaol na Gaeltachta agus ar litríocht na Gaeilge mar cheannródaí i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus mar scríbhneoir ildánach.
Joe Steve Ó Neachtain 1942-2020 – duine d’fhathaigh shaol na Gaeilge, na Gaeltachta agus chultúr na hÉireann tar éis bháis
Cuireadh aithne air chomh maith ar fud na tíre mar gheall ar a pháirt mar Pheadar Ó Conghaile ar Ros na Rún agus thug sé 21 bliain leis an sobaldráma Gaeltachta.
Fear Gaeltachta go smior ab ea é agus ba iad a mhuintir féin, a phobal féin agus a theanga féin ba ghaire dá chroí.
“Sna garbhchríocha i measc na cosmhuintire atá mo shaol caite agam. Pobal misniúil nach raibh acu ach ón láimh go dtí an béal ach a thug oidhreacht agus áilleacht Chois Fharraige slán ó ghlúin go glúin,” a scríobh sé féin ina leabhar Fad Saoil.
Scríbhneoir ildánach ab ea é a scríobh drámaí, gearrscéalta, úrscéalta, filíocht, sceitseanna, amhráin, geamaireachtaí, scoraíochtaí agus agallaimh bheirte.
Bhí cáil air chomh maith gur duine croíúil lách cuiditheach é agus bhí cion dá réir ag daoine i bhfad is i ngearr air.
Fágann sé ina dhiaidh a bhean chéile Máirín, a mbeirt iníonacha, Luisne agus Aisling, a mac Páid, a mhuintir agus a chairde go léir.