Meon na mBan | Podchraoladh na Seachtaine
Má tá podchraoltaí Gaeilge á lorg agat ní mór duit súil a choinneáil ar an tsraith nua seo ina bhfoilsítear podchraoladh Gaeilge gach seachtain. Is é podchraoladh na seachtaine seo ná ‘Meon na mBan’ le Raidió na Life.
“Cuireann painéal ban an saol trí chéile uair sa tseachtain”
Tá na cláir ar fad ar fáil ar Spotify, Apple, Soundcloud agus gach ardán eile.
Phléadh míostrú ar #MeonnamBan an tseachtain seo agus labhair an painéal faoin eolas atá ar fáil agus an tábú a bhaineann le míostrú. Is féidir éisteacht leis agus an podchraoladh a leanúint ar Spotify thíos.
Bíonn Meon na mBan le cloisteáil ar Raidió na Life 106.4FM nó beo ar líne ag 19:30 gach Luan.
Míle buíochas leis an bpainéal, baill nua, agus éisteoirí a roinn tuairimí is moltaí ag cruinniú #MeonnamBan. An iomarca daoine (agus gadhar) d’aon scáileán amháin!
Ag tnúth le tús a chur le sceideal nua gach Luan 19.30, ar Spotify, Soundcloud 7 ardáin eile ♀️💪🌍 #LeChéile pic.twitter.com/Z4p7HMw2A4
— Raidió na Life (@raidionalife) May 26, 2020
Bíonn réimse leathan topaicí á phlé acu idir Contúirt an idirlín: ciapadh agus íomhánna príomháideacha, Patriarchy Chicken agus Spóirt na mBan.