Tá roinnt cainteoirí líofa Gaeilge i measc na mball ar an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán ar aontaigh an Rialtas na téarmaí tagartha dó inniu.
Tá an Coimisiún nua á bhunú chun cúrsa a leagan amach don chraoltóireacht phoiblí agus do na meáin neamhspleácha sna blianta amach romhainn.
Agus baill an Choimisiúin á bhfógairt, thagair an Taoiseach Micheál Martin go sonrach don Ghaeilge.
“Caithfimid tacaíocht ar bhonn inmharthana a thabhairt dár gcraoltóirí poiblí ionas go mbeidh ardán ann dár gcultúr, dár dteanga agus dár spórt sa todhchaí,” arsa an Taoiseach.
Cainteoir líofa Gaeilge é Cathaoirleach an Choimisiúin, an tOllamh Brian Mac Craith, iarUachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Ceapadh Mac Craith ina chathaoirleach roimhe seo. I measc na mball a fógraíodh
inniu, tá an craoltóir de chuid BBC Raidió Uladh, Lynette Fay, cainteoir líofa Gaeilge as Dún Geanainn i dTír Eoghain.
Ar na baill eile den Choimisiúin tá Nuala O’Connor, scannánóir agus duine de bhunaitheoirí an chomhlachta léiriúcháin South Wind Blows, a bhfuil cónaí le fada uirthi i mBaile an tSléibhe i gCeann Trá i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
Is iad na baill eile a ainmníodh ná Alan Rusbridger, iar-eagarthóir nuachtán an Guardian, Mark Little an t-iar-iriseoir atá anois ina fhiontraí sna meáin shóisialta, an Dr Finola Doyle-O’Neill, staraí ó UCC, Sinéad Burke, an scríbhneoir, tionchaire agus gníomhaí, Gillian Doyle, Ollamh ó Ollscoil Ghlaschú agus Stephen McNamara, Stiúrthóir Cumarsáide an IRFU.
Tá sé i gceist beirt bhall eile a fhógairt nuair a dheimhneofar go mbeidh siad ar fáil.
Dúirt an tAire Meán Catherine Martin go raibh sí ag súil le moltaí a fháil ón gCoimisiún nua faoi conas is féidir an iriseoireacht neamhspleách a chothú agus a chosaint amach anseo.