Tá sé i gceist ag lucht togra nua bealaí rothaíochta ar chaighdeán domhanda a fhorbairt ar fud na gceantar Gaeltachta.
Bunaíodh Gaeltacht.cc le gairid chun club a chur ar fáil do rothaithe Gaeltachta ar fud na tíre ach tá sé i gceist acu infreastruchtúr caitheamh aimsire agus spórt na Gaeltachta a fhorbairt chomh maith.
I measc na dtograí atá beartaithe acu, tá Slí Rothaíochta Chonamara, raon rothaíochta a cheanglódh cathair na Gaillimhe le Conamara agus Oileáin Árann.
Is é an t-iar-rothaí gairmiúil agus úinéir an bhranda rothaíochta, Velotec, Pádraic Ó Cuinn, atá taobh thiar den togra.
“Tá na ceantair Ghaeltachta éagsúla nasctha le chéile i dtaobh teanga ach ag an am céanna, tá siad scaipthe thar seacht gcontae éagsúil,” a deir Ó Cuinn.
“Feiceann muid go bhfuil luach ar leith ag baint le rothaithe ar fud na Gaeltachta a thabhairt le chéile faoi chlub agus branda amháin, ag cur le féiniúlacht na Gaeltachta agus, ar ndóigh, ag cur san áireamh go bhfuil clubanna aonaracha ag feidhmiú cheana féin i roinnt ceantar Gaeltachta.”
Tá lucht an togra ag obair cheana féin le daoine éagsúla ar ghréasán de bhealaí rothaíochta gairbhéil ardchaighdeáin a fhorbairt i nGaeltacht na Gaillimhe.
“Tá muid ag obair le comharchumainn, scéimeanna fostaíochta pobail agus le hÚdarás na Gaeltachta ó thaobh comhordú a dhéanamh ar ghréasán rothaíochta a fhorbairt a bheadh bunaithe ar bhóithre portaigh atá ann cheana féin,” a deir Bainisteoir Feidhmíochta Gaeltacht.cc, Jade Lydon.
“An-sampla den chineál seo oibre atá á dhéanamh ag na scéimeanna fostaíochta pobail is ea Seanadh Mhacha i gConamara, atá aitheanta againn mar phointe lárnach as a bhfásfaidh an gréasán seo.”
Tá sé deimhnithe chomh maith go mbeidh Gaeltacht.cc ag reáchtáil Craobh Cyclocross Chonnacht i mí na Nollag,
Bhí an club nua lárnach an deireadh seachtaine seo caite in eagrú imeacht rothaíochta fíorúil, Rothaí Gaeltachta, i gcomhar le hoifigigh pleanála teanga na Gaeltachta.
“Is sampla den scoth é an dúshlán Rothaí Gaeltachta den rud ba mhaith linn a bhaint amach,” a deir Ó Cuinn, atá ina Oifigeach Forbartha Óige Cycling Ireland i gConnachta chomh maith. “Is bealach é le daoine, idir óg agus sean, a fháil ar rothair, agus teacht níos éasca a bheith acu ar spórt atá sláintiúil spraíúil.”
Tá urraíocht faighte ag an gclub ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus TG4, agus táthar i mbun oibre cheana féin eagrú imeachtaí.
Tá fáilte á chur ag Gaeltacht.cc roimh bhaill nua a bhfuil spéis sa rothaíocht acu agus iarrtar ar aon duine sa Ghaeltacht ar mhaith leo go mbeadh Gaeltacht.cc gníomhach ina gceantar féin teagmháil a dhéanamh leo.
Is féidir tuilleadh eolais ar Gaeltacht.cc a fháil anseo agus ar na meáin shóisialta.