‘Osclaíodh m’intinn agus mo chló ceart trí theagmháil leis an nGaeltacht’
Ní raibh d’acmhainn age mo mhuintirse éinne dá gclainn a chur chun Coláiste Gaeltachta. Dá dheasca san, agus de dheasca nárbh é mo chontae dúchais an contae ba threise Gaelainn amuigh, ní raibh aon chuimhneamh agam ar dhul in aon ghiorracht don nGaelainn tráth an fhoirm CAO á líonadh amach agam. Thugas m’aghaidh ar Luimneach an fómhar dar gcionn. Tríd an aithne a chuireas ann de réir a chéile ar mhic léinn agus ar iníonacha léinn ó chontaetha Gaeltachta na Mumhan, bhí blaiseadh fuascailteach den nGaeltacht á fháilt den gcéad uair agam ar an ollscoil.
B’ait an rud é go raibh Gaeltacht na nDéise ar leac an doiris agam ó saolaíodh mé, agus nár thugas cuairt ar aon dúthaigh Ghaeltachta nó gur bhaineas amach Conamara i samhradh na bliana 2007. Bhí sé de charthanacht age coláiste samhraidh éigint post a thabhairt dom mar cheannaire. B’eo liom ar an mbóthar go Ros an Mhíl nó gur shroicheas tigh bándearg a sheas go maorga ar íor na spéire ríghoirme. Tigh na múinteoirí ab ea é sin, gan éinne uaim ná chugham toisc na múinteoirí a bheith bailithe leothu cheana féinig chun an tábhairne ag caitheamh siar.
Ag siúl liom féin aníos i dtreo an choláiste an mhaidean dar gcionn, do casadh orm feirmeoir Gaeltachta den tseana-dhéanamh ceart. “Tá sé brothallach” arsa mise leis ag baint leas féinchoinsiasach an fhoghlaimeora as focal Gaelainne ab eol dom a bheith le fáil i gcanúintí áirithe an Bhéarla ar feadh na tíre. “Meirbh a dheireann muide” an freagra a fuaireas uaidh – an sórt aiseolais canúnach is ríghá dul i ngleic leis d’fhonn aon dul chinn fónta a dhéanamh i bhfoghlaim teangan. Sara raibh deireadh ár gcomhrá déanta, bhí mo dhuine ag seanchaíocht leis ar an leigheas a dhéanfadh braoinín de bhainne na gcaisearbhán ar fhaithní.
Níor thuigeas ach a leath dá gcuid cainte siúd, mo theanga féin ag imeacht ceangailte i gcomhréir a bhí bunoscionn le m’éirim. Ach bhí a fhios agam go rabhas tagtha anois go dtí an áit cheart – m’intinn féin agus mo chló ceart á n-oscailt beag ar bheag tríd an dteangbháil seo le gnéithe dár ndúchas a bhí ligthe i ndearúd age formhór na tíre. Táid siad ann agus gurbh fhearr leo mara mbeadh fanta sa Ghaeltacht ach na caisearbháin féin – páirceanna náisiúnta siamsaíochta a sholáthar do chuairteoirí den uile chineál, agus gan beann acu orthu siúd arb iad mianta a gcroí pobail sheasmhacha a chothú iontu.
“B’fhearr seachtain sa Phrióireacht ná bliain ar scoil” a deirtear, ach bhí a fhios agam nár leor fiú an mhí bhliantúil sa Ghaeltacht le greim shubstaintiúil a fháilt ar shaíocht na teangan. Ní haon jóc é an geimhreadh in Iarthar na hÉireann, ach bhíos meáite ar iarracht éigint a dhéanamh ar lipéad an “lá breá” a chaitheamh díom. Chuige sin, thosnaíos ar a bheith ag ullmhú i dtreo dul ag maireachtaint sa Pharóiste Múrach i gCorca Dhuibhne, dúthaigh go raibh fo-chanúint dá cuid go lárnach i mo thráchtas PhD. Níor chomh bog san bogadh go dtí an Ghaeltacht áfach!
Is ea, bead go deo baoch den bhfear a d’fhág paiste dá lantán sléibhe agam le go lonnóinn mo charbhán ann. Radharc ar an triúr deirféar agus uaigneas míorúilteach a bhí agam san áit. Ní raibh an suaimhneas róchabhrach áfach an mhaidean ar dhúisíos de gheit le mo chois chlé ataithe age téachtán fola, mar dob éigean dom mé féin a thiomáint 60km soir go hóispidéal Thrá Lí – agus siar abhaile aríst nuair a fuaireas an fáthmheas, mo chos ag scoilteadh ar feadh an ama. Agus chuas an lá dar gcionn aríst ag múineadh ábhar oidí a bhí ag comhlíonadh tréimhse thraidisiúnta na dtrí seachtaine sa Ghaeltacht.
Ní mó na sásta a bhí daoine áirithe nach in aice le campas na hollscoile féin a mhairfinnse agus mo chlár dochtúireachta idir lámha agam. Ambaist, nár scaipeadh mar dhíoltas orm ráfla gur ar mhaithe le bheith ag luí le bean áirithe, sórt “cúgar” Gaeltachta, a bhí mo chinneadh cróga déanta agam! Cumadóireacht amach is amach! Agus bac institiúideach ar bhuanchónaí a dhéanamh sa Ghaeltacht, arsa lucht na dteoiricí comhcheilge, b’fhéidir. Ach cíoraimís an cheist áirithe sin a thuilleadh, de ghrá na cothroime.
Bhí fear ón áit i nganntanas tí le mo linnse ann, é ag maireachtaint i dtig soghluaiste ar a thalamh féin suas an bóthar uaim. Tigh admaid féinleorga féinchuimsitheach atá cineálta don gcomhshaol agus ar léiriú é, b’fhéidir, den sórt tithíochta is féidir a fhorbairt amach anso sa tír – eiseamláir Ghaeltachta do dhaoine ar fuaid na hÉireann.
Ní mar sin áfach a thuig Comhairle Chontae Chiarraí an scéal. Bhí diúltaithe ag an údarás san do gach iarratas ar chead pleanála uaidh gach aon bhliain den deich mbliana roimis sin. Nuair a d’ardaíos an cheist seo i láthair Seán Kyne ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana, cuireadh i mo leith gur a d’iarraidh aird a tharrac orm féin a bhíos. Bhuel, má chabhraíonn san le aird a tharrac ar chás na Gaeltachta, cuma sa diabhal liomsa cén mhasla eile a chaithfear im threo-sa.
Is ea, bhí dúshláin ann, ach ba iad na blianta a chaitheas i gCorca Dhuibhne ar na blianta ab fhearr dar chaitheas fós. Ní hionann so agus a rá nach féidir cruacheisteanna a dh’ardach ins an am céanna. Idir chláracha teilifíse, choláistí samhraidh á gcur ar ceal, agus haischlib úr nua an #seoíanGhaeltacht faoi lán tseoil, is maith an tréimhse í seo chun ceist na Gaeltachta a chíoradh.