Tá an gearrliosta foilsithe do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ An Post agus sé leabhar Gaeilge san iomaíocht ag Irish Book Awards na bliana seo.
Seo an tríú bliain rannóg ar leith a bheith ag na gradaim agus í urraithe ag LoveLeabharGaeilge, feachtas a chuireann leabhair nuafhoilsithe Gaeilge chun cinn.
Is iad na leabhair atá ainmnithe do dhuais na bliana seo ná Múscail a Ghiorria (Arlen House) le Eithne Ní Ghallchobhair; An Diabhal Déanta (Cló Iar-Chonnacht) le Joe Steve Ó Neachtain; Cur i gCéill le Celia de Fréine (LeabhairCOMHAR); Cnámh le Eoghan Mac Giolla Bhríde (Éabhlóid); Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac) agus Éadaoin le Diarmuid Johnson (Leabhar Breac).
Grúpa moltóirí a roghnóidh an buaiteoir a fhógrófar ar an 25 Samhain.
Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird a bhuaigh an duais anuraidh.
Ba é Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson a bhuaigh an duais do Leabhar Gaeilge na Bliana ag gradaim litríochta An Post in 2018, an chéad bhliain gur bronnadh í.