Beo ar Éigean | Podchraoladh na Seachtaine
Roghnaigh muid ‘Beo ar Éigean’ de chuid RTÉ mar phodchraoladh na seachtaine seo. Ní bheadh sé ceart nó cóir sraith podchraoltaí Gaeilge a bheith againn gan na mBAE’s a lua. Cuireann siad ábhar den chéad scoth, craic, comhrá agus cairdeas i láthair.
‘Is iad Siún Ní Dhuinn, Áine Ní Bhreisleáin, agus Sinéad Ní Uallacháin a chuireann Beo Ar Éigean i láthair
Éist leis an bpodchraoladh is déanaí thíos: Siún, Sinéad agus Áine ag caint ar an gcraic atá ag tarlú i láthair na huaire, má tá a leithéid ann?!
https://open.spotify.com/episode/3W9W61Pk7eJ74IhpeGoN9y
Tá Beo ar Éigean ar fáil ar na hardáin uile agus ar RTÉ Raidió 1 Oíche Shathairn ag 20:00.
Listened to #beoaréigean on @RTERadio1 for the 1st time yesterday and listened to four more podcasts since.
I haven’t spoken Irish in a few years it feels like a pint, a bath and a hug from a best friend, all in one.
Grma: @Siuners @AineEibhlin @SNiUallachain
— Rosanna Cooney (@RosannaCooney) June 14, 2020
Bíonn réimse leathan topaicí á bplé acu idir Ag streachailt le ciníochas, Foighne agus féinfhorbairt, agus 10 mbliana, 10 gceacht?.
Is féidir cúrsaí reatha na mBAE’s a leanúint @beopodchraoladh ar Instagram.
View this post on Instagram
Go raibh maith agaibh as éisteacht le #beoaréigean #internationalpodcastday #éist
A post shared by Beo ar Éigean (@beopodchraoladh) on