Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-cead-pleanala-faighte-ag-an-gceoltoir-aitheanta-breanndan-o-beaglaoich-tar-eis-15-bliain

Cead pleanála faighte ag an gceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich tar éis 15 bliain

| Tuairisc.ie | ,

Tá scéal faighte ag an gceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich go bhfuil cead pleanála faighte aige chun teach a thógáil i gCorca Dhuibhne.

Tá an Beaglaoch 15 bliain ag fanacht ar chead pleanála a fháil ó Chomhairle Contae Chiarraí chun teach a thógáil ar shuíomh leis féin i mBaile na bPoc i bParóiste Mórdhach agus thosaigh sé feachtas chun aird a tharraingt ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus faoin tuath.

Deir Ó Beaglaoich go bhfuil cead pleanála anois faighte aige chun teach aon urláir a thógáil ar an láthair tar éis dó achomharc a dhéanamh leis an gComhairle Contae.

“Ualach dem chroí is ea é,” arsa Ó Beaglaoich, “agus is dóigh gur ualach de chroí na háite is ea é go bhfuil deis anois ag muintir na háite, go háirithe an ghlúin óg, maireachtaint sna bailte inar rugadh agus a tógadh iad.”

Agus é ag labhairt ar chlár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, rinne Ó Beaglaoich cur síos ar an scéal fadálach agus an tionchar a bhí aige air.

“Chailleas codladh na hoíche go minic mar gheall air seo agus chailleas a lán oícheanta codlata mar gheall air,” a dúirt sé.

Maidir leis an gcostas a bhain le lorg na gceadúnas agus na n-achomharc, dúirt Ó Beaglaoich go bhfuil ar “a laghad €20,000 nó €25,000 caite le haer an tsaoil nach gcífidh mé go deo arís”.

Dúirt sé gur tugadh le fios sa litir a fuair sé go raibh treoracha Chomhairle Contae Chiarraí féin sáraithe acu maidir le cead pleanála sa Ghaeltacht.

“Tá sé go diail go bhfaca an bord pleanála réasún faoi dheireadh thiar. Le cúnamh Dé, cabhróidh sé seo leis an nGaeltacht.”

Dúirt Ó Beaglaoich nach bhfuil aon seanbhlas aige ar an gComhairle Contae mar thoradh ar an scéal agus go neartófar cás mhuintir na Gaeltachta atá ag iarraidh a dtithe féin a thógáil.

“Le cúnamh Dé, féachfaidh Comhairle Contae Chiarraí go dian air seo, ar mhaithe linne. Ní hiad ár naimhde iad, níor chóir gurb iad ár naimhde iad.”

Cé go bhfuil a chead pleanála féin faighte aige, dúirt Ó Beaglaoich go gcaithfear leanúint ar aghaidh leis an bhfeachtasaíocht ar son mhuintir na Gaeltachta agus na tuaithe.

“Caithfimid gluaiseacht ar aghaidh anois agus caithfimid an cath seo a throid níos mó, go háirithe an ghlúin óg atá ag iarraidh maireachtaint anseo.

“Má tá aon seans scoileanna Gaelainne a bheith anseo. Má tá aon seans foirne caide agus rugbaí agus sacair agus mar sin. Má tá aon seans ag an dtuath a bheith beo,” a dúirt Ó Beaglaoich.

“Tá deis againn seans a thabhairt don Ghaeltacht, seans a thabhairt don dtuath, na rialacha a athrú ar ár son.”

Níos mó