Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-bailchrioch-a-cur-ar-phlean-athoscailte-na-tire

Bailchríoch á cur ar phlean athoscailte na tíre

| Tuairisc.ie | ,

Tá bailchríoch á cur ag an Rialtas ar a bplean an tír a oscailt arís i ndiaidh tréimhse sé seachtaine dianghlasála.

Amárach a dhéanfaidh na hairí rialtais an cinneadh deiridh faoin bplean díchuibhrithe agus iad ag súil lena thuilleadh fianaise tráthnóna gur ag dul i ndísc atá an galar i gcónaí.

269 cás nua den choróinvíreas a dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna inné, an triú lá as a chéile a raibh níos lú ná 300 cás nua le fógairt acu. Fógraíodh go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe.

Bhí cruinniú inné ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí chun a shocrú cén chomhairle a chuirfidh siadsan ar an Rialtas.

Ach ba léir go raibh cinneadh déanta cheana ag an Rialtas faoin gcur chuige a bheadh acu agus go mbeifear ag scaoileadh na dianghlasála de réir a chéile, ag tosú an tseachtain seo chugainn le hathoscailt na siopaí, na n-ionad aclaíochta agus na ngruagairí.

Tá sé i gceist na srianta a mhaolú ar feadh coicíse aimsir na Nollag chun cead a thabhairt do dhaoine taisteal ó bhaile le cuairt a thabhairt ar thithe daoine eile.

Cé nach dócha go mbainfear amach sprioc NPHET go mbeadh níos lú ná 100 cás sa lá ann roimh dheireadh na míosa, údar uchtaigh don Rialtas a bhí sna figiúirí ionas go bhféadfaí na srianta a scaoileadh go sábháilte sna seachtainí amach romhainn.

Mar sin féin, thug an Tánaiste, Leo Varadkar, rabhadh eile inné go mb’fhéidir go mbeadh gá le tréimhse ghairid dianghlasála eile arís sa bhliain nua.

269 cás nua den choróinvíreas fógartha, an dara ráta scaipthe is ísle sa stát i gCiarraí

Meastar gur trí chéim a bheidh i bplean díchuibhrithe an rialtais a fhógrófar amárach.

Chomh maith le hathoscailt na siopaí, na n-ionad aclaíochta agus na ngruagairí, cuirfear deireadh leis an gcosc taistil 5 ciliméadar ach beidh ar dhaoine fanacht ina gcontaetha féin.

Meastar gur faoin dara céim den phlean díchuibhrithe a thabharfar cead athoscailte do bhialanna agus tithe tábhairne a mbíonn bia ar fáil iontu.

Shéan an Tánaiste go raibh cinneadh déanta cheana féin nach mbeadh cead oscailte ag tithe tábhairne agus bialanna go dtí an dara céim den phlean díchuibhrithe.


Shéan an Tánaiste Leo Varadkar go raibh cinneadh déanta cheana féin nach mbeadh cead oscailte ag tithe tábhairne agus bialanna go dtí an dara céim den phlean díchuibhrithe.

Le linn an tríú céim, níos gaire don Nollaig, beidh cead ag daoine taisteal lasmuigh dá gcontaetha agus beidh cuairteanna tí ceadaithe arís.


De réir tuairiscí, d’fhéadfadh go mairfeadh an maolú ar na srianta ón 18 nó an 19 Nollaig go dtí an 3 Eanáir agus beidh cead chun an tí ag trí theaghlach.

Scaipfear eolas go luath faoi conas teacht le chéile sábháilte a eagrú don Nollaig.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar chomh maith go gcuirfí na srianta i bhfeidhm arís dá mbeadh ardú ar ráta scaipthe an ghalair.


Amárach a fhógrófar plean díchuibhrithe an Rialtais.

Sa Tuaisceart agus i Sasana beidh cead ag trí theaghlach cuairt a thabhairt ar theaghlach eile amach sa mhí seo chugainn chun deis a thabhairt do dhaoine ceiliúradh a dhéanamh ar an Nollaig i dteannta a chéile.

Ní mhairfidh an cead sin ach cúig lá – idir an 23-27 Nollaig – ach dúirt Varadkar gur coicís atá i gceist ag an Rialtas anseo toisc ráta scaipthe an ghalair a bheith níos ísle sna 26 contae.

Níos mó