Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-gan-aon-chinneadh-fos-comortas-peile-na-gaeltachta-2020-a-chur-siar

Gan aon chinneadh fós Comórtas Peile na Gaeltachta 2020 a chur siar

Níl aon chinneadh déanta fós Comórtas Peile na Gaeltachta 2020 a chur siar de bharr paindéim Covid-19.

Deir óstaigh chomórtas na bliana seo, Naomh Anna Leitir Móir, nach bhfuil aon rogha eile acu ach leanúint orthu ag fáil réidh chun tús a chur leis an gcomórtas deireadh seachtaine na Cincíse in ainneoin na héiginnteachta atá ann faoi láthair.

D’fhógair Cumann Lúthchleas Gael an tseachtain seo caite go raibh siad ag cur stop le himeachtaí ag gach leibhéal ar fud na tíre go dtí an 29 Márta.

Is beag seans go gcuirfear tús le cluichí go luath ina dhiaidh sin, áfach, agus é ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhféadfadh go mairfeadh an ghéarchéim sa tsláinte phoiblí go dtí amach sa samhradh.

Bhí coiste náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta le bualadh le chéile i nGaillimh an deireadh seachtaine seo chun comórtas na bliana seo a phlé ach bhí orthu an cruinniú a chur ar athlá de bharr na géarchéime.

Deir rúnaí an choiste náisiúnta, Mícheál Mac Donnchadha, nach fios cén uair is féidir an cruinniú sin a athsceidealú agus nach féidir aon chinneadh a dhéanamh faoin gcomórtas go dtí go mbeidh léargas níos fearr acu faoina bhfuil le teacht ó thaobh cúrsaí sláinte phoiblí.

Fiú má bhíonn cluichí CLG á n-imirt roimh thús an tsamhraidh, tá gach seans ann go mbeidh deacrachtaí ann na babhtaí cáilithe a chríochnú in am, go háirithe i nGaillimh agus i nDún na nGall, áiteanna ina mbíonn níos mó cluichí i gceist.

Mar sin féin, tá sé ráite ag cumann Naomh Anna Leitir Móir go gcaithfear glacadh leis go mbeidh an comórtas ar siúl idir an 29 Bealtaine agus 1 Meitheamh go dtí go gcloisfear a mhalairt.

“Ní hé an cinneadh s’againne é [an comórtas a chur siar], is suas ag an gCoiste Náisiúnta atá sé,” a deir Pádraig Ó Conghaile, Cathaoirleach Naomh Anna.

“Tá beagán plé déanta againn leo agus le Cumann Lúthchleas Gael ach níl aon treoir faighte againn go fóill.

“Tá muid ag coinneáil orainn mar a bheadh. Beidh orainn an obair uile a bheith déanta anseo agus dá mbeadh muid le stopadh, ní bheadh rudaí réidh in am.”

Bhronn Roinn na Gaeltachta deontas beagnach €270,000 ar Naomh Anna chun obair a dhéanamh le bheith réidh do Chomórtas Peile na Gaeltachta agus deir Ó Conghaile go bhfuil siad fós in ann dul ar aghaidh leis na hoibreacha sin.

“Tá muid ag coinneáil orainn leis an bhforbairt timpeall na páirce, leis an seastán nua agus an t-athchóiriú ar na seomraí feistis. Caithfidh muid an obair sin a chríochnú in am pé scéal é.”

Níos mó