Tuairiscítear go bhfuil an Rialtas le moladh a dhéanamh go gcuirfí sprioc-am leis an gcuspóir sa bhille teanga go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge.
Thuairiscigh comhfhreagraí polaitíochta Nuacht TG4, Sorcha Ní Riada, tráthnóna gur 2030 an sprioc-am atá á mholadh ag an Rialtas a phléigh an dréachtreachtaíocht inniu.
An easpa sprioc-ama i dtaobh mhórchuspóir earcaíochta 20% an bhille ba mhó a thuill cáineadh nuair a foilsíodh an reachtaíocht ag deireadh na bliana seo caite.
Chuir Conradh na Gaeilge fáilte tráthnóna roimh na tuairiscí go bhfuil an Rialtas sásta sprioc-am a chur leis an gcuspóir earcaíochta, ach dúirt go gcaithfí súil ghéar ar fhoclaíocht an leasaithe sula ndéanfaí breithiúnas faoi.
Tá @CnaG an-sásta seo a fheiceáil. Tá seo fíorthabhachtach le seirbhísí a chinntiú don phobal #Gaeilge agus #Gaeltacht.
Is éileamh é seo a chuir muid chun cinn i rith an olltoghcháin & ag #SEAS20 le deanaí. ✅
Scrúdófar an téacs den leasú dar ndóigh nuair a fhoilseofar é. 👇 https://t.co/TZJXrnfUXZ
— Conradh na Gaeilge (@CnaG) October 6, 2020
Tuairiscítear gur ocht leasú atá á moladh ag an Rialtas ar an mbille a bheidh os comhair na Dála Déardaoin.
Ní fios go fóill an bhfuil aon mholadh i measc na leasuithe maidir le foráil láidir a chur sa bhille a chinnteodh go mbeadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí freastal ar mhuintir na Gaeltachta sa Ghaeilge.
Ceann de na laigí móra eile a fuarthas ar an mbille ná nach raibh dualgas reachtúil leagtha ar aon duine nó dream ann maidir leis an bplean náisiúnta earcaíochta a chur i bhfeidhm.
Nuair a bheadh an plean curtha i dtoll a chéile ag coiste comhairleach nua chuirfí faoi bhráid an rialtais é, leagfaí os comhair Thithe an Oireachtais é agus d’fhoilseofaí é. Ach níorbh léir dualgas reachtúil a bheith ar aon duine é a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin.
Meastar go gcaithfeadh na leasuithe dul i ngleic leis an gceist sin chun go mbeadh an bille inchreidte mar phíosa reachtaíochta.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin an tseachtain seo caite go bhfuil sé i gceist ag an rialtas an bille teanga, a bhfuiltear ag fanacht air le breis is ocht mbliana, a dhéanamh níos láidre sula bhfoilseofar é.
Gheall an Taoiseach go ndéanfadh na leasuithe an bille “a threisiú”.
Tá sé i gceist go mbeadh vóta Dála faoin mbille ann an tseachtain seo chugainn agus go gcuirfí ar aghaidh é go dtí Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta ina dhiaidh sin.
Bhí an bille le tabhairt os comhair na Dála ag tús na bliana ach chuir an t-olltoghchán moill ar chúrsaí.