Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-rialtas-agus-nphet-in-adharca-a-cheile-agus-plean-dighlasala-le-fogairt

An Rialtas agus NPHET in adharca a chéile agus plean díghlasála le fógairt

| Tuairisc.ie | ,

Fógróidh an Rialtas inniu a bplean do mhaolú na srianta Leibhéal 5 agus d’athoscailt an stáit an mhí seo chugainn.

Is í comhairle NPHET don Rialtas nár chóir cead a thabhairt do bhialanna agus tithe tábhairne ach seirbhís beir leat a chur ar fáil i rith mhí na Nollag ar fad.

Bhí tuairiscí ann aréir nach nglacfadh an Rialtas leis an gcomhairle sin agus go raibh fonn orthu cloí lena bplean díchuibhrithe trí chéim.

Tuairiscítear chomh maith go rabhthas ag plé cead a thabhairt do cheithre líon tí teacht le chéile faoin aon díon amháin an Nollaig seo.

Tá sé i gceist ag an Rialtas cead a thabhairt do bhialanna agus tithe tábhairne a bhfuil cistineacha acu oscailt mar chuid den dara céim de phlean díchuibhrithe na Nollag.

Tá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ar son cur chuige i bhfad níos coimeádaí ná mar atá á bheartú ag an Rialtas ó thaobh scaoileadh na dianghlasála de agus chuir baill NPHET an méid sin in iúl d’airí rialtais aréir.

Tá imní ar NPHET go háirithe faoi chuairteanna tí a bheith ceadaithe agus bialanna agus tithe tábhairne a bheith oscailte ag an am céanna.

Is é an cur chuige a fhógróidh an Rialtas go mbeifear ag scaoileadh na dianghlasála de réir a chéile, ag tosú an tseachtain seo chugainn le hathoscailt na siopaí, na n-ionad aclaíochta agus na ngruagairí.


Tá sé i gceist go gcuirfear deireadh an uair sin chomh maith leis an gcosc taistil 5 ciliméadar ach beidh ar dhaoine fanacht ina gcontaetha féin.

Le linn an tríú céim, níos gaire don Nollaig, beidh cead ag daoine taisteal lasmuigh dá gcontaetha agus beidh cuairteanna tí ceadaithe arís.

De réir tuairiscí, d’fhéadfadh go mairfeadh an maolú ar na srianta ón 18 nó an 19 Nollaig go dtí an 3 Eanáir.

Scaipfear eolas go luath faoi conas teacht le chéile sábháilte a eagrú don Nollaig.

Cé nach mbainfear amach sprioc NPHET go mbeadh níos lú ná 100 cás sa lá ann roimh dheireadh na míosa, údar uchtaigh don Rialtas na figiúirí a bheith ag titim ionas go bhféadfaí na srianta a scaoileadh go sábháilte sna seachtainí amach romhainn.

335 cás nua den Covid-19 a dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna inné, an chéad uair le ceithre lá gur fógraíodh níos mó 300 cás.

Triúr eile atá básaithe de dheasca an ghalair.

Thit ráta coicíse an ghalair arís agus 104 cás in aghaidh gach 100,000 duine an meánráta náisiúnta.

246 othar a bhfuil an aicíd orthu atá sna hospidéil agus 36 acusan atá in aonad dianchúraim.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt, mar ar tháinig srianta nua isteach ag meán oíche aréir, go raibh ochtar eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

431 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 39 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 99% de na leapacha ansin lán inné.

Níos mó