Gaeltacht X agus iontais eile an tsaoil ar líne
Cuntas Instagram na Seachtaine
https://www.instagram.com/p/CBm-HaRHHRi/?utm_source=ig_embed&utm_campaign=loading
Bunaíodh Gaeltacht X le freastal ar na daltaí scoile nach bhfaighidh taithí ar an Ghaeilge nádúrtha agus na coláistí samhraidh uilig druidte de bharr na srianta scartha sóisialta.
Chruthaigh Conradh na Gaeilge an pobal seo ar líne do dhaoine óga le deis foghlamtha, craic, agus comhrá a thoiseacht leis na Gaeil óga atá ag chaillfidh an taithí sa Ghaeltacht i mbliana.
TikTok na Seachtaine
@chrisisainmdom An ode to the class of 2020 #leavingcert #irish #centra #chickenfilletroll #ad #ireland
♬ original sound – That Irish Gay 🌈☘️
Ní smaoiníonn tú ar an oiread bríonna atá ag focail Ghaeilge go dtí go bhfeiceann tú TikTok cosúil leis an cheann seo a rinne @chrisisainmdom do BLOC TG4. San fhíseán seo, déanann sé imscrúdú ar na bealaigh éagsúla gur féidir an focal ‘caitheamh’ a úsáid.
Giolc na Seachtaine
Scéal mór na seachtaine ná go mbeidh Leo Varadkar agus Mícheál Martin ag roinnt phost an Taoisigh má ghlacfar leis an chonradh ar rialtas úr an tseachtain seo, rud a fhágfaidh go mbeidh Mícheál Martin ina Thaoiseach go 2022 agus go nglacfaidh Leo an ról arís ina dhiaidh.
Físeán na Seachtaine:
Níor chuir aon fhíseán fonn chomh mór sin orm dul chuig an teach tábhairne agus a chuir an fógra teilifíse úr seo ag déanamh bolscaireachta ar cheol traidisiúnta ar TG4. Simplí agus éifeachtach.