Tá obair ar bun chun stádas mar chraoltóir seirbhíse poiblí i dTuaisceart Éireann a bhaint amach do TG4, mar atá ag S4C sa Bhreatain Bheag agus ag BBC Alba in Albain.
Is faoi Rialtas na Breataine atá sé an stádas a bhronnadh ar TG4.
Tá an stádas á lorg ag TG4 chun áit níos feiceálaí ar Ardán Freeview i dTuaisceart Éireann. Táthar ag iarraidh go mbogfaí an cainéal ón áit atá acu faoi láthair ar chainéal 52 go dtí cainéal 8.
Thug Digital UK, a chuireann Freeview ar fáil, le fios do TG4 gurb í an Roinn Cultúir, Meán agus Spóirt sa Bhreatain atá freagrach as a leithéid d’ainmniúchán. Is féidir leis an Rúnaí Stáit cainéil a chur le liosta na gcainéal seirbhíse poiblí le hOrdú Reachtúil.
Tá TG4 anois chun dul i gcomhairle leis an Roinn Cultúir, Meán agus Spóirt sa Bhreatain sa bhliain nua in iarracht stádas mar chraoltóir seirbhíse poiblí a bhaint amach.
Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin, Niall Ó Donnghaile, go mbeadh sé i dteagmháil lena chomhghleacaithe sna sé chontae chun cás TG4 a chur chun cinn.
Dúirt Ó Donnghaile go raibh sé tábhachtach go mbeadh sé níos éasca teacht ar an stáisiún Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
“Tá lucht féachana iontach mór ag TG4 sna sé chontae, tá’s agam sin ó bheith mar chuid den phobal Gaelach. Fiú daoine nach bhfuil Gaeilge acu, molann siad na cláracha faisnéise agus a leithéid.
“Is féidir le TG4 mar stáisiún cur leis an lucht féachana atá acu faoi láthair má dhéanann siad níos mó oibre agus má dhéanann sé níos éasca do dhaoine idirghníomhú a dhéanamh leo.”
Dúirt Ó Donnghaile gur léiriú eile a bhí sa scéal ar na fadhbanna a bhíonn ag muintir an Tuaiscirt teacht ar ábhar a chraoltar ó dheas den teorainn.
“Sílim go gcaithfear a leithéid seo, an bac atá ar dhaoine sna sé chontae dul isteach ar chomórtais RTÉ agus an fhadhb níos ginearálta atá ann ó thaobh geoblocking, sílim go bhfuil orainn dearcadh níos leithne a bheith againn chun na neamhréireanna seo atá ag teacht chun cinn an t-am ar fad a réiteach.”