Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-500,000-radharc-bainte-amach-ag-an-ngaeltokt

500,000 radharc bainte amach ag an nGaeltokt

| Maitiu O Coimin |

Bhain an ceathrar atá i mbun an chuntais TikTok ‘An Ghaeltokt’ cloch mhór mhíle amach ag an deireadh seachtaine agus a lucht leanta tar éis breathnú ar na míreanna gairide físe a chrochtar ar an gcuntas 500,000 uair.

Cruthaíodh an leathanach TikTok do chainteoirí Gaeilge i lár mhí na Bealtaine agus an tír uilig faoi dhianghlasáil den chéad uair. Ó shin i léith tá na céadta físeán “greannmhar, eolasach agus topaiciúil” i nGaeilge a chuir amach, agus lucht mór leanta a mhealladh chuige féin. 

Is iad Ruairí Egan, as Baile Átha Cliath, Póilín Nic Géidigh agus Conor Ó Luadhóg as Tír Chonaill, agus Leah Ní Mhurchú as Muineachán a riarann an cuntas a mbíonn na céadta ag breathnú air gach uile lá. 

“Táimid fós ag fiafraí dínn féin cén fáth a bhfuil an tóir mhór seo ag an oiread sin daoine ar an leathanach s’againne, tá iontas orm féin go bhfuil rath chomh mór sin air. Bhí cúpla sprioc againn nuair a bhunaigh muid an cuntas i mí na Bealtaine, an phríomhsprioc ná go mbainfí taitneamh as na físeáin ach nach mbeifí ag tarraingt air don teanga amháin. 

“Níor theastaigh uainn a bheith ag caint faoin modh coinníollach, na coláistí samhraidh agus rudaí eile mar sin. Bímid ag caint faoi rud ar bith, gan aon bhéim mhór ar an teanga, agus bíonn na físeáin greannmhar agus spreagúil — b’in é an rud ba mhó a theastaigh uainn,” a dúirt Ruairí Egan le NÓS. 

Físeán a rinne Ruairí féin atá ar an gceann is mó radharc i láthair na huaire, jóc dátheangach atá an-simplí ach a thaitníonn go mór le lucht úsáide TikTok. 

“An ceann is mó go dtí seo ná físeán a rinne mé féin. Tá sé aisteach mar is iad na físeáin a dhéanaimse is lú a mbíonn tóir orthu ar an meán, ach tá os cionn 95,000 radharc ar an gceann a chuir mé amach agus an seanjóc sin agam ann faoi ‘I forgot the Irish for ‘I fell’ and then it thit me’,” a mhínigh Ruairí. 

Meallann na físeáin go leor tráchtanna ó phobal na Gaeilge agus ó dhaoine nach bhfuil Gaeilge ar bith acu. Dúirt Ruairí go mbíonn idir mholadh mór agus cháineadh géar le léamh sna tráchtanna céanna ach gur beag aird a thugann an ceathrar TikTokaithe ar na tuairimí gránna. 

“Faigheann muid neart tráchtanna ag ceartú na gramadaí, fiú nuair nach mbíonn an ghramadach mícheart againn, nó daoine ag rá gur fuath leo an teanga, ach faigheann muid an-chuid tráchtanna atá an-deas freisin. Thosaigh roinnt mhaith daoine dár leanúint cé gurbh fhuath leo an Ghaeilge ar scoil, ach atá anois ag baint taitnimh aisti ar an gcuntas Gaeltokta. 

“Ní raibh mórán Gaeilge le feiceáil ar TikTok nuair a thosaigh muid amach, ach tháinig fás mór ar an aip ó shin agus tá i bhfad níos mó físeán i nGaeilge anois ann. Ta ár leathanaigh féin againn, agus leathanaigh ag daoine eile le Gaeilge agus bímid go léir á labhairt ar an aip. Is ardán sóisialta é agus dála gach ardán eile sóisialta ní raibh le déanamh ach fanacht ar na Gaeil a theacht,” a dúirt Ruairí. 

Cé gur dírithe ar an gcraic agus an spraoi atá an Ghaeltokt, tapaítear an deis ann ruainne beag foghlama a dhéanamh agus bíonn ceacht Gaeilge ann uair sa tseachtain ar an gcuntas. 

“Déanaimid iarracht a bheith eagraithe, bíonn cruinniú againn uair sa tseachtain faoi na físeáin a chuirfimid amach ar an gcuntas agus leagaimid plean síos le haghaidh gach rud. Gach Céadaoin bíonn ceacht againn — stór focal, gramadach nó ceol den chuid is mó.

“Cé gur leathanach spraíúil atá ann, bíonn neart eagarthóireachta agus go leor oibre le déanamh agam sula gcuirtear na míreanna in airde. Is aon nóiméad amháin ar a mhéid a bhíonn i gceist le TikTok ach is minic nach mbíonn na TikTokanna is fearr níos faide ná 15 soicind,” a mhínigh Ruairí. 

Is féidir TikTokaithe na Gaeltokta a leanacht anseo agus cabhrú leo a sprioc “milliún radharc a bhaint amach roimh Fhéile na Gealaí 2021” a chur i gcrích!

Níos mó