Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘go-dtoga-an-e-rothar-ait-an-chairr’

‘Go dtóga an e-rothar áit an chairr’

| Sean Mor O Daimhin |

Síleann mo chairde rothaíochta go bhfuil mé dulta chuig an ‘taobh dorcha’. Tá mo chlú agus mo sheasamh mar ‘rothaí’ i mbaol. Ghlac mé cinneadh thart fá dhá mhí ó shin e-rothar a cheannach agus a chur le mo stoc-charn rothar. 

Is beag meas atá ar an e-rothar i measc an phobail rothaíochta in Éirinn go fóill beag. “That’s cheating,” a scread fear liomsa agus le mo bhean chéile nuair a chuaigh muid thairis ar shliabh ar na mallaibh, agus eisean ag siúl lena rothar ag a thaobh i ndiaidh dó tuirlingt de bharr ghéire an chnoic. “It’s ok for the needy types,” a scríobh fear eile go maslach ar phlé ar na meáin shóisialta maidir le rothair leictreacha. Ach tá mise i ngrá le crónán ciúin suaimhneasach an innill bhig ar na cnoic ghéara chrua choscracha. 

An rud nach dtuigeann a lán daoine ná go bhfuil dhá chineál rothaíochta ann: an taisteal agus an traenáil. Más ag traenáil le haghaidh leibhéal ard aclaíochta atá tú, ní mholfainn duit dul ar e-rothar leis sin a dhéanamh. Is fearr i bhfad sin a dhéanamh ar rothar gan aon tacaíocht air seachas giaranna, bíodh sin ina rothar sléibhe nó ina rothar bóthair.  

Téim amach go fóill trí huaire gach seachtain ar mo rothar bóthair. Ní haon chú caol mé mar rothaí, agus bíonn neart oibre le déanamh agam ar gach mala agus ardú sa bhóthar. Is breá liom an dúshlán fisiciúil a bhaineann leis, agus is breá liom an phreab a chuireann sé i mo chos ag dul suas staighre dom, nó an anáil bhreise a thugann sé dom ó thús go deireadh an lae. Má tá tú ábalta rothaíocht a dhéanamh mar seo, go háirithe má tá laethanta na peile agus an spóirt teagmhála thart, ceannaigh rothar gan inneall ar dtús!

Ach más ag taisteal go praiticiúil chun na hoibre nó chuig na siopaí atá tú, nó fiú ag taisteal na tíre ar mhaithe le sult agus pléisiúr agus saoire, mholfainn go láidir duit smaointiú ar e-rothar a chur isteach sa bhothán taobh le do rothair eile. Ba chóir don e-rothar áit an chairr a ghlacadh. Is taisteal sláintiúil atá ann, mar go bhfuil tú ag déanamh aclaíocht éadrom amuigh faoin aer. 

Ní scútar é an e-rothar, caithfidh an duine obair a dhéanamh, na roithleáin a thiontú, le hé a chur ag gabháil. Agus tá sé sláintiúil do ghlaine an aeir fosta, níl tú ag brú amach astaíochtaí san aer – cé go bhfuil ceisteanna móra timpeallachta faoin dóigh a ndéantar an litiam do na cadhnraí a bhaint ón talamh trí mhianadóireacht, agus faoin deacracht iad a athchúrsáil nuair a bhíonn siad caite i ndiaidh dhá bhliain, ach tá mé ag súil go dtiocfaidh feabhas ar an scéala sin. 

Seo iad na buntáistí ar fad a tchím féin le e-rothar mar mhodh taistil. Tá sé sláintiúil don cholainn ach gan bheith róchrua. Déanann sé talamh cothrom de gach cnoc agus de gach ardú ar an bhóthar. Is féidir fad ama an turais a thomhas níos cruinne de bhrí nach gcuireann na cnoic rómhoill ort.

Is féidir taisteal ar e-rothar cúig lá na seachtaine nó níos mó agus gan tuirse colainne a charnadh ort de réir a chéile. Ní bhíonn ort fanacht i scuainí tráchta, ná íoc as spás páirceála. Déanfaidh tú níos mó rothaíochta ná riamh, mar nach bhfuil an dua céanna i gceist le gach turas. 

Tá trí nó ceithre leibhéal tacaíochta ar fáil ar an e-rothar, agus thig leat níos mó oibre a dhéanamh nó níos lú oibre de réir mar is mian leat. Bíonn lánúin ábalta taisteal turasóireachta a dhéanamh le chéile, fiú má tá duine amháin níos láidre ag an rothaíocht ná an duine eile. Sábhálfaidh tú níos mó airgid ná gnáthrothar le himeacht ama mar is annamh a bheas an carr de dhíth ort. Tá chóir a bheith 1,000km déanta agam féin in dhá mhí ar an e-rothar amháin. Is féidir ualach a iompar orthu gan aon stró: athrú éadaí, ríomhaire glúine, cáipéisí oifige, leabhair, lón, uirlisí. Má tá gortú ort, nó má tá laige i do ghlúine, is féidir leis an e-rothar a bheith mar dhlúthchara agat. 

Ach, ní saol an mhadaidh bháin uilig é. Tá míbhuntáistí ann fosta, nó rudaí a gcaithfidh tú smaointiú orthu. Ar dtús, tá costas ard ar e-rothar fiúntach san am i láthair, go háirithe más mian leat dul i bhfad air. Gheofá ceann don bhaile mór ar €1,000 (30km – 60km), ach gheofá ceann níos fearr ar €2,000, agus rachadh sin níos faide (idir 80km agus 130km). 

Bheadh ort labhairt leis an Chomhar Creidmheasa, b’fhéidir! Glacann sé na huaireanta an chloig an cadhnra a luchtú arís. Is fearr sin a dhéanamh gach oíche. Tá siad iontach trom le tógáil nó le bogadh thart nuair nach bhfuil tú ag rothaíocht orthu. Tá obair dheisiúcháin costasach fosta. Dá mhéad meáchan a bhíonn ar an e-rothar, is ea is mó cumhacht a shúnn an t-inneall. Is féidir leat rith amach as cumhacht ar thuras fada fosta, ach thig leat leanúint ar aghaidh go mall fadálach gan aon chumhacht. 

Agus an ceann deireanach, beidh stór mór freagraí maithe gasta de dhíth ort nuair a mhaslóidh rothaithe eile thú idir shúgradh is dáiríre!

Níos mó